Más amhlaidh go ndiúltaíonn duine de na tuismitheoirí/caomhnóirí iarratas ar phas a shíniú thar ceann linbh, is féidir iarratas a chur faoi bhráid na cúirte.

Ceisteanna faoi Phasanna

Ceisteanna faoi Phasanna

Cead tuismitheoirí i leith iarratais pas

Caithfidh an bheirt tuismitheoirí nó chaomhnóirí iarratas ar phas ag leanbh a shíniú.

Nuair nach bhfuil na tuismitheoirí pósta, tá cead an athar de dhíth más comhchaomhnóir an linbh é.

Cad a tharlaíonn mura síneoidh duine de na tuismitheoirí nó caomhnóirí an t-iarratas ar phas?

Féadann an tuismitheoir/caomhnóir eile iarratas a chur chuig an gcúirt chun nach gá an dara síniú.

Cad a tharlaíonn mura bhfuil teacht ar dhuine de na tuismitheoirí nó caomhnóirí chun

an t-iarratas ar phas a shíniú?

Féadann an tuismitheoir/caomhnóir eile iarratas a chur chuig an gcúirt chun nach gá an dara síniú.

Conas iarratas a dhéanamh

Is sa Chúirt Dúiche a dhéantar formhór na n-iarratas ar gan gá a bheith leis an dara síniú. Beidh ort fosta na foirmeacha cuí cúirte a thaisceadh in oifig na cúirte. Tá eolas ar d'oifig áitiúil cúirte anseo here.

Nuair a bheidh an fhoirm/na foirmeacha comhlánaithe agat, ní mór duit iarratas a dhéanamh go liostófar d'iarratas os comhair na cúirte. Ní mór duit fosta teacht i láthair na cúirte chun d'iarratas a dhéanamh.

Foirmeacha cúirte

An Chúirt Dúiche: 

I.R. Uimh. 125 de 1999: Rialacha na Cúirte Dúiche (Cúram agus Caomhnóireacht Leanaí), 1999

Foirm 58.17  Fógra iarratais i gcomhair threoir na cúirte - alt 11(1) agus 11(4)

Rialacha cúirte

I.R. Uimh. 93 de 1997: Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997