Stiúrthóireacht na Seirbhísí Bonneagair

Address: 
An tSeirbhís Chúirteanna, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. D07 X028
Head of Office: 
Ceann Stiúrthóireachta: Mr Owen Harrison
Accessibility: 
Facs: +353 1 888 6729
Other Information: 

Tá an Stiúrthóireacht seo freagrach as:

Aonad Teicneolaíochta Faisnéise & Cumarsáide.

  • seirbhís chuimsitheach teicneolaíochta faisnéise a chur ar fáil don eagraíocht trí chórais faisnéise a sholáthar a thacaíonn le cuspóirí gnó Sheirbhís na gCúirteanna a bhaint amach;
  • córais nua faisnéise a sholáthar agus a bhainistiú;
  • bonneagar cumarsáide nua-aimseartha ar fud na tíre a sholáthar chun tacú le bainistíocht agus riarachán na Seirbhíse;
  • seirbhísí ríomh-Rialtais a sholáthar

 

Aonad Bainistíochta Eastáit.

Fón: +353 1 888 6050
Facs: +353 1 888 6005

  • pleanáil do riachtanais chóiríochta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo do gach réimse sa tSeirbhís;
  • tionscadail tógála caipitil a phleanáil agus a fhorbairt, obair athchóirithe agus cóiríocht a léasú;
  • cláir thógála agus chothabhála chaipitil a ullmhú agus a chostáil;
  • úinéireacht tithe cúirte, ó údaráis áitiúla agus Oifig na nOibreacha Poiblí, a aistriú chuig an tSeirbhís;
  • saoráidí cúirte a fheistiú agus a chothabháil de réir caighdeán nua-aimseartha, lena ndéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas
  • na caighdeáin sábháilteachta, sláinte agus leasa is fearr a chinntiú i ngach foirgneamh agus oifig, agus
  • bainistíocht ghinearálta a dhéanamh ar Ionad na gCeithre Chúirt.

 

Aonad Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí

Fón: +353 1 888 6010
Facs: +353 1 888 6005

  • Freagrach as cur i bhfeidhm Chlár Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí na Seirbhíse Cúirteanna.
  • Tionscadail agus seirbhísí a phleanáil agus a fhorbairt atá le seachadadh ag PPP.
  • Freagrach as Ionad na gCúirteanna Coiriúla a sheachadadh.

 
Comhordaitheoir Sláinte & Sábháilteachta:

Fón: +353 1 888 6517
Facs: +353 1 888 6005

  • Monatóireacht, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gClár Sláinte & Sábháilteachta laistigh den tSeirbhís;
  • Comhairle a thabhairt don tSeirbhís ar shábháilteacht, sláinte agus leas an duine san ionad oibre.