Oifig an Phríomhfheidhmeannaigh

Address: 
An tSeirbhís Chúirteanna, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. D07 X028
Phone: 
+353 1 888 6426
Email: 
officeoftheceo@courts.ie
Head of Office: 
Príomhfheidhmeannach: Angela Denning
Other Information: 

Rúnaíocht:

  • Soláthraíonn sé tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin do Bhord na Seirbhíse Cúirteanna.
  • Soláthraíonn sé tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin don Phríomhfheidhmeannach.
  • cuireann sé an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i bhfeidhm (mar a thagraíonn siad don tSeirbhís Chúirteanna).
  • Téann sé i gcomhairle le stiúrthóireachtaí, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus gníomhaireachtaí rialtais agus comhlachtaí poiblí eile maidir le hábhair ar nós ceisteanna parlaiminte, breathnóireachtaí ar mheabhráin rialtais, tuarascálacha, comhfhreagras ginearálta srl.

 

Aonad Tacaíochta Breithiúnais:

  • soláthraíonn sé cúltaca riaracháin agus rúnaíochta don Bhord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha.
  • soláthraíonn sé an tacaíocht riaracháin agus rúnaíochta don Choiste um Staidéar Breithiúnach.
  • láimhseálann sé gach ceist maidir leis na breithiúna. Faigh tuilleadh eolais anseo

 

Fón: +353 1 888 6826 / 6429 / 6722/ 6064

Ríomhphost: judicialsupport@courts.ie

 
Iniúchadh Inmheánach:

Déanann an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí, arna mhéadú ag iniúchóirí inmheánacha foinsithe allamuigh, iniúchtaí ar fud réimse iomlán ghníomhaíochtaí na Seirbhíse lena n-áirítear teicneolaíocht airgeadais, oibríochta, faisnéise agus cumarsáide, tógáil caipitil agus rialachas.

Taighde Dlí & Seirbhísí Leabharlainne

  • A chinntiú go soláthraítear seirbhís taighde dlí tráthúil agus dea-chleachtais do na breithiúna agus don tSeirbhís Cúirteanna
  • Seirbhísí leabharlainne, faisnéise agus taighde a leathnú, a fhorbairt agus a fheabhsú do na breithiúna agus thar a gceann

 

Oifig Cumarsáide agus Meán:

Fón: +353 1 888 6459

  • Soláthraíonn sí faisnéis faoin gcóras cúirte don phobal de bhun alt 5 (c) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998
  • Coinníonn agus forbraíonn suíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna
  • Comhordaíonn, ullmhaíonn agus foilsíonn ábhar maidir le hobair na gcúirteanna
  • Forbraíonn sí cláir chun a chur ar chumas scoileanna agus grúpaí pobail eile faisnéis chomhshamhlaithe a fháil faoin gcóras cúirte
  • Labhraíonn sí le grúpaí sainleasa ar ábhair a bhaineann le hobair na gcúirteanna
  • Tiomsaíonn sí staitisticí ar obair na gcúirteanna
  • Soláthraíonn sí tuarascáil i scríbhinn don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Cúirteanna de bhun alt 8 den Acht um Sheirbhís Cúirteanna, 1998.

Caidreamh leis na Meáin:

Is pointe tagartha agus foinse faisnéise í an tSeirbhís Caidrimh Meán do na meáin idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla lena n-áirítear teilifís, raidió, idirlíon agus cló.

Fón: +353 1 888 6469 +353 87 245 8304

Facs: +353 1 873 5250

Ríomhphost: Gerry.Curran@courts.ie