Chun teacht ar fhaisnéis ghinearálta ar fhéimheacht, tabhair cuairt ar leathanach Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte
Is í Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte a dhéanann cothabháil ar an gClár Féimheachta ar Líne. Faightear sonraí ann maidir le féimheachtaí in Éirinn.
Faisnéis Ghinearálta ar Fhéimheacht
Faisnéis Ghinearálta ar Fhéimheacht
Clár Féimheachta
Clár Féimheachta
Tá sonraí sa Chlár Féimheachta ar líne maidir le féimheachtaí pearsanta in Éirinn. Cliceáil anseo chun teacht ar an gClár Féimheachta.
Conas an Clár a Chuardach
Conas an Clár a Chuardach
Téigh go dtí CSOL.ie
Cliceáil ar Ríomhchlár agus roghnaigh Féimheacht, agus taispeánfar an scáileán cuardaigh. Is féidir leat cuardach ach réimse amháin nó meascán réimsí a úsáid.
Má iontráiltear luachanna i níos mó ná réimse cuardaigh amháin, ní roghnófar taifid féimheachta ach amháin má chomhlíonann siad na critéir ar fad.
Torthaí cuardaigh: Sonraí Féimheachta a Leathnú
Taispeánfaidh an chéad toradh ó chuardach líne faisnéise amháin maidir leis an bhféimheacht.
Chun níos mó sonraí a fheiceáil, cliceáil ar an diosca glas ar thaobh na láimhe clé den taifead cuí. Méadóidh sé seo an scáileán. Chun é seo a dhúnadh, cliceáil ar an diosca dearg.
Gnásanna chun ainmneacha agus seoltaí a iontráil:
Gnás iontrála an chuardaigh |
Formáid cheart |
Formáid mhícheart |
---|---|---|
Coinnigh teaghráin an chuardaigh gearr - is leor cuid den ainm nó seoladh |
Sull (do O’Sullivan) |
- |
Ainmneacha agus Sloinnte - ceannlitir don chéad litir de gach ainm |
Thomas Paul Smith |
thomas paul smith |
I gcás ainmneacha dúbailte, ba chóir go mbeadh ceannlitreacha ar gach ainm |
Mary Jane Blige-Smith |
Mary jane Blige-smith |
Beidh lánstad in ainmneacha a bhfuil inisealacha acu. |
Mary J. Blige |
Mary J Blige |
Níor chóir go mbeadh spás i sloinnte le Mc/Mac |
Paul MacGrath |
Paul Mac Grath |
Níor chóir go mbeadh spás i sloinnte le O’ |
Mark O’ Neill |
Mark O’ Neill |
Ba chóir go mbeadh spásanna i sloinnte le Ní |
Máire Ní Mhurchú |
Máire NíMhurchú |
Comhlacht/Comhlacht comhlachaithe: Úsáid Teoranta seachas Teo. |
Best Pub Teoranta |
Best Pub Teo. |
Seoladh: |
4 Sráid an Mhargaidh |
4 Srd. an Mhargaidh |
Seoladh: |
4 Sráid an Mhargaidh |
4 sráid an Mhargaidh |
Íoch/Uach: |
An tSráid Mhór Íochtarach |
An tSráid Mhór Íoch. |
Cuir Saint isteach mar St |
St John’s Road |
Saint John’s Road |
Cuir Co. Isteach seachas Contae |
Co. Chill Dara |
Contae Chill Dara |