Ba chóir iarratais ar orduithe oifigigh probháide/cúirte a thaisceadh in Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.

Bhaile Átha Cliath.

Caithfear gach iarratas a thaisceadh in Oifig Rialacha na hOifige Probháide. De ghnáth, déanfar orduithe laistigh de 1 go 2 sheachtain tar éis na hiarratais a fháil.

Tá táille iníoctha i leith gach iarratas ar orduithe agus i leith mionnscríbhinní a chomhdú. Déan cinnte go gcuireann tú an táille ábhartha isteach le d’iarratas, mar go mbeidh moill mar thoradh ann má theipeann ort sin a dhéanamh.

Is féidir Orduithe an Oifigigh Probháide a fháil ón Oifig Rialacha Probháide, r-phost: probaterulesoffice@courts.ie Fón: 01-8886176

Amhail 1ú Márta 2021, €50.00 an táille ar Ordú Oifigeach Probháide i dtáillí cúirte stampáilte. €100.00 an táille ar Iarratas Cúirte i dtáillí cúirte stampáilte. Cumhdaítear leis an táille seo gach mionnscríbhinn a thaisctear maidir leis an iarratas. Féach Ionstraim Reachtúil Uimh 80 de 2021.

€50.00 (Ordú PO)

€100.00 (Réamhordú)

Féach liosta de na horduithe ábhartha thíos.