Eolas ar conas do thuras chuig an teach cúirte a phleanáil.

Ag Pleanáil do thuras chuig an Teach Cúirte

Ag Pleanáil do thuras chuig an Teach Cúirte

Is féidir lá sa chúirt dlí teaghlaigh a bheith strusmhar. Caithfidh  fios a bheith agat ar cá bhfuil tú ag dul, conas a rachaidh tú ann, agus cá mhéad ama a theastóidh uait.

Chun cuidiú leat leis seo, tá an t-eolas thíos mar chuidiú duit chun do thuras a ullmhú agus a phleanáil.

1. Do Theach Cúirte a Aimsiú.

1. Do Theach Cúirte a Aimsiú.

Beidh ainm do thí dhlí ar do cháipéisí cúirte, chomh maith leis an am agus dáta na héisteachta. Chun suíomh agus éirchód an tí chúirte a fháil- is féidir féachaint ar an roinn 'Chun muid a aimsiú’ dár suíomh gréasáin.

2. Faigh amach conas a rachaidh tú ansin

2. Faigh amach conas a rachaidh tú ansin

Anois nuair atá sé ar eolas agat cá háit a bhfuil an teach cúirte suite, is í an chéad cheist eile ná conas a rachaidh tú ansin? Seo  roinnt roghanna agus na moltaí atá againn ar gach ceann:

Iompar Poiblí

Má tá sé ar intinn agat iompar poiblí a úsáid, molaimid úsáid a bhaint as an 'Turas a Phleanáil’ gné ar a suíomh gréasáin nó aip mhóibílí .

Rothaíocht 

Tá seans go mbeidh raca rothar ar fáil ag an teach cúirte. Faigh amach faoi do theach cúirte anseo.

Ag siúl

Má tá tú ag siúl, ba cheart duit do bhealach a phleanáil roimh ré chun a chinntiú go mbeidh tú ag d’éisteacht in am.

Carr

Má tá tú ag tiomáint chuig d’éisteacht chúirte, b’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh fáil amach má tá páirceáil ar fáil ag an teach cúirte. Tá eolas ar do sheomra cúirte ar fáil anseo.

N.B. B’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh fad an turais a mheas chun a chinntiú go mbeidh tú ag d’éisteacht in am. Cuireann ‘Google Maps’ amanna taistil cruinne ar fáil do mhodhanna iompair
éagsúla.

3. Bí eolach ar na háiseanna atá ar fáil sa teach cúirte

3. Bí eolach ar na háiseanna atá ar fáil sa teach cúirte

Nuair atá tú ag pleanáil turais, tá sé tábhachtach go smaoiníonn tú ar níos mó ná conas a rachaidh tú chuig an teach cúirte amháin. Tá seans ann go gcaithfidh sé a bheith ar an eolas agat cad iad na háiseanna atá ar fáil nuair a shroicheann tú chun socruithe ar bith a dhéanamh.

Bain úsáid as an 'Chun muid a Aimsiú' roinn den suíomh gréasáin chun eolas a fháil ar na háiseanna a bheidh ar fáil ag an teach cúirte atá muid chun a fhreastail ar.

4. Ba cheart go mbeidh socruithe riachtanacha déanta agat roimh ré

4. Ba cheart go mbeidh socruithe riachtanacha déanta agat roimh ré

Nuair atá tú ag pleanáil do thuras chuig an teach cúirte, tá sé tábhachtach chomh maith go smaoiníonn tú ar aon shocrú atá ort a dhéanamh roimh ré.

Níl áiseanna cúram leanaí ar bith ann ag an teach cúirte agus ní áit oiriúnach é do pháistí.  Ba cheart duit na socruithe cúram leanaí a dhéanamh roimh d’éisteacht.

Nuair atá tú ag déanamh na socruithe, molaimid duit cead a thabhairt d’am breise mar ní bhíonn gach cás ar sceideal agus uaireanta ní bhíonn na cásanna ag dul san ord a bhí siad liostaithe.

Físeán: Ag Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh

Físeán: Ag Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh

Déanann an físeán seo achoimre ar na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoineamh  roimh éisteacht chúirt Dhlí Teaghlaigh. Míneoidh sé duit conas do thuras a phleanáil agus na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoinieamh roimh an dáta cúirte, riachtanais rochtana agus na cáipéisí go léir atá ort a thógáil in éineacht leat, san áireamh.

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Conas a fhaighim amach cá háit a bhfuil mo Theach Cúirte suite?

Is féidir leat suíomh do theach cúirte a fháil amach ar an leathanach 'Chun muid a Aimsiú’ dár suíomh gréasáin.

Conas a rachaidh mé chuig an teach cúirte trí iompar poiblí?

Féach ar na roghanna d’iompar poiblí go léir ar an ghné d’Iompair Éireann 'Turas a Phleanáil’ ar a suíomh gréasáin nó an aip mhóibílí.

Conas a sheiceálaim na huaireanta oscailte?

Féach ar uaireanta oscailte an tí chúirte agus na noifigí cúirte ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Cúirteanna na hÉireanna. Athraíonn na huaireanta seo ó shuíomh go suíomh.

Cé leis a dhéanfaidh mé teagmháil  mura bhfuil mé ábalta cuimhneamh ar dháta nó am m’éisteachta?

Ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an oifig chúirte ábhartha, is féidir na sonraí teagmhála a fháil ar an ’Chun muid a aimsiú’ roinn den suíomh gréasáin. Le haghaidh cásanna na Cúirte Cuarda agus na hArd- Chúirte, tá liosta de chásanna ar fáil sa dialann dhlí ar an suíomh gréasáin.