Nuair a bhíonn tuismitheoirí pósta ar a chéile, tá toimhde sa dlí gurb é an fear céile athair an linbh mura gcruthaítear a mhalairt. Mura bhfuil tuismitheoirí pósta ar a chéile níl aon toimhde sa dlí maidir le cé hé athair an linbh, ach amháin má tá ainm an athar ar an teastas breithe.

Ní ainmnítear ar an teastas breithe aithreacha nach bhfuil pósta ar mháithreacha a leanaí agus d'fhéadfadh sé gur ghá dóibh tuismithíocht a chruthú d'fhonn cur isteach ar chaomhnóireacht, cúram nó rochtain ar a leanaí.

Leanaí tuismitheoirí nach bhfuil pósta ar a chéile, d'fhéadfadh sé gur ghá dóibh tuismithíocht a chruthú d'fhonn a gcothabháil nó a dteidlíochtaí oidhreachtaí a fháil.

Má admhaíonn athair tuismithíocht, féadann sé a aontú go gcuirfear a ainm leis an teastas breithe.

Cad a tharlaíonn nuair a bhíonn díospóid tuismithíochta ann?

Nuair a bhíonn díospóid tuismithíochta ann, féadann an chúirt a ordú go dtéann páirtithe an cháis faoi thástáil tuismithíochta sular féidir ordú a dhéanamh. Má ordaíonn an chúirt tástáil a dhéanamh, féadann sé a threorú fosta cé atá le híoc as costas na tástála. Féadann an mháthair nó an t-athair líomhnaithe é a íoc nó d'fhéadfaí na costais a chomhroinnt. Ní cuid den chóras sláinte phoiblí í an tástáil tuismithíochta agus níl aon chiste cúirte ann as ar féidir na costais tástála a íoc.

Is taobh amuigh den Stát a dhéantar tástáil tuismithíochta d'Éirinn. Féadann tú féin teagmháil a dhéanamh leis an tsaotharlann (iarrfar ort dochtúir teaghlaigh a roghnú chun na tástálacha a dhéanamh), nó is féidir dul chuig ceann de na gníomhaireachtaí sainiúla in Éirinn a eagróidh tástáil duit.

Dearbhú tuismithíochta

Féadann duine ordú a iarraidh sa Chúirt Chuarda gurb é/í a m(h)áthair nó a (h)athair duine éigin. Is féidir é seo a dhéanamh fiú má tá an tuismitheoir marbh.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir aturnae a fhostú chun iarratas a dhéanamh ar do shon nó féadann tú féin an t-iarratas a dhéanamh. B'fhéidir go mbeifeá i dteideal cúnamh dlí.

Má roghnaíonn tú gan aturnae a fhostú, beidh ort teagmháil a dhéanamh le hoifig na Cúirte Cuarda i do chontae nó oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn tú. Beidh ort na foirmeacha cuí cúirte a thaisceadh in oifig na cúirte. Cuirfidh foireann na cúirte in iúl duit cé na foirmeacha atá de dhíth ort chun d'iarratas a dhéanamh ach ní féidir leo a rá leat cad atá le cur ar na foirmeacha. Nuair a bheidh an fhoirm/na foirmeacha cuí comhlánaithe agat, ní mór duit a iarraidh go liostófar d'iarratas os comhair na cúirte. Ní mór duit fosta teacht i láthair na cúirte ar an lá chun d'iarratas a dhéanamh.

Foirmeacha cúirte

Cúirt Dúiche: S.I. Uimh. 93 de 1997: Rialacha Cuírt Dúiche 1997

Foirm 61.1: Fógra iarratais um threoir chun tástálacha fola a úsáid   - An tAcht um Stádas Leanaí 1987 alt 38(1)
Foirm 61.4: Fógra rúin finné a ghlaoch  - An tAcht um Stádas Leanaí, 1987

Cúirt Chuarda: I.R. Uimh. 510 Rialacha Cúirt Cuarda, 2001

Foirm 37H: Fógra Rúin chun sampla fola a thógáil
Foirm 37J: Fógra Rúin chun an duine ar tástáladh tástálacha fola faoina stiúir srl. a ghlaoch mar fhinné.

Reachtaíocht ábhartha

An tAcht um Stádas Leanaí, 1987
I.R. Uimh. 215 de 1988 - Rialacháin Tástálacha Fola (Tuismíocht), 1988

Rialacha cúirte

I.R. Uimh. 93 de 1997: Rialacha Cúirt Dúiche, 1997: Ordú 61
I.R. Uimh.. 501 de 2001: Rialacha Cúirt Chuarda, 2001
I.R. Uimh. 312 de 2007: Rialacha Cúirt Chuarda (Ginearálta) 2007