Téann Caveat in éag as féin i ndiaidh 6 mhí mura dtaisctear rabhadh (féach thíos).

Conas caveat a chur isteach:

  • Féadann tú féin é a dhéanamh nó aturnae a cheapadh chuige. Mura bhfuil seoladh seirbhíse agat sa dlínse seo, ní mór duit aturnae a cheapadh (Ordú 79 Riail 43)
  • Beidh na nithe seo uait:
    • Caveat comhlánaithe 
    • Táille €100.00, le híoc le táille stampáilte cúirte nó cárta dochair/creidmheasa má thaisceann tú féin é.
  • An Caveat a thaisceadh san Oifig Rialacha Probháide nó sa  Chlárlann Phrobháide Dhúiche  mar ar chónaigh an té a bhásaigh.

 

Caveat a Tharraingt Siar

Is féidir Caveat a tharraingt siar i scríbhinn, ach táille €20.00 iníoctha trí tháillí stampáilte cúirte nó cárta dochair/creidmheasa má thaisceann tú féin é, gabháil leis.

Rabhaidh agus Láithris

Rabhaidh agus Forbairtí Dlí ina Dhiaidh sin

  • Féadann an té atá i dteideal deonú ionadaíochta a fháil 'rabhadh a thabhairt' do Caveat. Mura dtagann an té a thaisc an Caveat i láthair an rabhaidh, ní bheidh an Caveat i bhfeidhm a thuilleadh. Má thaisctear láithreas, is le hOrdú Cúirte amháin is féidir an Caveat a chur i leataobh nó má thoilíonn an dá pháirtí.

Rabhaidh

  • Is féidir Caveat a chur i leataobh ach "Rabhadh" a thaisceadh in aghaidh an Caveat
  • Féadann duine atá i dteideal deonú ionadaíochta é seo a dhéanamh.
  • Chun rabhadh a eisiúint, is é atá uainn:
    • 4 chóip den rabhadh
    • Má tá aturnae cláraithe ag an té a thaisc an Caveat, ba chóir an rabhadh a sheoladh chuig comhlacht an aturnae sin. Más iad féin a thaisc an Caveat ar a son féin, ba chóir é a sheoladh chuig an seoladh atá ar an Caveat
    • €30.00 an táille, le híoc le táille stampáilte cúirte nó cárta dochair/creidmheasa má thaisceann tú féin é.
  • Má tá an rabhadh in ord, síneoidh an tOifigeach Probháide é agus déanfaidh an Oifig Rialacha Probháide é a stampáil le dáta eisiúna. Ní mór an rabhadh a sheirbheáil faoi cheann 14 lá den dáta stampáilte. Is féidir é a sheirbheáil go pearsanta nó de phostas cláraithe.
  • Ansin, tá 14 lá oibre ag an té a thaisc an Caveat chun láithreas a thaisceadh, ó dháta na seirbhíse.

Láithreas/Teastas Neamhláithris

  • Féadann an té a thaisc an Caveat láithreas a thaisceadh go pearsanta nó sa phost trí:
    • An láithreas a chomhlánú agus a shíniú
    • €30.00 an táille, le híoc le táillí stampáilte cúirte nó cárta dochair/creidmheasa má thaisceann tú féin
  • Má tugadh rabhadh do Caveat agus má taisceadh láithreas, bíonn an Caveat i bhfeidhm i rith ama agus ní féidir é a chur i leataobh ach le hOrdú Cúirte nó le toil an dá pháirtí.
  • Mura dtaisctear láithreas faoi cheann 14 lá oibre, is féidir an Caveat a chur i leataobh ach Mionnscríbhinn Seirbhíse a thaisceadh le cois táille €40.00 (€20.00 ar thaisceadh mionscríbhinne, agus €20.00 ar an teastas neamhláithris). Ullmhóidh an Oifig Rialacha Probháide an teastas neamhláithris de bhun Mionscríbhinn Seirbhís.

 

Cead Caveat a Chur i Leataobh

  • A luaithe a thugtar rabhadh do Caveat agus a thaisctear láithreas, ní féidir an Caveat a chur i leataobh ach le hOrdú Cúirte nó le toil an dá pháirtí.

 

Is é atá uainn:

  • Cead Cur i Leataobh
    • Má eisíodh imeachtaí achrannacha san eastát, ní mór tabhairt faoi seo de bharr an cheada chun cur i leataobh, agus ba chóir an doiciméad cuí ina léirítear go bhfuil an cheist curtha i gcrích a bheith leis an iarratas (m.sh. Fógra Scoir).
    • Ní mór do gach páirtí (.i. an páirtí nó na páirtithe a thaisc an Caveat agus páirtí nó na páirtithe ar eisíodh an rabhadh ar a son) an doiciméad a shíniú, agus a n-aturnae i láthair, leis an tríú duine mar fhinné. Ba chóir an t-ainm i bprionta a bheith le gach síniú chun ullmhú an Ordaithe a éascú.
    • Táille €50.00, iníoctha le táillí stampáilte cúirte

Má tá na páipéir in ord, dréachtóimid ordú ceada agus cuirfear an Caveat i leataobh. Má chuireann an Caveat stop leis an iarratas, eiseofar an t-iarratas in am is i dtráth i ndiaidh bhaint an Caveat.