DC04

an Chúirt Leanaí

An Chúirt Chathrach Leanaí, Baile Átha Cliath

  1. Bainfidh an treoir chleachtais seo le cásanna leanaí agus daoine óga (is é sin le rá iad siúd faoi 18) i gCúirt Chathrach Leanaí, Baile Átha Cliath ar agus ón 30/01/2014.
     
  2. Tagraítear do leanaí agus do dhaoine óga sa treoir chleachtais seo mar ‘chosantóirí óga’. Áiríonn an uimhir uatha an t-iolra agus an fhoirm fhirinscneach agus bhaininscneach.
  1. Tá cearta agus saoirse os comhair an dlí ag cosantóirí óga atá comhionann leis na cearta atá ag daoine fásta agus, go háirithe, an ceart chun éisteacht a fháil agus a bheith rannpháirteach in aon imeachtaí de chuid na cúirte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh. Is é cuspóir na trialach i gCúirt Leanaí ná ciontacht a chinneadh (má tá sé sin i gceist) agus cinneadh a dhéanamh ar an bpionós cuí má phléadálann an cosantóir óg ciontach nó má chiontaítear é sa chion nó sa choir a bhfuil siad os comhair na cúirte ina leith. Ní úsáidfear imeachtaí coiriúla chun aon chúnamh nó seirbhís a sholáthar is gá chun cúram a thabhairt do leanbh nó chun leanbh a chosaint amháin.
  1. Ní mór ionadaíocht cheart a bheith ag leas an phobail freisin in éisteacht imeachtaí i gCúirt Leanaí Chathair Bhaile Átha Cliath agus cosnóidh an chúirt freisin cearta agus leasanna íospartaigh agus finnéithe a bhfuil baint acu le himeachtaí den sórt sin.

Aidhm na treorach chleachtais

  1. Is í aidhm na treorach cleachtais ná breac-chuntas a thabhairt ar na céimeanna a úsáidfear i gCúirt Leanaí Chathair Bhaile Átha Cliath sna himeachtaí go léir faoi Acht na Leanaí, 2001 arna leasú, chun a chinntiú go gcomhlíontar cearta Bunreachtúla cosantóirí óga chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le ceartas ógánach a leagtar amach sa Chairt Eorpach, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, sa Choinbhinsiún um Chearta an Linbh, i dTuairimí Deiridh an Choiste um Chearta an Linbh, agus i "Rialacha Béising" na Náisiún Aontaithe maidir le ceartas ógánach a riar.
  1. D’fhéadfadh cosantóirí óga atá cúisithe as coireanna tromchúiseacha a dhéanamh a bheith leochaileach mar gheall ar a n-aois, a leibhéal aibíochta nó míchumais agus iad ag seasamh a dtriail sa chúirt leanaí. Níor cheart go gcuirfeadh próiseas na trialach féin imeaglú, náiriú nó míshuaimhneas inseachanta ar an gcosantóir óg. Déantar an gnáthphróiseas trialach sna cúirteanna leanaí a oiriúnú mar sin chun na críocha sin a bhaint amach agus chun aird chuí a chinntiú do leas an chosantóra óig de réir mar is cuí.
  1. Tabharfaidh an chúirt éifeacht do spriocanna na treorach cleachtais nuair a léirmhíníonn sí an soláthar céanna. Mar sin féin, ní chuireann an treoir chleachtais teorainn ná cur isteach ar aon slí ar chumhachtaí agus discréid an bhreithimh faoi Achtanna na Leanaí 2001-2011 agus Rialacha na Cúirte Dúiche go ginearálta nó i gcás ar leith.

Riar ceartais go poiblí [alt 94 d'Acht na Leanaí, 2001]

  1. In imeacht os comhair na cúirte maidir le cosantóir óg, déanfaidh an chúirt duine nach iad seo a leanas a eisiamh as an seomra cúirte:
  1. oifigeach cúirte
  2. tuismitheoirí nó caomhnóirí an linbh lena mbaineann,
  3. gaol aosach leis an leanbh, nó duine fásta eile a fhreastalaíonn ar an gcúirt de bhun alt 91(6) d’Acht na Leanaí, 2001,
  4. daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí, nó
  5. ionadaithe bona fide an Phreasa.
  1. Féadfaidh an chúirt cead a thabhairt d’aon duine eile a bhfuil leas ceart aige nó aici san imeacht nó aon duine nach ndéanfadh a láithreacht dochar do leasanna an chosantóra óig a bheith i láthair.
  1. Féadfaidh an chúirt tinreamh na gcatagóirí daoine atá leagtha amach in 8(a)(c)(d) agus (e) thuas a theorannú dóibh siúd a bhfuil leas láithreach agus díreach acu i dtoradh na trialach chun a áirithiú go n-urramaítear nósanna imeachta trialach córa an chosantóra óg. Áirítear le nósanna imeachta trialach córa leochaileacht an chosantóra óg agus an spás atá ar fáil sa seomra cúirte ag féachaint don líon atá i gceist.
  1. I gcás ina gcinntear nach mór rochtain ar an seomra cúirte ag tuairisceoirí a shrianadh ar bhealach comhréireach chun nósanna imeachta trialach córa a áirithiú maidir leis an gcosantóir óg, déanfar socruithe roimh an gcúirt chun ceart ginearálta an phobail a bheith curtha ar an eolas faoi riaradh an cheartais sa Chúirt Leanaí a chosaint.
  1. Déanfaidh an chúirt rialú ar aon éileamh a ndéanfar agóid ina choinne freastal tar éis éisteacht leis na páirtithe go léir. Le linn don chúirt rialú a dhéanamh ar aon éileamh a ndéanfar agóid ina leith freastal ar an seomra cúirte chun an triail a thuairisciú, beidh aird ag an gcúirt ar cheart ginearálta an phobail go gcuirfí ar an eolas iad faoi riaradh an cheartais sa Chúirt Leanaí.
  1. Sa chás go bhfuil imeacht nó cosantóir óg tar éis leas forleathan an phobail nó na meán a mhealladh, ba cheart iarratas a dhéanamh roimh ré chun na Cúirte ionas gur féidir socruithe a dhéanamh chun céannacht an chosantóra/íospartaigh óig a chosaint chun nósanna imeachta trialach córa a chinntiú.
  1. Déanfar Ordú nó cinneadh na cúirte (más ann) in imeachtaí cosantóra óg a fhógairt i seisiún poiblí den Chúirt ar mhodh a chosnaíonn sriantachtaí maidir le sainaithint dhlíthiúil agus tuairisceoireacht dhlíthiúil mar atá in Acht na Leanaí, 2001 arna leasú.

Timpeallacht chúirte leanaí

  1. Ba chóir go mbeadh cosantóir óg de ghnáth, más mian leis, saor chun suí in aice lena theaghlach nó le daoine eile i gcaidreamh comhchosúil.
  1. Roimh thús gach éisteachta, déanfaidh Ionadaí(Ionadaithe) Dlí an ionchúisimh agus na cosanta iad féin a shainaithint don chúirt agus déanfaidh siad freisin an páirtí a ndéanann siad ionadaíocht air a shainaithint agus a thabhairt isteach sa chúirt, na baill teaghlaigh ábhartha agus na finnéithe ábhartha go léir a bheidh i láthair sa chúirt i dtaca leis an gcás iad agus cuirfidh siad in aithne don chúirt iad.
  1. Nuair a bheidh cás glaoite, le hinisealacha amháin, ní féidir le duine ar bith nach bhfuil baint aige leis na himeachtaí dul isteach sa seomra cúirte nuair a bheidh an cás tosaithe mura nglaotar é mar fhinné.
  1. Níor cheart go mbeadh aon láithreacht in éide inaitheanta sa seomra cúirte ach amháin ar chúis mhaith lena n-áirítear slándáil na cúirte ag comhalta den Gharda Síochána atá freagrach as slándáil na Cúirte.
  1. Féadfar socruithe a dhéanamh do chosantóir óg (má iarrtar amhlaidh) cuairt a thabhairt, taobh amuigh d’uaireanta cúirte agus roimh an triail, ar an seomra cúirte ina bhfuil an triail le reáchtáil ionas go mbeidh sé/sí in ann eolas a chur ar thimpeallacht na cúirte.

Ionchais na gCúirteanna maidir le cleachtóirí dlí

  1. Níor chóir clib, róbaí agus bréagfhoilt a chaitheamh sa chúirt.
  1. I gcás ina bhfuil leochaileacht ar leith ag cosantóir óg óna dteastaíonn socruithe speisialta, nó go dteastaíonn aistriúchán ar shaoráidí abhcóideachta chun páirt fhóinteach a ghlacadh sna himeachtaí, tá sé de dhualgas ar an gcleachtóir dlí é sin a chur in iúl don chúirt a luaithe is indéanta.
  1. Ba cheart d'ionadaithe dlí an ionchúisimh agus na cosanta araon, nuair is cuí, coinníollacha bannaí a phlé roimh an gcúirt agus a chinntiú go bhféadfaidh an cosantóir óg na coinníollacha bannaí a mholtar don Chúirt a chomhlíonadh.
  1. Ba cheart d'ionadaithe dlí gach beart is gá a dhéanamh freisin lena chinntiú go bhfuil cosantóirí óga ar an eolas go hiomlán faoina bhfuil i gceist le coinníollacha bannaí a chomhlíonadh agus go dtuigeann siad na hiarmhairtí a eascraíonn as sárú ar choinníollacha bannaí. Ba chóir gach seirbhís ábhartha a d'fhéadfadh cabhrú le cosantóir óg i gcomhlíonadh na gcoinníollacha bannaí sin a leagan amach don chúirt.


Rosemary Horgan
Uachtarán na Cúirte Dúiche
17/01/2014

District Court