Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Cad é an córas seo?

Tugann an suíomh gréasáin seo cead don úsáideoir an córas rianaithe ar chásanna Ard-Chúirt na hÉireann a chuardach. Tá  sonraí  atá bunaithe ar na cásanna go léir a eisíodh san  Ard- Chúirt  ó mhí Lúnasa 1993 ar fáil sa chóras. Áirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil :

  • Uimhir an cháis a cláraíodh.
  • Ainmneacha na bpáirtithe
  • Ainmneacha gnólachtaí na ndlíodóirí atá ag déanamh ionadaíochta do na páirtithe
  • Liostaí cúirte
  • Na cáipéisí atá curtha i gcomhad
  • Na sonraí ginearálta faoi na horduithe a rinneadh.

Cé chomh nua is atá  an t-eolas seo?

Déantar uasdátú ar an eolas ar an suíomh seo go laethúil.

Conas a chuardaím do chás?

Nuair a chliceálann tú ar an nasc dar teideal ‘Lean ar aghaidh go dtí Cuardach Ard-Chúirte’, tugtar tú go dtí scáileán chuardaigh. Caithfidh tú sonraí bailí a chuir isteach in dhá réimse cuardaigh ar a laghad chun cuardach a dhéanamh.

Conas is féidir liom torthaí mo Chuardaigh a fheiceáil?

Cuir do chritéir chuardaigh isteach agus cliceáil ar an chnaipe “Cuardaigh Anois”.  Preabfaidh an tábla “Torthaí an Chuardaigh” aníos agus taispeánfaidh sé gach cás a thagann le chéile le do chuardach.

Tá an Cás agam a bhí mé á lorg.  Conas is féidir liom eolas breise a fháil?

Tá “Féach ar na Sonraí” scríofa ar bharr an cholúin ar thaobh na láimhe deise de thábla Torthaí an Chuardaigh.   Tá nasc dar teideal “Féach” ar gach líne.  Má chliceálann tú ar an nasc “Féach” don chás atá a lorg agat, beidh tú ábalta eolas breise a fháil ar an chás sin. Úsáid do  luch nó an tsaighead suas/ síos chun scrolláil síos trí shonraí an cháis.

Tá saighead do gach cuid den eolas ag barr an scáileáin ar dheis os comhair ainm an chuardaigh.  Cliceáil ar an tsaighead seo chun an t-eolas a chur  as radharc. Cliceáil ar an tsaighead arís chun an t-eolas folaithe a thaispeáint.

Cad é a gheobhaidh mé sa roinn faoi Shonraí an Ghearánaí?

 Tugann an scáileán ainmneacha na nGearánaithe go léir sa chás agus a gcuid Dlíodóirí chomh  maith.

 

Cad é a gheobhaidh mé sa roinn faoi Shonraí an Chosantóra?

Tugann an scáileán ainmneacha na gCosantóirí go léir a bhaineann leis an chás agus a gcuid Dlíodóirí chomh maith.

 Cad é a gheobhaidh mé sa roinn faoi Shonraí an Cháis?

Cuirfidh Roinn faoi Shonraí an Cháis dáta na n-imeachtaí nuair a eisíodh iad, an dáta a leagadh an t-ábhar síos (má tá sé leagtha síos), an uimhir thagartha a leagadh síos, agus, i gcásanna a rinneadh achomharc don Chúirt Uachtarach, tagairt na Cúirte Uachtaraí agus an dáta a cuireadh an t-achomharc isteach.

Cad é a gheobhaidh mé sa roinn faoi Chomhdúcháin?

Taispeánann an roinn seo dáta agus an cineál comhaid atá comhdaithe i Lároifig na hArd- Chúirte

Cad é a gheobhaidh mé sa roinn faoi Orduithe?

Taispeánann an roinn seo an dáta agus  sonraí achomair  na nOrduithe a rinne an Chúirt atá ar an chóras.

Cad é a gheobhaidh mé  i roinn  na Liostaí?

 Taispeánann an scáileán seo aon dáta  a bhfuil  an cás liostaithe os comhair na cúirte, an Liosta ar a cuireadh é isteach, agus an toradh.[

Cad é a gheobhaidh mé i roinn an Bhreithiúnais?

 Tabharfaidh seo duit an dáta a rinneadh an breithiúnas , an Breitheamh, agus an dáta a cuireadh an breithiúnas scríofa ar fáil.

Ní bhfuair mo Chuardach an cás a bhí mé á lorg.  Cad is féidir liom a dhéanamh?

 Is féidir leat dul ar ais chuig an scáileán Chuardaigh  trí úsáid a bhaint as an chnaipe Siar ar do bhrabhsálaí.  Is féidir leat ansin do chuardach a leasú, nó a mhionchoigeartú trí théarmaíochtaí breise a chur leis nó do chuardach a leathnú le níos lú eolais.  Chomh maith leis seo, is féidir leat cuardach nua a thosú trí úsáid a bhaint as an chnaipe “Scagairí a Ghlanadh” agus ansin an cnaipe “Cuardaigh Anois” nó an cnaipe “Cuardaigh” ag barr an scáileáin ar chlé.

Níl ach ainm an Ghearánaí ar eolas agam.  An dtiocfaidh mé ar mo chás?

Sea, ach má chuardaíonn tú de réir sloinne agus céadainm an Ghearánaí, tabharfar gach cás lena mbaineann an t-ainm céanna is atá ag an Ghearánaí.  I gcásanna le hainmneacha atá níos coitianta, tá seans go mbeidh an liosta mór go leor, agus bheadh sé úsáideach dá sheolfá téarmaíochtaí cuardaigh breise, mar shampla an bhliain nó ainm an Chosantóra.

Conas a chuardaím ar chásanna a bhaineann le Comhlachtaí?

 Ba cheart ainm an Chomhlachta a chur isteach sa réimse Sloinne an Ghearánaí nó an Chosantóra.

An féidir liom torthaí an Chuardaigh a shábháil?

 Ní thugann an bunachar sonraí seo cead cuardaigh a shábháil.  Is féidir leat na torthaí a chóipeáil isteach le feidhm scarbhileoige nó le próiseáil focal caighdeánach.

Chuardaigh mé ar shloinne a thosaíonn le ‘Ó’ mar shampla Ó Rathallaighy agus fuair mé teachtaireacht earráide.  Cad  ba chóir dom a dhéanamh?

 Ba cheart an sloinne a chur isteach le spás seachas uaschamóg mar shampla, Ó Rathallaigh.  Tabharfaidh seo na torthaí atá de dhíth ort.

Conas a chuardaím ar chásanna a bhaineann le hAire?

Ba choir teidil shealbhóirí oifige, mar shampla, an tAire Airgeadais, an tArd- Aighne agus araile, a chur isteach i réimse Sloinne an Ghearánaí nó an Chosantóra, de réir mar is cuí agus gan ‘An’ a chur san áireamh.

Cén fáth go bhfuil roinnt sonraí maidir le cásanna ar iarraidh?

 Níl cásanna a éistear i gcúirt iata (go príobháideach) ar fail má dhéantar cuardach ar an suíomh seo.

 Is cásanna iad seo a éistear leo go príobháideach de bharr reachtaíochta nó má dhírigh ordú cúirte gan sonraí an cháis a fhoilsiú.