DC20

Covid-19 - Iarratais Áirithe chuig an gCúirt in Imeachtaí Coiriúla atá le hÉisteacht trí Nasc Físe Beo

Treoir Chleachtais
Covid-19 – Iarratais Áirithe chuig an gCúirt in Imeachtaí Coiriúla atá le hÉisteacht trí Nasc Físe Beo
An Chúirt Dúiche - Gach Dúiche

Ar mhaithe le sláinte an phobail agus le sláinte gach duine atá ag gabháil do riaradh an cheartais, de bhun a.23(3) agus (14) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020, le héifeacht ón 14 Meán Fómhair 2020 agus go dtí an 31 Nollaig 2022 (nó an Treoir Chleachtais a chúlghairm níos luaithe ná sin), gach duine a athchuirtear faoi choimeád ag Breitheamh den Chúirt Dúiche, agus gach duine a athchuirtear faoi bhannaí agus atá faoi choimeád ar nithe neamhghaolmhara agus gach duine atá faoi choimeád agus a bhfuil pianbhreith á cur isteach aige ar nithe neamhghaolmhara, déanfar gach iarratas ábhartha mar a shonraítear in a.23 (3) den Acht sin a éisteacht trí úsáid a bhaint as nasc físe beo idir an chúirt agus an áit ina bhfuil an duine iomchuí suite.

___________________
An Breitheamh Paul Kelly
Uachtarán na Cúirte Dúiche.
Arna dhátú an 31 Nollaig 2021.

(Foilsithe ar dtús ar an 14 Meán Fómhair 2020, nuashonraithe ar an 4 Eanáir 2021 & 6 Eanáir 2022)

District Court