DC09

Cásbhainistiú in imeachtaí cúram leanaí

Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath

  1. Príomhchuspóir

1.1 Is é príomhchuspóir na treorach cleachtais seo ná cur ar chumas na cúirte déileáil le gach cás ar bhealach atá cóir, éifeachtúil agus cost-éifeachtúil agus, go háirithe na nithe seo a leanas a chinntiú:

  1. Go bhfuil sábháilteacht agus leas an linbh nó an duine óig, ábhar do na himeachtaí ríthábhachtach i ngach cinneadh agus treoir a dhéantar maidir le seoladh an cháis
  2. Go ndéileáiltear leis go gasta agus go cothrom;
  3. Go ndéileáiltear leis ar bhealach atá comhréireach le cineál, tábhacht agus castacht na saincheisteanna;
  4. Go bhfuil na páirtithe ar comhchéim; agus
  5. Go leithdháilfear uirthi cuid chuí d’acmhainní na cúirte agus an gá atá le hacmhainní a leithdháileadh ar chásanna eile á gcur san áireamh.

1.2 Tabharfaidh an chúirt éifeacht don phríomhchuspóir nuair a léirmhíníonn sí foráil na treorach cleachtais seo, ach ní chuireann an treoir chleachtais teorainn nó isteach ar aon bhealach ar chumhachtaí agus discréid an bhreithimh faoi na hAchtanna um Chúram Leanaí 1991-2011 (agus leasuithe ar an Acht sin ina dhiaidh sin) agus Rialacha na Cúirte Dúiche (dá ngairtear RCD anseo feasta) go ginearálta nó i gcás áirithe.

  1. Ach Amháin in Imthosca Eisceachtúla

2.1 Ba cheart éisteacht na n-imeachtaí sin a thabhairt chun críche sa chúirt seo laistigh de naoi mí go bliain amháin ón dáta tosaithe nó níos luaithe i gcásanna cuí.

2.2 Ba cheart don Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (dá ngairtear GLT anseo feasta) aird a thabhairt ar Phrionsabail an Dea-Chleachtais um Chosaint Leanaí atá sa Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí (2017) roimh imeachtaí a thionscnamh.

2.3 Ba cheart go mbeadh deis ag na páirtithe dul i mbun plé tairbheach a luaithe is féidir.

  1. Ionadaíocht Dhlíthiúil

3.1 Féachfaidh an GLT le gach freagróir beartaithe a chur ar an eolas maidir lena theidlíocht chun comhairle dhlíthiúil a fháil agus ionadaíocht a fháil dó i ndáil leis na hábhair a bheartaítear a thabhairt os comhair na Cúirte. Ba chóir freagróirí a chur ar an eolas faoi

  • a dteidlíocht iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil sibhialta
  • a dteidlíocht go dtabharfaidh Ionaid Dlí tosaíocht dá n-iarrata(i)s.

agus ina leith seo ba chóir don GLT seoladh agus uimhir theileafóin na nIonad Dlí go léir i gceantar Cúirte Dúiche Cathrach Bhaile Átha Cliath a thabhairt do na freagróirí beartaithe.

3.2 Ba chóir tacaíochtaí atá ar fáil chun leochaileachtaí féideartha a shárú maidir le ceisteanna cumais, litearthachta, céad teanga srl. a chur in iúl do fhreagróirí beartaithe a luaithe agus is féidir.

3.3 Gan dochar d’alt 3.1 tá aon fhreagróir ar mian leo dul ar aghaidh gan ionadaí dlí fós i dteideal é sin a dhéanamh.

3.4 I gcás go dtagann ionadaí dlí do pháirtí ar an eolas faoi aon imthosca a d’fhéadfadh go mbeadh gá le cúnamh breise a sholáthar chun bacainní a chuireann bac ar rochtain ar an gcóras cúirte ag daoine faoi mhíchumas coirp, meabhrach nó céadfach, féadfaidh an t-ionadaí dlí iarratas a chur isteach chuig an gcúirt ar fhógra ar threoracha.

  1. Caomhnóir Ad Litem don Leanbh

4.1 I gcás inar deimhin leis an gcúirt go bhfuil sé ar mhaithe leis an leanbh agus ar mhaithe leis an gceartas Caomhnóir ad Litem a cheapadh in imeachtaí iomchuí agus i gcás nach páirtí an leanbh lena mbaineann na himeachtaí, féadfaidh an chúirt Caomhnóir ad Litem a cheapadh chun mianta, mothúcháin agus leasanna an linbh a bhunú go neamhspleách agus iad a chur i láthair na cúirte le moltaí.

4.2 Soláthrófar don Chaomhnóir ad Litem, de réir mar is cuí, rochtain ar gach iarratas chun na cúirte agus ar gach comhad, meabhrán agus nótaí GLT maidir leis an leanbh.

  1. Rannpháirtíocht Dhíreach, Stádas Páirtí agus Ionadaíocht an Linbh

5.1 I gcás ina ndéanfaidh leanbh iarratas ar a bheith i láthair le linn na héisteachta nó le linn cuid ar leith d’éisteacht na n-imeachtaí, ba cheart an t-iarratas sin a thabhairt ar aird na cúirte chun go mbreithneofar an t-iarratas laistigh de pharaiméadair alt 30 (2) den Acht um Chúram Leanaí, 1991 arna leasú (dá ngairtear Acht 1991 anseo feasta).

5.2 Féadfaidh an chúirt a ordú go soláthrófar tuarascáil de bhun alt 27(1) d’Acht 1991 chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal aibíochta an linbh agus ar a gcumas cinntí neamhspleácha uathrialacha a dhéanamh maidir lena gcúram agus lena leas i gcomhthéacs na n-imeachtaí.

5.3 Tar éis don chúirt breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas

  1. Aois an linbh
  2. Leibhéal tuisceana an linbh;
  3. Mianta an linbh
    agus
  4. Imthosca an cháis lena n-áirítear aon tuarascáil mar atá leagtha amach i mír 5.2

agus más deimhin léi gur gá, ar mhaithe leis an leanbh agus ar mhaithe leis an gceartas, leanbh a bheith mar pháirtí sna himeachtaí nó i gcuid áirithe de na himeachtaí, féadfaidh sí é sin a dhéanamh.

5.4 Féadfaidh an chúirt aturnae a cheapadh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an leanbh sna himeachtaí agus treoracha a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgais (lena n-áirítear, más gá, treoracha maidir le habhcóide a threorú).

5.5 Tá ionadaí dlí an linbh faoi réir na gceanglas eitice is infheidhme maidir le gach aturnae agus abhcóide, agus ní mór dó ionadaíocht a dhéanamh ar threoracha an chliaint sna himeachtaí.

  1. Imeachtaí a Sheirbheáil agus a Chomhdú.

6.1 Ní mór go gcloífidh seirbheáil agus comhdú na ndoiciméad agus na hiarratais chúirte go léir le rialacha an RCD arna leasú ó am go chéile chomh maith le Rialachán CE 2201/2003 agus Rialachán CE 1393/2007 nuair is infheidhme.

6.2 Sula seirbheálfar imeachtaí nó fógra faoi imeachtaí ar fhreagróir i dtír neamh-AE, déanfar iarratas ar chead chun na himeachtaí a sheirbheáil lasmuigh den dlínse arna dhéanamh ex parte agus beidh mionnscríbhinn mar thaca leis, i gcomhréir leis na RCD.

6.3 Déanfar seirbheáil imeachtaí nó fógra faoi imeachtaí faoin Acht um Chosaint Leanaí (Coinbhinsiún na Háige), 2000 de réir Rialacha na Cúirte Dúiche (Coinbhinsiún na Háige 1996), 2011.

6.4 Déanfar cóipeanna de gach iarratas chun na cúirte, de gach páipéir tionscnaimh agus de na tuarascálacha cúirte go léir a chur ar ríomhphost chuig an gCúirt i dteannta iad a chomhdú i gcomhréir leis na RCD.

6.5 Níltear ag súil go ndéanfaidh dlíthithe pearsanta páipéir a chomhdú trí ríomhphost.

6.6 I gcúinsí ina bhfuil an GLT tar éis cúram linbh nó duine óig a ghlacadh faoi alt 12(3) d’Acht 1991 déanfaidh sí gach dícheall chun an tuismitheoir nó na tuismitheoirí a bhfuil coimeád an linbh nó an duine nó na daoine atá ag gníomhú in loco parentis acu a chur ar an eolas láithreach go bhfuil oibleagáid reachtúil ar an GLT iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt ar ordú cúraim éigeandála de bhun alt 13(3) d’Acht 1991 mura gcinneann sé an leanbh/na leanaí a thabhairt ar ais dá gcúram. Ina theannta sin, cuirfidh an GLT comhairle orthu gur cheart dóibh comhairle dlí agus ionadaíocht a lorg láithreach mar atá leagtha amach i mír 3.

  1. Nochtadh agus Follasú

7.1 Comhlíonfaidh gach iarratas ar nochtadh/follasú Ordú 45 B de RCD IR 17/2014.

7.2 I gcás nach bhfuil ionadaíocht ag páirtí ó chleachtóir dlí, is í an GLT a sholáthróidh rochtain ar dhoiciméid agus ní fhéadfar grianghraf a ghlacadh de dhoiciméid den sórt nó iad a chóipeáil ná a bhaint gan cead ón gcúirt.

7.3 Cuirfear doiciméid a ghlacfar ina bhfianaise le linn na n-imeachtaí ar fáil lena gcur ar ais chuig an táirgeoir ag deireadh na n-imeachtaí agus scriosfar iad ag oifig na cúirte 56 lá tar éis na himeachtaí a thabhairt chun críche mura rud é go bhfuil socruithe déanta le hOifig na cúirte chun na doiciméid a bhailiú.

  1. Cásbhainistiú

8.1 Léireoidh Éisteachtaí Cásbhainistíochta i gcúrsaí Cúraim Leanaí an próiseas agus na nósanna imeachta atá leagtha amach in Ordú 49A RCD mar atá leagtha amach in IR 17/2014 mura n-athraítear a mhalairt sa Treoir Chleachtais seo.

8.2 Roimh an gcéad Éisteacht Cásbhainistíochta, déanfaidh an Chúirt in aon chás a bhfuil gné idirnáisiúnta aige aon saincheisteanna dlínse a éireoidh ar dháta arna leithroinnt ag an gcéad éisteacht iarratais a liostú agus a éisteacht.

8.3 Tá dualgas roinnte ar na páirtithe go léir a mheas a luaithe is féidir agus go leanúnach le linn na n-imeachtaí an bhféadfadh aon ghné idirnáisiúnta a bheith ag an gcás agus cuirfidh siad in iúl don chúirt a luaithe is féidir go bhfuil aon eilimint idirnáisiúnta den sórt sin ann.

  1. Éisteacht Cásbhainistíochta 1

9.1 Díreach tar éis chinneadh an dara hOrdú ag síneadh Ordú Cúraim Eatramhaigh faoi Alt 17(2) d’Acht 1991, déanfar an cás a liostú os comhair na Cúirte le haghaidh Éisteacht Cásbhainistíochta (CMH1) chun déileáil inter alia le:

  • cineál na saincheisteanna atá faoi dhíospóid agus a shuíomh an féidir na saincheisteanna sin a réiteach,
  • cibé an gá don Chúirt saincheisteanna fíorasacha (líomhaintí faoi dhíospóid) a chinneadh;
  • dearbhú go bhfuil gach tuairisc ábhartha go dtí seo faighte srl;
  • liosta a dhéanamh de mheasúnuithe agus tuarascálacha a mheastar a bheith riachtanach chun an t-iarratas a bhunú le sonraí maidir le hinfhaighteacht maoinithe, amchlár lena chríochnú etc

9.2 Soláthróidh an GLT, roimh CMH 1, Plean Cúraim Achoimre mar atá leagtha amach in Aguisín 1 do na tuismitheoirí/caomhnóirí, na haturnaetha do na tuismitheoirí/caomhnóirí agus don Chaomhnóir ad Litem a ceapadh don leanbh ceithre lá ar a laghad roimh CMH 1 agus déanfar é sin a chomhdú sa chúirt 48 uair an chloig ar a laghad roimh CMH1.

9.3 Sainaithneoidh an GLT an bhfuiltear ag iarraidh brath ar fhianaise chlostráchta linbh de bhun Chuid III d'Acht na Leanaí, 1997 agus aon saincheisteanna fianaise eile a thagann chun cinn;

9.4 I gcás ina gceanglaítear go réasúnach ar shaineolaí nó ar shaineolaithe na himeachtaí a réiteach agus go dtabharfar treoir don saineolaí sin i gcomhpháirt, ba cheart téarmaí tagartha an tsaineolaí a chomhaontú roimh CMH1 agus an scála ama inar féidir tabhairt faoin obair ábhartha a dheimhniú chomh maith le hinfhaighteacht an tsaineolaí chun fianaise a thabhairt in éisteacht.

9.5 Ní mór don litir treorach do shaineolaí comhairle a chur in iúl don saineolaí go bhfuil sé de dhualgas ar shaineolaithe cabhrú leis an gcúirt ar ábhair laistigh dá saineolas. Sáraíonn an dualgas seo aon oibleagáid atá ar an duine óna bhfuair saineolaithe treoracha nó cibé duine a íocann iad.

9.6 Cruthóidh Cléireach na Cúirte taifead ar na Treoracha Cásbhainistíochta a eascraíonn as CMH1 agus beidh sé ar fáil do pháirtithe ar iarratas ó Oifig na Cúirte.

  1. Éisteacht Cásbhainistíochta 2

10.1 Díreach tar éis cinneadh a dhéanamh ar an tríú Ordú ag síneadh Ordú Cúraim Eatramhaigh liostófar an cás os comhair na Cúirte d’Éisteacht Cásbhainistíochta bhreise (CMH2). Roimh CMH 2 tabharfaidh na Freagróirí fógra don GLT, don Chaomhnóir ad Litem agus don Chúirt cibé acu a bheartaítear agus a mhéid a bheartaítear:

  1. Díospóid a dhéanamh faoi na critéir tairsí reachtacha ábhartha chun an tOrdú atá á lorg ag an GLT a dhéanamh,
  2. Méid an chomhaontaithe/easaontaithe maidir le hábhar na n-ábhar a nochtar;
  3. Cibé an bhfuil gá le nochtadh/follasú bhreise nó tuarascálacha agus an chúis atá leis an nochtadh breise sin.
  4. Má tá finnéithe le glaoch ag an bhFreagróir(na Freagróirí) agus ar tugadh treoir dóibh mar atá leagtha amach i 9 thuas;
  5. a aithint an bhfuiltear ag iarraidh brath ar fhianaise chlostráchta linbh de bhun Chuid III d'Acht na Leanaí, 1997 agus aon saincheisteanna fianaise eile a thagann chun cinn;
  6. Aon Treoracha agus/nó Orduithe réamhéisteachta eile atá ag teastáil.

10.2 Cruthóidh Cléireach na Cúirte taifead ar na Treoracha Cásbhainistíochta a eascraíonn as CMH 2 agus beidh sé ar fáil do pháirtithe ar iarratas ó Oifig na Cúirte.

  1. Freastal ar Éisteacht Cásbhainistíochta

11.1 Áiritheoidh an t-aturnae agus/nó an t-abhcóide a bheidh ag freastal ar CMH go bhfuil a dhóthain ar eolas aige nó aici faoi na himeachtaí chun go mbeidh sé nó sí in ann aitheasc iomlán a thabhairt don chúirt ar gach gné ábhartha de na himeachtaí; agus go bhfuil údarás aige nó aici ón bpáirtí a ndéanann sé nó sí ionadaíocht air nó uirthi déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an CMH.

11.2 I gcás ina ndéanann aturnae agus abhcóide ionadaíocht thar ceann páirtí ní gá ach duine amháin de na comhairleoirí dlí sin a bheith i láthair.

  1. Cásbhainistiú: Cás le hÉisteacht a Liostú

12.1 Ní leithdháilfear dáta éisteachta ar imeachtaí ach amháin nuair is deimhin leis an gcúirt, ag féachaint d’uiríll na bpáirtithe agus a mhéid a dhéantar dul chun cinn sna himeachtaí, go bhfuil a dhóthain dul chun cinn déanta sna himeachtaí ionas go bhfuil sé iomchuí dáta éisteachta a leithdháileadh orthu.

12.2 Breithneoidh an chúirt ar comhlíonadh treoracha uile na cúirte ó CMH1 agus CMH 2 (lena n-áirítear aon ordachán go bhfreastalódh na páirtithe ar chomhdháil um réiteach malartach díospóidí).

12.3 Ní mór do na páirtithe a chur in iúl don chúirt ainmneacha na bhfinnéithe agus a gcáilíochtaí gairmiúla agus líon agus infhaighteacht na bhfinnéithe is gá don chroscheistiú, agus na saincheisteanna atá faoi dhíospóid.

12.4 I gcás go nglaofar níos mó ná finné saineolach amháin chun fianaise a thabhairt i ndáil le saincheist nó saincheisteanna áirithe, féadfaidh an Chúirt a ordú d’aon fhinnéithe saineolacha dul i gcomhairle lena chéile laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Chúirt chun

  1. na saincheisteanna a bhfuil sé beartaithe acu fianaise a thabhairt ina leith a shainaithint,
  2. nuair is féidir, teacht ar chomhaontú maidir leis an bhfianaise atá beartaithe acu a thabhairt i leith na saincheisteanna sin, agus
  3. aon ní a bhreithniú a fhéadfaidh an Chúirt a ordú dóibh a bhreithniú,

agus a cheangal go ndéanfaidh finnéithe den sórt sin taifead i meabhrán a bheidh le cur faoi bhráid Chléireach na Cúirte Dúiche go comhpháirteach acu agus a sheachadfaidh siad do na páirtithe, sonraí faoi thoradh a gcomhchomhairliúcháin, laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Chúirt, ar choinníoll nach bhféadfaidh aon toradh den sórt sin a bheith ina cheangal ar na páirtithe ar bhealach ar bith.

12.5 Ní mór do gach páirtí an chúirt a chur ar an eolas faoi ábhar ar bith a d’fhéadfadh moill a chur ar an éisteacht nó fad a chur leis agus sceideal réalaíoch a sholáthar don chúirt d’éisteacht na gníomhaíochta, bunaithe ar thuairim réasúnaithe eolach.

  1. Cásbhainistiú: Seicliosta

13.1 I ngach cás a liostaítear le héisteacht faoi alt 18 ní mór don GLT fillteán nó fillteáin A4 a chomhdú sa chúirt ina bhfuil na doiciméid seo a leanas atá i gceangal leis 28 lá ar a laghad roimh an éisteacht

  1. Achoimre ar an iarratas
  2. Cóip de theastas breithe an linbh;
  3. Cóip de theastais ábhartha eile;
  4. Croineolaíocht d'orduithe agus cinntí cúirte roimhe seo (más ann dóibh);
  5. Cóipeanna de gach measúnú agus tuairisc atá ar fáil don GLT maidir leis an leanbh;
  6. Tuarascálacha agus taifid ábhartha eile (m.sh.; doiciméid sláinte agus oideachais/inimirce);
  7. Miontuairiscí agus taifid ríthábhachtacha na GLT maidir leis an leanbh (lena n-áirítear taifead plé straitéise/taifid cás-chomhdhála);
  8. Géanagram de chairt bhallraíochta teaghlaigh/teaghlaigh leathnaithe;
  9. An plean cúraim de bhun S.I Uimh. 260 de 1995 nó Foirm Mheasúnaithe Riachtanas Fágála Cúraim agus Plean um Ullmhú le haghaidh Cúram a Fhágáil, nó Plean Iarchúraim.

13.2 I ngach cás atá liostaithe le héisteacht faoi alt 18 ní mór don GAL fónamh ar an nGníomhaireacht agus ar an bhFreagróir (na Freagróirí) agus a thuarascáil deiridh a chomhdú sa chúirt 21 lá ar a laghad roimh an éisteacht.

13.3 I ngach cás atá liostaithe le héisteacht faoi alt 18 ní mór don Fhreagróir(í) na nithe seo a leanas a chomhdú sa chúirt ar a laghad 14 lá roimh an éisteacht;

  1. Tugann freagróirí freagra ar an ráiteas fíricí a chomhdaigh an GLT.
  2. Deimhnigh don Chúirt, ó thaobh an fhreagróra/na bhfreagróirí de
  1. gur déileáladh le gach ábhar ábhartha um nochtadh/follasú nó fianaise idirbhreitheach agus go bhfuil an cás réidh le héisteacht;
  2. Go ndearnadh iniúchadh iomlán ar an bhféidearthacht teacht ar chomhaontú ar roinnt saincheisteanna nó ar na saincheisteanna go léir;
  3. Go bhfuil na glancheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu ag an éisteacht deiridh agus gur nochtadh an fhianaise a thugann aghaidh ar na saincheisteanna sin;
  4. Go bhfuil gach finné saineolach, lena n-áirítear cliniceoirí leighis a bhfuil gá acu le croscheistiú, ar fáil chun freastal ar an éisteacht agus go bhfuil an t-ábhar ábhartha ar fad curtha ar fáil don fhinné.
  5. Go bhfuil gach páirtí eile curtha ar an eolas faoi na finnéithe atá ag teastáil le haghaidh croscheistiú agus an scála ama a mbeidh siad ar fáil más ábhartha
  6. Go bhfuil meastachán déanta ar an bhfad ama a theastaíonn chun scrúdú príomhfheidhmeannach agus croscheistiú a dhéanamh ar gach finné;
  1. Tuarascálacha Cúirte

14.1 Ba cheart d'ábhar tuarascálacha oibre sóisialta agus tuarascálacha Guardian ad Litem don chúirt:

  1. a bheith chomh gearr agus dírithe agus is féidir agus leagtha amach go soiléir;
  2. úsáid a bhaint as ailt uimhrithe, ceannteidil agus fo-cheannteidil agus leathanaigh uimhrithe;
  3. cothromaíocht in ábhar na dtuarascálacha don chúirt idir cur síos agus croineolaíocht chúlra agus meastóireacht, achoimre agus measúnú;
  4. idirdhealú a dhéanamh idir fíricí agus tuairimí;
  5. aird a tharraingt ar líomhaintí nach bhfuil bunús leo;
  6. níor cheart go mbeadh sna tuarascálacha deiridh ach fíricí a mbeidh bunús leo le fianaise ag an éisteacht;
  7. an fhaisnéis a thíolacadh go híogair agus ar bhealach nach gcuirfeadh leis an gcaidreamh idir na páirtithe;
  8. a bheith cothrom leis na páirtithe agus go léireoidís cothromaíocht;
  9. athrá neamhriachtanach ábhair atá ar fáil i ndoiciméid eile nó i ndoiciméid níos luaithe os comhair na cúirte a sheachaint.
  10. tagairt a dhéanamh d’aon chinneadh fíorais a rinne an Chúirt sa Tuarascáil don Chúirt don éisteacht.
  1. Glaoch Cásbhainistiú réamh-éisteachta

15.1 Beidh glaoch réamh-éisteachta ar an Aoine nach lú ná 7 lá roimh dháta na héisteachta.

15.2 Beidh an t-aturnae nó an t-abhcóide do gach ceann de na páirtithe nó, i gcás nach bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil ag páirtí, beidh an páirtí é nó í féin, i láthair.

15.3  I gcás ina measann an chúirt gur gá nó gur inmhianaithe, féadfaidh sí a ordú go bhfreastalóidh páirtí ar an nglaoch rolla.

15.4 Tabharfaidh na páirtithe breac-chuntas ar aon socruithe riachtanacha is gá d’ateangairí don éisteacht. Déanfar aon bhearta speisialta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun fianaise a thabhairt ag an éisteacht, lena n-áirítear trí nasc closamhairc agus aon bhearta is gá chun úsáid a bhaint as ciansheomra finné, a leagan amach don Chúirt ag an nglaoch rolla roimh an Éisteacht;

15.5 I gcás inarb iomchuí, léireoidh an caomhnóir ad litem cibé an gá aon socruithe a dhéanamh chun gur féidir leis an leanbh mianta a chur in iúl don bhreitheamh.+

  1. Socrú/moill ar imeachtaí

16.1 Beidh oibleagáid agus dualgas leanúnach ar gach páirtí aon ábhar a d’fhéadfadh moill a ghiorrú nó fad a chur le héisteachtaí na n-imeachtaí a thabhairt faoi bhráid na Cúirte ar fhógra a thabhairt do na páirtithe go léir a luaithe is féidir.

  1. Athbhreithniú ar Threoir Chleachtais

17.1 Déanfar éifeachtúlacht na gcleachtas thuasluaite a athbhreithniú tar éis an chéad lá d’Eanáir 2019 i gcomhairle le hionadaithe cleachtóirí dlí agus Páirtithe Leasmhara ábhartha.


AGUISÍN 1

Ba chóir go leagfaí amach go hachomair agus go gonta an plean cúraim don leanbh / duine óg na nithe seo a leanas:

⇒ An riosca/na hábhair imní líomhnaithe maidir le sábháilteacht an linbh nó an duine óig;

⇒ Méid na n-iarrachtaí a rinneadh chun teaghlaigh a athaontú

⇒ Aon tascanna is gá chun athruithe a fhianaise nó a léiriú nach mór do na tuismitheoirí/caomhnóirí a dhéanamh i dtuairim na GLT agus na frámaí ama iomchuí chuige sin chun athaontú teaghlaigh a bhaint amach;

⇒ Cineál an tsocrúcháin atá beartaithe don leanbh faoi láthair (idir eatramhach agus fhadtéarmach) agus má tá aon iarratais ar mhaoiniú riachtanach chun tacú leis an socrúchán sin.

⇒ Sa chás gur socrúchán gaolta é an socrúchán atá beartaithe de réir alt 36 d’Acht 1991 go bhfuil gach nós imeachta measúnaithe tugtha chun críche agus go bhfuil an GLT ag moladh an socrúcháin mar shocrúchán an linbh chomh fada agus a fhanann an leanbh faoi chúram na GLT.

⇒ Sa chás go bhfuil an socrúchán molta laistigh den chúram altrama ginearálta tá an socrúchán á mholadh mar shocrúchán an linbh fad a fhanann an leanbh faoi chúram na GLT. I ngach cás eile ina bhfuil an socrúchán i socrúchán altrama príobháideach nach bhfuil maoiniú an tsocrúcháin sin sealadach agus go bhfuil an GLT ag moladh an tsocrúcháin mar shocrúchán an linbh fad a fhanann an leanbh faoi chúram na GLT.

⇒ Sa chás go bhfuil an socrúchán beartaithe in Aonad Cónaithe go bhfuil measúnú riosca aonair déanta ag an GLT, go soiléirítear cineál an Aonaid Chónaithe (gnáth, slán, nó teiripeach srl) agus go bhfuil aon iarratais ar mhaoiniú curtha i gcrích agus go bhfuil an GLT ag moladh an tsocrúcháin ainmnithe mar shocrúchán an linbh chomh fada agus a fhanann an leanbh faoi chúram na GLT.

⇒ An cineál rochtana tuismitheora/leanaí/siblíní atá beartaithe faoi láthair (lena n-áirítear minicíocht agus fad na rochtana atá beartaithe agus cibé an bhfuil sé beartaithe a bheith oscailte nó faoi mhaoirseacht) ar bhonn eatramhach agus fadtéarmach;

⇒ Riachtanais sláinte, oideachais, mhothúchánacha agus aitheantais an linbh agus conas a dhéanfar iad a chomhlíonadh.


An Breitheamh Rosemary Horgan
Uachtarán na Cúirte Dúiche
8/12//2017

District Court