Four Courts

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte

Address: 
Urlár na Talún (Sciathán Thoir), Ceithre Chúirt, Cé na nÓstaí, Baile Átha Cliath 7
Phone: 
+353 1 888 6016
Email: 
HighCourtCentralOffice@courts.ie
Opening Hours: 
Luan go hAoine: 10.00 - 16.30
Opening Hours: 
Luan go hAoine: 10.00 - 16.30
Head of Office: 
In.Kim Duffy
Accessibility: 
DX: Príomh-Oifig Sheirbhís Cúirte na hArd-Chúirte - 276001 - Foirgneamh Gandon
Other Information: 

Is trí choinne a dhéantar freastal ar an bPríomh-Oifig.
Is féidir coinní a dhéanamh trí http://www.courts.ie/appointments nó trí gloach +353 1 888 6016
Má tá coinne phráinneach agat, seol ríomhphost chuig dublincivillaw@courts.ie
De rogha air sin, is féidir leat leas a bhaint as ár Seirbhís Siúil Isteach trí d’ainm a chlárú ar an mbileog Sínigh isteach atá suite sa Seomra Feithimh. Tá an tseirbhís seo ar fáil idir 10 r.n agus 4 i.n.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbaineann an méid thuas ach le coinní ag na Cuntair Phoiblí agus nach mbaineann siad le coinní do na Rannóga Breithiúnas agus Gníomhas Aonpháirtí. Seol ríomhphost, le do thoil, chun coinní a dhéanamh do na rannóga seo (féach thíos). 

Más gá duit do choinne a athrú nó a chur ar ceal, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú é sin a luaithe is féidir chun an choinne a chur ar fáil do dhaoine eile.

Is ar an bhfón nó ar an ríomhphost amháin a dhéantar cumarsáid leis an bPríomh-Oifig.

 

Dturas Fíorúil

Cliceáil ar an nasc Dturas Fíorúil chun turas fíorúil idirghníomhach a dhéanamh ar ár bhfoirgneamh cúirte.

Uaireanta gnó:

Rialaítear uaireanta oscailte do ghlaoiteoirí pearsanta ag Ordú 118 de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha mar a leanas:
Luan go hAoine: 10.00 - 16.30
Oíche Nollag: 10.00 - 13.00
Dúnta: 'Dé Sathairn, Dé Domhnaigh, Lá Nollag agus an 7 lá dar gcionn, Lá Fhéile Pádraig, Aoine an Chéasta agus Dé Luain agus Dé Máirt de Sheachtain na Cásca agus na laethanta a ainmnítear mar laethanta saoire poiblí in oifigí poiblí.' Ordú 118 Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha

Seomra Liosta An Ard-Chúirt - Fógra maidir le hathrú ar uaireanta gnó.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh uaireanta oscailte nua Seomra Liostaithe na hArd-Chúirte le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 mar a leanas:

Dé Luain: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Dé Máirt: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Dé Céadaoin: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Déardaoin: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Dé hAoine: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30

Maidir le Lár-Oifig na hArd-Chúirte:

Féadfaidh tú tabhairt faoi do chás nó doiciméid a chomhdú i Lár-Oifig na hArd-Chúirte go pearsanta nó tríd an bpost.
Dleacht Stampa – NÍ MÓR é a fháil san Oifig Stampa in Áras Uí Dhálaigh roimh freastal ar an oifig.

Tabhair ar d'aird:

Ní ghlacfaidh an Phríomh-Oifig le litreacha údaráis a sholáthraíonn páirtithe a thuilleadh, litreacha a thugann ar dhuine féachaint ar chomhad, doiciméid a chomhdú nó doiciméid a bhailiú.
Ba cheart go mbeadh sé de chumas ag dlíthithe a fhreastalaíonn ar an gcúirt cruthúnas aitheantais a sholáthar má iarrtar sin.

Sonraí teagmhála breise:

Ceisteanna ginearálta: highcourtcentraloffice@courts.ie 
Breithiúnais Airgeadaíochta: rej@courts.ie 
Breithiúnais (i scríbhinn): highcourtjudgments@courts.ie
Gníomhas Aonpháirtí / Cumhacht Aturnae Ghinearálta: deedpollquery@courts.ie
Tá an tseirbhís do ghlaoiteoirí pearsanta gníomhais aonpháirtí chuig Lár-Oifig na hArd-Chúirte ar fáil Dé Máirt agus Déardaoin ó 10.00 - 12.30. (Le Coinne amháin)
Coinbhinsiún na Háige: hagueconvention@courts.ie 
Ordú íocaíochta Eorpach: europeanorderforpayment@courts.ie 
Fiosrúcháin íocaíochta a chur ina gceart: highcourtredress@courts.ie
Mioníocaíochtaí: highcourtminorspayments@courts.ie
Iarratais ar chóipeanna priontáilte: highcourtbespeaks@courts.ie 
Le deimhniú an bhfuil Ordú curtha i gcrích, féach le do thoil ar Cuardach na hArd-Chúirte 
Orduithe Ard-Chúirte Fianaithe: Déan coinne le do thoil ag an gCuntar Poiblí
Iarratais laethúla ar aisghabháil comhad: highcourtfileretrieval@courts.ie
Seomra Liosta: listroomhighcourt@courts.ie

Máistir na hArd-Chúirte

Ríomhphost: highcourtmaster@courts.ie 
Maidir le gach ábhar a bhfuil an Máistir freagrach as.
Faisnéis eile: An Leas-Mhaistir John Glennon

Naisc Fhíorúla Chúirte  – An Ard-Chúirt

I gcás (a) ina bhfuil éisteacht á déanamh ar bhonn cianda go hiomlán agus (b) i gcás inar mian le ceann amháin nó níos mó de na páirtithe a bheith rannpháirteach go cianda i gcás éisteacht hibrideach, beidh gá leis an sonraí logála isteach ábhartha a fháil.

Maidir le baill de ghairm an dlí, is féidir teacht ar Shonraí Logála Isteach sa Seomra Fíorúil Cúirte le haghaidh Breithiúna Ard-Chúirte ar leith ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

https://members.lawlibrary.ie/connect/
https://www.lawsociety.ie/remotehearings

I gcás aon duine nach bhfuil ionadaíocht acu agus páirtí in ábhar os comhair na hArd-Chúirte, déan teagmháil le HighCourtVMR@courts.ie. Agus teagmháil á déanamh agat, tabhair ainm an cháis, uimhir thaifid, dáta cúirte agus Breitheamh (más eol) agus conas a bhaineann tú leis an ábhar os comhair na cúirte, i.e. gearánaí, cosantóir, freagróir nó eile.

Mar gheall ar theorainneacha ar líon na rannpháirtithe a bhfuil cumas ag an ardán éisteachta cianda ina leith, cinntigh go ndéanann tú do nasc gar don uair a ghlaofar d’ábhar agus, nuair a bheidh sé críochnaithe, bí cinnte dícheangal a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir le daoine eile rochtain a fháil ar an éisteacht chianda.

Teagmháil a dhéanamh le Breithiúna na hArd-Chúirte

Bíonn Breithiúna neamhchlaonta agus iad ag tabhairt faoina gcuid ról, a riartar go poiblí. Ní théann siad i mbun comhfhreagrais le páirtithe nó le haon duine eile maidir le cásanna os comhair na gcúirteanna. Níor chóir scríobh chucu nó labhairt leo go príobháideach.

Is é an t-aon bhealach chun labhairt le breitheamh faoi shaincheist i gcás ná sa chúirt oscailte ag éisteacht le hionadaí dlíthiúil páirtí nó leis an bpáirtí féin (sa chás go bhfuil sé féin-ionadaíoch).

Ábhair phráinneacha ar laethanta neamh-shuí

De ghnáth ní dhéanann an Ard-Chúirt suíonna a sceidealú le linn saoire na cúirte ná ag an deireadh seachtaine ná ar laethanta saoire poiblí.  

Má tá ábhar práinneach agat ar laethanta nuair nach bhfuil an chúirt ina suí, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na Ceithre Chúirt ar (01) 8886000.  Cuirfear tú ar aghaidh chuig an gCláraitheoir Dleachta a dhéanfaidh socruithe chun cumarsáid a dhéanamh le Breitheamh agus idirchaidreamh a dhéanamh le haghaidh iarratas práinneach, más iomchuí. 

(Socraithe do Laethanta Saoire na Cincíse, 2023)   

Na Meáin

Ba chóir fiosrúcháin i dtaca leis na meáin a chur chuig Curran Communications Limited. Téigh i dteagmháil le Gerry Curran ag 01-8886469 nó gerry.curran@courts.ie