Seo í foireann na Cúirte Cóireála Drugaí.

An Breitheamh Patricia McNamara

Déanann an breitheamh sa Chúirt Cóireála Drugaí monatóireacht ar dhul chun cinn rannpháirtithe an chláir agus tugann stiúir agus spreagadh dóibh, ach cuirtear smachtbhannaí orthu más gá. Tagann an breitheamh agus an fhoireann i gceann a chéile gach seachtain ar chruinniú réamhchúirte chun dul chun cinn gach rannpháirtí a phlé. I luathchéimeanna an chláir, tagann an rannpháirtí os comhair na cúirte gach seachtain ach laghdaítear é seo agus é/í ag dul chun cinn trí na 3 chéim ar leith.

Ag an éisteacht sa chúirt oscailte, bíonn comhrá díreach idir an breitheamh agus an rannpháirtí. Le caitheamh ama, cruthaítear léargas ar an rannpháirtí don bhreitheamh agus don fhoireann. Le caidreamh leanúnach idir an breitheamh agus an rannpháirtí, forbraítear caidreamh agus is tábhachtach go dtagann na rannpháirtithe i láthair an bhreithimh chéanna a oiread agus is féidir. Tá beirt bhreithiúna eile ceaptha ag Uachtarán na Cúirte Dúiche le suí sa CCD chun dátaí nach bhfuil an Breitheamh McNamara ar fáil a chumhdach. Ar an dóigh seo, is féidir cloí le comhsheasmhacht agus leanúnachas riachtanach an ionchuir bhreithiúnaigh agus is cuidiú é fuinneamh, spéis agus scil na mbreithiúna seo i bhforbairt gach gné d'obair na cúirte.

 

Maeve - Comhordaitheoir na Cúirte Cóireála Drugaí

Is féidir dul i dteagmháil liom i gcomhair eolais faoin gCúirt Cóireála Drugaí. Is féidir glaoch orm nó r-phost a chur chugam agus freagróidh mé do chuid ceisteanna, míneoidh mé conas a fheidhmíonn an clár agus cuirfidh mé bileoga eolais chugat.

Mar Chomhordaitheoir an CCD, oibrím i bpáirt leis an mBreitheamh agus an fhoireann agus tagaimid i gceann a chéile gach seachtain chun an dul chun cinn agat a phlé. Cabhraím leat do chomhaid a réiteach don chúirt, bím ag plé le fiosruithe teileafóin agus r-phoist ó aturnaetha, ó rannpháirtithe, ó ghníomhaireachtaí eile ón bpobal i gcoitinne.

Eagraím agus freastalaím ar chruinnithe foirne agus coinním miontuairiscí na gcruinnithe seo ar taifead. Eagraím cruinnithe faisnéise do rannpháirtithe nua. Is tábhachtach go bhfreastalaíonn tú ar chruinniú díobh seo óir beidh an fhoireann ar fad i láthair chun a mhíniú conas a oibríonn clár na Cúirte Drugaí agus féadaimid aon cheist a bheadh agat a fhreagairt.

Eagraím agus freastalaím chomh maith ar chruinnithe rannpháirtithe nuair a éisteann an fhoireann le do thuairimí agus do mholtaí faoi aon fheabhsúcháin a fhéadaimid a chur i bhfeidhm sa chlár. Eagraím agus freastalaím ar gach searmanas bronnta de chuid na Cúirte Drugaí. Is ócáidí an-speisialta iad seo do na rannpháirtithe agus a muintir agus cairde.

Fiona - Comhordaitheoir Oideachais na Cúirte Cóireála Drugaí

Déanfaidh mise measúnú ar do leibhéil oideachais agus scileanna go bhfeicfimid conas a fhéadaimid clár a chur ar fáil duit nó tú a atreorú chuig clár cuí chun na scileanna a bhíonn de dhíth i gcomhair conair nua ghairme a fhorbairt. Le cabhair na foirne teagaisc in Parnell, ceapfaidh agus forbróidh mé an clár oideachais a chuirfidh le do théarnamh ar an gclár CCD. Is é an post atá agam an fhoireann teagaisc agus an clár seo a chomhordú. Tacóimid leat agus treoróimid thú tríd an CCD agus cabhróimid leat i ngnóthaí eile amhail cúrsaí tithíochta, iarratais ar chárta leighis srl. Má tá baint agat le tionscadal nó clár pobail eile, nó má atreoraíodh thú chugainn óna leithéid, déanfaidh mé monatóireacht ar an dul chun cinn agat ansin agus tabharfaidh mé tacaíocht duit más gá. Beidh mé i dteagmháil le baill eile d'fhoireann CCD maidir le dul chun cinn agus tacaíocht duit. Tuairiscím leis an gcúirt gach Céadaoin ionas go gcloiseann an breitheamh agus an fhoireann faoin gcaidreamh atá agat le daoine eile, an dul chun cinn agat agus pointí bónais a bheadh le bronnadh.

Elaine - Oifigeach Promhaidh na Cúirte Cóireála Drugaí

Is oibrithe sóisialta iad bunús na n-oifigeach promhaidh. Is é an post atá againn eolas a thabhairt do na cúirteanna faoi chiontóirí i bhfoirm tuairiscí promhaidh. Is féidir linn moltaí a chur i láthair na cúirte agus aon phianbhreith pobail de chuid na cúirte a forfheidhmiú. Seans gur chuala tú trácht ar bhanna promhaidh nó ordú maoirsithe.

Is é an post atá agamsa cabhrú le daoine athruithe dearfacha a dhéanamh ina saol agus an pobal a choinneáil sábháilte. Seans gur chuala tú trácht ar 'an saol maith a chaitheamh', saol a choinníonn thú féin agus gach duine eile sábháilte.

Tá mo chuid oibre sa Chúirt Drugaí beagán difriúil ach baineann sí go fóill le measúnú, eolas a bhailiú don chúirt agus maoirseacht, ordú na cúirte a fhorfheidhmiú agus tacú leat chun roghanna dearfacha, sláintiúla dea-shóisialta a dhéanamh. Baineann measúnú le heolas a chomhroinnt. Ciallaíonn sé go mbuailfidh mé leat chun a mhíniú duit cad atá i gceist sa Chúirt Drugaí agus a fhiafraí díot an mian leat an rogha sin a dhéanamh.

Má shocraíonn tú gur mian leat an t-athrú seo a dhéanamh, buailfimid lena chéile arís lena fháil amach conas atá cúrsaí leat faoi láthair, conas a bhí an saol nuair a tugadh os comhair na cúirte thú agus cé na hathruithe dearfacha is mian leat a dhéanamh amach anseo.

Cuirfear tuairisc scríofa chun na cúirte. Beidh tú féin in ann í a fheiceáil roimh ré agus beidh deis agat tuairim a léiriú uirthi. Ansin, sannfar oifigeach promhaidh duit, mé féin nó duine atá níos gaire do d'áit chónaithe a oibreoidh leat.

Is maoirseacht í seo. Ciallaíonn sé bualadh le d'oifigeach promhaidh ar bhonn rialta ag d'oifig áitiúil, nó uaireanta sa bhaile nó san ionad oideachais agus comhoibriú leat chun na hathruithe a dhéanamh is mian leat féin a dhéanamh.

Linda - Altra Idirghabhála na Cúirte Cóireála Drugaí

Tá páirt agamsa sna gnéithe cliniciúla uile den dul chun cinn agat ón measúnú tosaigh, síos trí na 3 chéim de chlár CCD chomh fada leis an mbronnadh.

Buailfidh mé leat faoi cheann coicíse i ndiaidh d'atreorach. Labhróimid faoin úsáid drugaí agat, aon fhadhb leighis atá agat, na cógais a thógann tú, aon chóireáil drugaí a bhí agat san am atá caite nó atá agat faoi láthair. Leis an eolas seo beidh léargas againn ar do scéal pearsanta andúile, na hiarrachtaí a rinne tú, an raibh am saor ó dhrugaí agat agus na gnéithe ina bhfuil cuidiú de dhíth ort. Breathnóimid freisin ar chomh tiomanta atá tú don athrú.

I ndiaidh do mheasúnaithe, scríobhfaidh mé plean pearsanta cóireála duit, ina gcuimseofar eolas faoi aon chóireáil atá agat, do réim úranailíse agus eolas comhairleoireachta. Le cuidiú do dochtúra nó foireann chliniciúil a dhréachtaítear an plean seo. A luaithe a shíníonn tú seo sa chúirt, déantar cuid de do chúirtbhanna de, agus athbhreithneofar go rialta é. Bíonn dlúthbhaint agat leis an bplean seo.

Déanaim idirchaidreamh le haon duine a bhfuil tú i dteagmháil leo ó thaobh cóireála de ach, lena chois sin, gnóthaí tithíochta, oibrithe sóisialta, comhairleoirí, tionscadail pobail drugaí, srl, cibé daoine a bhíonn i dteagmháil leat. Is de thoradh na foirme toilithe a shíníonn tú a tharlaíonn an chumarsáid seo, chun cabhrú leat, eolas a roinnt agus a chinntiú gur plean iomlánaíoch atá againn duit agus go gcumhdaítear ann gach gné de do shaol ina bhfuil cabhair uait.

Is de mo chúramsa é an chúirt a chur ar an eolas faoi roghanna cóireála, fual a léirthuiscint, agus a bheith mar fhoinse faisnéise agus saineolais ar gach gné den chóireáil agus de ghnóthaí leighis.

Cuirfidh mé tuairiscí seachtainiúla ar fáil ar na cruinnithe réamhchúirte CCD. Roinnfidh mé torthaí fuail agus tinreamh ar choinní cóireála lena n-áirítear comhairleoireacht leis an bhfoireann.

Freastalóidh mé ar chruinnithe plean pearsanta dul chun cinn a bhíonn againn gach 6-8 seachtain, le spriocanna agus an dul chun cinn agat a phlé.

Má bhíonn tacaíocht bhreise uait nó más gá dúinn rud éigin a bhaineann le do phlean cóireála a phlé, is féidir liom bualadh leat ach tú coinne pearsanta a dhéanamh liom.

Freastalaím ar chruinnithe, ar thionscadail eile drugaí, srl, le labhairt faoin CCD, chun a chinntiú go mbíonn dea-phróifíl phoiblí againn agus gur eol d'eagrais eile cé muid féin, chun atreoruithe a dhéanamh.

 

Louise - Cláraitheoir na Cúirte Cóireála Drugaí

Ullmhaím do chomhaid don chúirt agus pléim le hobair riaracháin uile na hoifige. Pléim le fiosruithe ó aturnaetha ar an bhfón agus de r-phost. Gairim gach cás sa chúirt agus tugaim comhaid don Bhreitheamh. Más gá duit freastal ar choinne, is féidir a iarraidh orm do chás a ghairm go luath.

Coinním torthaí ó gach cás ar ár gcóras taifead i ndiaidh na cúirte. Dá thairbhe seo, féadaim staitisticí éagsúla a choimeád ón eolas a bhailítear sa chúirt. Freastalaím ar chruinnithe faisnéise rannpháirtithe nua mar a dtugaimid a lán eolais duit ar an gCúirt Cóireála Drugaí. Freastalaím ar chruinnithe chomh maith leis an mbreitheamh agus leis an bhfoireann ar bhonn rialta.