Blanchardstown Court Office

Oifig Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir

Address: 
Bloc 4, Cúirt an Gharráin, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. D15 NH94
Phone: 
+353 1 888 6480
Email: 
blanchardstowndc@courts.ie
Opening Hours: 
Luan go hAoine: 10.00 - 13.00 agus 14.00 - 16:00
Opening Hours: 
Luan go hAoine: 10.00 - 13.00 agus 14.00 - 16:00
Head of Office: 
Lorraine Fagan
Accessibility: 
Cá bhfuil muid lonnaithe? Is féidir seirbhís iompair phoiblí le Bus Bhaile Átha Cliath a úsáid le dul go Baile Bhlainséir - féach ar www.dublinbus.ie Táimid suite taobh thiar d’Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall & Leisureplex. Tá Páirceáil Saor in Aisce ag an ionad siopadóireachta atá siúlóid ghearr uaidh. Tá áit Pháirceála ar gá íoc as ag Teach na Cúirte (níl an carrchlós seo á bhainistiú ag an tSeirbhís Chúirteanna)
Other Information: 

Maidir leis an oifig seo:

Pléann an oifig seo le:

  • CÚISIMH GHARDAÍ: Coireanna Tráchta ar Bhóithre & Gnó Coiriúil.
  • Iarratais ar Mhaoin Phóilíní
  • Iarratais ar Cheadúnas Tiomána a fháil ar ais
  • Iarratais ar Ordú Cóipe (lena n-áirítear iarratais ó Theach Cúirte Richmond, Teach Cúirte Chill Mhaighneann, agus Cúirteanna 44, 45 agus 46 ó 2011 - 2016)

Ní phléann an oifig seo le cúrsaí Sibhialta, Ceadúnaithe, Forfheidhmithe, Ionchúisimh Phríobháideacha, Éilimh Bheaga ná Cúrsaí Dlí Teaghlaigh.

Sonraí ar Shuíonna:

Suíonn Cúirt Bhaile Bhlainséir 1 go laethúil ag 10.30 do Ghnó Thrácht ar Bhóithre & Gnó Coiriúil

Suíonn Cúirt Bhaile Bhlainséir 2 go laethúil ag 10.30 do Ghnó Thrácht ar Bhóithre & Gnó Coiriúil

Téarmaí & Suíonna Bhaile Bhlainséir

Áiseanna áitiúla:

I measc na n-áiseanna ag an teach cúirte tá; seomraí comhairliúcháin, leithris, áiteanna feithimh poiblí, ardaitheoir, rochtain do chathaoireacha rothaí. Níl aon áiseanna bia / dí ar an láithreán, mar sin féin, laistigh d’achar gairid ón teach cúirte tá Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ina bhfuil roinnt bialann, siopaí caife, beáir agus siopaí eile.

Tá Oifig Cúirte Dúiche Bhaile Bhlainséir suite i Teach Cúirte Bhaile Bhlainséir.

 

Faisnéis eile:

Tacaíocht Íospartach sa Chúirt. 
Cuireann V-SAC tionlacan cúirte ar fáil lena saorálaithe ardoilte d’íospartaigh na coireachta nó d'fhinnéithe agus iad ag freastal ar an gCúirt. Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le V-SAC ag 01 8726785  manager@vsac.ie

Íocaíochtaí Bhosca na mBocht
Má tugadh an deis duit íocaíocht a dhéanamh le Bosca na mBocht, féadfaidh tú an méid riachtanach a íoc in Oifig na Cúirte agus tabharfar admháil duit le taispeáint sa Chúirt ar an dáta atráth.  Nó, is féidir leat íoc go díreach leis an gcarthanas ar leith agus an admháil a thabhairt chuig oifig na cúirte roimh an dáta atrátha.   Ní bhfaighidh tú aon fhógra i scríbhinn faoin dáta atráth ón gCúirt.

Fíneálacha
Gheobhaidh tú fógra fíneálacha laistigh de chúpla seachtain tar éis an cás a thabhairt chun críche, beidh fógra ceangailte leis a mhíníonn conas íoc.  Má tá seoladh athraithe agat caithfidh tú é sin a chur in iúl don Chúirt a luaithe is féidir
Tabhair faoi deara nach bhfuil saoráid cárta creidmheasa / dochair againn - caithfidh gach íocaíocht a bheith in airgead tirim nó in ordú bainc / poist.

 

Naisc Ghaolmhara
Rialacha Cúirte Dúiche 
Suíonna Cúirte Dúiche
Táillí Cúirte Dúiche 
Foirmeacha Cúirte Dúiche 
Breithiúnais a Fhorfheidhmiú 

Gnó na hOifige
Sibhialta 
Coiriúil
Teaghlach 
Ceadúnú 
Achomhairc
Fíneálacha
Bannaí 
Ógánaigh
Toghairm 
Éilimh Bheaga 
Táillí Cúirte agus Dleacht Mháil a íoc