Tá an t-eolas seo ar fáil chun cuidiú leat a thuiscint cad is dócha a dtarlóidh nuair a shroicheann tú an teach cúirte agus le linn do chuairte le haghaidh d’éisteachta. B’fhéidir go mbeidh tú níos compordaí ar an lá nuair atá seo ar eolas agat roimh ré.

Cad ba cheart a dhéanamh ar an lá?

Cad ba cheart a dhéanamh ar an lá?

I ndiaidh seo, caithfimid smaoineamh ar cad is dóichí a dtarlóidh nuair a shroicheann tú an teach cúirte agus le linn do chuairte le haghaidh d’éisteachta. B’fhéidir go mbeidh tú níos compordaí ar an lá  féin nuair atá an t-eolas seo ar eolas agat roimh ré.

Cá hiad na cáipéisí a bheidh de dhíth orm?

Cá hiad na cáipéisí a bheidh de dhíth orm?

Déan cinnte go dtógann tú aon cháipéis a bhaineann le do chás in éineacht leat, cosúil le:

  • D’iarratas cúirte/ toghairm/ réamhordú. Tá dáta agus am d’éisteachta sa cháipéis seo, an t-ionad, chomh maith le heolas breise ar an chás  féin. Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú na cáipéisí seo sábháilte.
  • Ráiteas Acmhainne, Ráitis Bhainc, duillíní pá agus/ nó aon eolas a shíleann tú go bhfuil úsáideach le haghaidh do chás ar leith nó chun do chás a dhéanamh.
  • Molaimid chomh maith go dtógann tú aitheantas fótagrafach in éineacht leat mar go bhfuil seans go gcuirfidh siad ceist ort d’fhéiniúlacht a dheimhniú sa chúirt, mar shampla, pas, ceadúnas tiomána nó cárta seirbhísí poiblí.

Cuimhnigh le do thoil nach gá duit do cháipéisí a bhaineann le do chás a roinnt riamh le daoine eile nach mbaineann le do chás.

Leid úsáideach: Glac grianghraf de do cháipéis iarratais ionas go mbeidh rochtain agat ar d’fhón póca.

Nuair a shroicheann tú an teach cúirte

Nuair a shroicheann tú an teach cúirte

  • Tá bearta slándála ann ag gach teach cúirte, mar sin cuimhnigh ar  a bhfuil i do phócaí.
  • Ní gá duit dul chuig an deasc fáilte nuair a shroicheann tú. Ba cheart duit dul díreach chuig an áit feithimh, agus ba cheart duit do chás a chloisteáil nuair atá sé an t-am.
  • In éisteachtaí a bhaineann le dlí teaghlaigh, glaofar ort trí d’uimhir thagartha do chás agus d’inisealacha agus mar sin déan cinnte go bhfuil do cháipéisí in aice láimhe agat chun na sonraí seo a sheiceáil.
  • Má tá dlíodóir agat, b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh am agus áit a ullmhú chun bualadh leis laistigh nó lasmuigh den teach cúirte.
  • Ní chloíonn cásanna leis an sceideal i gcónaí, agus de bharr seo caithfidh tú a bheith ullamh le fanacht.
  • Ní bhíonn na cásanna ag cloí leis an ord céanna mar atá siad ar an liosta cúirte.
  • Níl uisce nó bia/ sólaistí eile ar fáil in áiteanna feithimh an tí chúirte, agus de bharr seo caithfidh tú teacht réidh mar is gá.
  • “I gcásanna ar leith agus cineálacha cásanna ar leith, mar shampla foréigean teaghlaigh, is féidir leat duine tacaíochta a thabhairt in éineacht leat go dtí an éisteacht. Déanfaidh breitheamh an cinneadh má tá sé oiriúnach an duine sin  a bheith sa seomra  cúirte
  • Chun a dhéileáil leis an obair ar fad, déanann go leor cúirteanna “glaoch rolla”. Le “glaoch rolla”, glaoitear ar na páirtithe ar fad chun dul go dtí seomra na cúirte chun a fháil amach má tá a gcásanna ag dúl ar aghaidh an lá sin.
  • Tabhair do d’aire le do thoil má théann cásanna eile thar ama, tá seans nach n-éistear le do chás ar an lá a thagann tú chuig an chúirt.

Tabhair do d’Aire: Ní chloíonn cásanna leis an sceideal i gcónaí, agus de bharr seo caithfidh tú a bheith réidh le fanacht.

Ag dul go dtí seomra na cúirte

Ag dul go dtí seomra na cúirte

B’fhéidir go mbeidh níos mó ná seomra na cúirte amháin in úsáid ar lá d’éisteachta. Glaofar d’uimhir sheomra  cúirte, uimhir do cháis agus d’inisealacha.

Glaofar ar do chás thar gléas idirchumarsáide, nó tiocfaidh duine éigin chugat san áit feithimh. Má tá ort do bhealach féin a dhéanamh chuig seomra na cúirte ar leith, ba cheart na comharthaí leanúint sa teach cúirte chuig seomra na cúirte.

Mura bhfuil tú iomlán cinnte cá háit a bhfuil tú ag dul, cuir ceist ar bhall foirne na Seirbhíse Cúirteanna nó an Garda Cúirte.

Físeán: Freastal ar Chúirt Teaghlaigh

Físeán: Freastal ar Chúirt Teaghlaigh

Déanann an físeán seo achoimre ar cad a tharlóidh ar lá na héisteachta i gCúirt an Dlí Teaghlaigh. Clúdaíonn sé cad ba cheart a dhéanamh nuair a shroicheann tú an teach cúirte, cé atá tú ábalta tabhairt in éineacht leat, cén áit a bhfuil ort fanacht agus conas a ghlaofar ar do chás. Tá roinnt leideanna úsáideacha eile gur chóir a bheith ar an eolas futhú roimh ré.

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Cá fhad a mhairfidh an éisteacht?

Ní chloíonn na héisteachtaí leis an am nó leis an ord ceart, déan cinnte go ndéanann tú na socruithe riachtanacha ionas go rachaidh gach rud ar aghaidh go binn.

Cad iad na háiseanna atá ar fáil?

Is féidir rochtain a fháil ar na háiseanna go léir i ngach foirgneamh ar an roinn ‘Chun muid a aimsiú’ ar shuíomh gréasáin na cúirte.

An dtig leat páistí a thabhairt go dtí seomra na cúirte?

Tugtar cead do pháistí a bheith sa teach cúirte, áfach, molaimid duit go n-eagraíonn tú cúram eile do do leanaí eile más féidir.

An bhfuil cead agam duine a thabhairt in éineacht liom chuig mo chás?

Tugtar cead duit duine eile a thabhairt in éineacht leat mar thacaíocht, ach go hiondúil ní bhíonn cead acu dul isteach go seomra na cúirte nuair atá duine ag éisteacht le do chás mura n-aontaíonn an breitheamh.

Cá iad na cáipéisí a bheidh de dhíth orm?

Tóg le do thoil aon cháipéis a bhaineann le do chás cosúil le d’iarratas cúirteanna/ toghairm/ réamhordú, ráiteas acmhainne agus aon eolas eile a shíleann tú go bhfuil úsáideach do do chás.

An bhfuil áit feithimh ann?

Sea, tá áit feithimh ag gach teach cúirte. Fán anseo le do thoil go dtí go nglaofar ort le haghaidh do cháis.

Conas a ghlaofar orainn le haghaidh ár gcásanna?

Glaofar ort le d’uimhir thagartha cáis agus d’inisealacha. Tá an uimhir thagartha cáis scríofa ar d’iarratas/ toghairm/ réamhordú.

Conas a théann tú chuig seomra na cúirte? An bhfuil comharthaí ar bith ann? An gcaithfidh ball foirne mé a thionlacan?

Nuair a ghlaofar ar do chás, ba cheart duit na comharthaí a leanúint agus téigh díreach chuig seomra na cúirte. Mura bhfuil tú iomlán cinnte, cuir ceist ar bhall foirne nó an Garda Cúirte.