Is iondúil go n-éisteann an Liosta Probháide iarratais chun uacht a chruthú i dtéarmaí cóipe, chun uachtanna a iontráil chun cruthú mar a bhfuil amhras faoi fhorghníomhú cuí, Caveat a chur i leataobh agus riarthóirí iomlána agus riarthóirí ad litem a cheapadh faoi S 27(4) den Acht Comharbais 1965. Ní liosta iomlán é seo. Ar deireadh, is fút féin atá sé a fháil amach an bhfuil tú ag cur iarratais faoi bhráid na cúirte cuí.

  • Breitheamh Probháide, a shuíonn i gcúirt oscailte Dé Luain a éisteann na hiarratais seo le linn suíonna cúirte. Tabhair do d'aire gur ó chian atá an Liosta Probháide á thionól faoi láthair.
  • Léann an Breitheamh na páipéir roimh ré agus, mar sin de, ba chóir páipéir (lena n-áirítear mionnscríbhinní freagartha agus thánaisteacha) a thaisceadh a luaithe agus is féidir (faoi am scoir gnó Dé Céadaoin roimh an dáta éisteachta) D'fhéadfadh sé nach bhfaigheadh an Breitheamh Probháide páipéir a thaiscfí níos déanaí ná an Chéadaoin agus nach léifeadh sé/sí iad roimh liostú an Luain agus ba bhaolach go gcuirfí an gnó ar athlá.

(faoi am scoir ar an gCéadaoin roimh an dáta éisteachta).

  • Chun iarratas a chur faoi bhráid na cúirte ní mór:
    • Réamhordú, Mionnscríbhinn(í), aon fhoilseán bunaidh agus leabhrán pléadálacha a thaisceadh san Oifig Rialacha Probháide, le cois cóipeanna le haghaidh seirbhíse agus do chuid taifead féin de réir mar is cuí. Cinntigh seoladh teagmhála r-phoist a chuimsiú ar an Réamhordú óir is de r-phost a bheidh bunús an chomhfhreagrais ón Oifig Phrobháide.
    • Ba chóir go gcuimseofaí sa Leabhrán Pléadálacha cóipeanna de Réamhorduithe, Mionnscríbhinn(í), aon fhoilseán agus iad a bheith ceangailte, roinnte ina leathanaigh agus innéacsaithe.
    • Is féidir páipéir a thaisceadh go pearsanta (nó ag gníomhaire) nó sa phost.
    • €100.00 an táille, le híoc le táillí stampáilte cúirte nó cárta dochair/creidmheasa má thaisceann tú féin.
  • Tabharfar dáta fillte duit. Má tá tréimhse theoranta reachtúil á heisiúint (.i. i gcomhair iarratas ad litem) ba chóir é seo a chur in iúl don oifig. Má tá aturnae le seirbheáil, ní mór dhá lá iomlána a chur i leataobh le haghaidh seirbhíse. Más duine nach aturnae é/í atá le seirbheáil, ní mór ceithre lá iomlána a chur i leataobh.
  • Ní eisíonn an Oifig Rialacha uimhreacha taifid. Foilsítear liosta gach seachtain sa Dialann Dlí Dé hAoine roimh an dáta fillte agus is féidir é a aimsiú tríd an “Liosta Probháide” a chuardach mar eochairfhocal
  • Cuirtear orduithe ar aghaidh chuig an aturnae taiscthe trí Oifig na Rialacha Probháide. Is iondúil go bhfoirbhítear orduithe faoi cheann 48 uair an chloig i ndiaidh na héisteachta.