Conas d’iarratas a chur isteach ar an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga

Agus éileamh á dhéanamh (i.e. is tú an t-éilitheoir), ní mór duit a bheith cinnte d’ainm agus de sheoladh an duine nó an chomhlachta a bhfuil tú ag iarraidh éileamh a dhéanamh ina aghaidh (an freagróir). Ní mór do na sonraí a bheith cruinn le gur féidir aon ordú cúirte (breithiúnas) a chur i bhfeidhm.

Sa chás gur comhlacht atá sa Fhreagróir, seachas duine aonair, tá sé tábhachtach go bhfaigheann tú teideal ceart an chomhlachta. Is féidir an teideal seo a fháil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí nó 01 804 5200 / LoCall 0818 452 000.

Má tá cónaí ar pháirtí i dtír eile san AE, ba chóir duit an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a úsáid.

Iarratas a dhéanamh ar líne

Chun iarratas a dhéanamh ar líne, beidh ort cuntas a chlárú ar chóras na Seirbhíse Cúirteanna ar Líne (CSOL).  Beidh tú in ann súil a choinneáil ar dhul chun cinn an éilimh ar CSOL.

Beidh seoladh ríomhphoist agus cárta creidmheasa/dochair ag teastáil uait chun táille iarratais €25 a íoc.

Cliceáil chun Iarratas a Dhéanamh ar Líne

Iarratas a dhéanamh de láimh

Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifig na Cúirte Dúiche sa cheantar:

  • ina bhfuil an freagróir ina chónaí nó ina ndéanann sé/sí gnó, nó
  • ina ndearnadh an conradh, nó
  • i gcás damáiste do réadmhaoin, an ceantar ina ndearnadh an damáiste.

Cuirfidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga an fhoirm iarratais ar fáil duit nó is féidir leat foirm iarratais na n-éileamh beag a íoslódáil

Ba chóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus an táille a lóisteáil leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga sa cheantar cuí.

Nóta: glactar le seiceanna le seic-chárta. Is féidir modhanna eile íocaíochta a úsáid freisin, amhail ordú poist, dréacht bainc nó litir ó aturnae.  Déan seiceanna, orduithe poist, dréachtaí bainc iníoctha leis ‘an tSeirbhís Chúirteanna’.

Más freagróir thú, is féidir leat teacht ar na foirmeacha chun dliteanas a ghlacadh nó easaontú le dliteanas.