Stiúrthóireacht Straitéise agus Athchóirithe

Address: 
6ú hUrlár, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7, D07 F95Y.
Head of Office: 
Ceann Stiúrthóireachta: Emer Darcy
Other Information: 

Tá freagracht ar an Stiúrthóireacht maidir leis na rudaí seo a leanas:

Aonad Reachtaíochta & Rialacha:

  • gnóthaí reachtacha.
  • tograí a ullmhú chun reachtaíocht maidir le riarachán cúirte a nuachóiriú
  • tograí a ullmhú maidir le nuachóiriú agus simpliú rialacha cúirte agus téarmaíochta
  • Aonad Tacaíochta an Choiste Rialacha: Tacaíocht rúnaíochta, cléireachais agus riaracháin a sholáthar do Choiste Rialacha na Cúirte Uachtaraí, do Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda agus do Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche de réir fhorálacha alt 6 (2) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 arna leasú le halt 18 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008. Ionadaíocht P.O.F. a chur ar fáil ar na coistí sin de bhun alt 30 (2) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998.
  • deiseanna a shainaithint chun nósanna imeachta agus cleachtas oifig na cúirte a fheabhsú
  • impleachtaí theicneolaíocht na faisnéise agus an rialtais a mheas
  • rialacha agus cleachtais chúirte a thionscnamh
  • scrúdú a dhéanamh, i gcomhairle le stiúrthóirí eile na Seirbhíse Cúirteanna, ar thograí le haghaidh reachtaíocht nua a bhaineann le riarachán cúirteanna

Chuir an oifig tacaíocht riaracháin ar fáil freisin don Ghrúpa Oibre ar Dhlínse na gCúirteanna.

 

Oifig an Chláir Athraithe

  • Tá ról lárnach aici i gcomhordú, monatóireacht agus éascú gach Tionscadal Athraithe suntasach.
  • Ardán a chur chun cinn agus a chruthú chun smaointe agus tionscnaimh nua a iniúchadh
  • Creat Rialachais an Chláir Athraithe a bhainistiú chun tacú le cur chun feidhme agus seachadadh rathúil an Chláir Oibre um Athrú Corparáideach agus an phunann tionscadail athraithe a bhaineann leis.
  • Obair a dhéanamh le gach aonad gnó, chun tacú le cultúr feabhsúcháin leanúnach, nuálaíochta agus malartaithe smaointe.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar na próisis, na hathruithe, na coimhlintí, na rioscaí go léir agus a chinntiú go ndéantar cinntí i gcomhthéacs aon tionchair thras-eagraíochta

 

Aonad Foghlama & Forbartha

  • Tionscnaimh fhorbartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chur ar fáil d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna, chun cabhrú le cuspóirí na heagraíochta a bhaint amach.