Stiúrthóireacht um Bainistíocht Acmhainní

Address: 
An tSeirbhís Chúirteanna, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. D07 X028
Phone: 
+353 1 888 6019 / 6021
Head of Office: 
Ceann Stiúrthóireachta: An tUasal Sean Quigley
Other Information: 

Tá an Stiúrthóireacht seo freagrach as:

Bainistíocht Airgeadais:

Rialú buiséid agus bainistíocht airgeadais na gcistí a vótáil an tOireachtas chuig an tSeirbhís Chúirteanna chun na cúirteanna a bhainistiú agus tacú leis na breithiúna. Áirítear leis seo ullmhú an Chuntais Leithghabhála Bhliantúil.

 

Cuntasaíocht Cistí:

Tá an tSeirbhís Cúirteanna de réir an Achta um Sheirbhís Chúirteanna 1998 freagrach as bainistíocht agus riarachán na gCúirteanna agus soláthraíonn sí seirbhísí tacaíochta do na breithiúna. Coinníonn na Cúirteanna cistí cúirte ar iontaobhas. Infheistítear na cistí seo de réir fhorálacha an Achta Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958 agus orduithe ina dhiaidh sin. Tá níos mó ná 18,000 tairbhí ann agus ina measc seo tá catagóirí éagsúla dlíthíochta, daoine ar Coimircithe Cúirte iad agus Mionaoisigh ar bhronn na Cúirteanna damáistí orthu. Bhí luach thart ar €1.3 billiún ar na cistí seo ar an 30 Meán Fómhair 2013.

 

Cuntasaíocht na gCúirteanna:

Trí ionad seirbhíse roinnte a bunaíodh chun gach idirbheart airgeadais a phróiseáil sna hoifigí cúirte áitiúla. Cuimsíonn na hidirbhearta seo fíneálacha, cothabháil dlí teaghlaigh agus bannaí.

 

Soláthar:

Tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do gach oifig atá ag tabhairt faoi sholáthar earraí agus seirbhísí. Is é cuspóir na feidhme seo comhlíonadh le rialacháin soláthair an AE agus náisiúnta a chinntiú agus luach ar airgead a bhaint amach.

 

Bainistíocht Riosca:

Cuireadh creat bainistíochta riosca i bhfeidhm le blianta beaga anuas ar éirigh leis agus tá bainistíocht riosca foirmiúil leabaithe go maith anois ar fud na heagraíochta. Cinntíonn an t-aonad seo go leanfar ar aghaidh le bearta a pleanáladh chun aghaidh a thabhairt ar riosca aitheanta agus a thuairisciú don Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí agus don Choiste Iniúchóireachta.

 

Oiliúint agus Forbairt:

Is réimse tábhachtach gníomhaíochta é oiliúint agus forbairt chun a chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ag an 980 ball foirne atá fostaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna chun a gcuid ról agus freagrachtraí a chomhlíonadh go cumasach. Tacaíonn an t-aonad seo freisin le forbairt foirne trí réimse cúrsaí.

 

Forbairt Eagrúcháin:

Is eagraíocht í an tSeirbhís Chúirteanna a athraíodh go suntasach ó bunaíodh í in 1999. Táthar ag súil go leanfaidh an ráta athraithe bunaithe ar an bplean straitéiseach nua agus ar fhachtóirí sa timpeallacht sheachtrach. Tacaíonn an t-aonad seo le Cinn Stiúrthóireachta agus le daoine eile chun a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm go héifeachtach tionscnaimh mhóra athraithe.

 

Bainistíocht Acmhainní Daonna:

Fón: +353 1 888 6095

Facs: +353 1 888 6090

Ríomhphost: HRHelpdesk@courts.ie

Pléann an réimse seo leis na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le soláthar foirne idir earcaíocht agus dul ar scor, lena n-áirítear ionduchtú, promhadh, ábhair a bhaineann le pá, ardú céime, éirí as, aistrithe foirne, bainistíocht feidhmíochta, cód smachta na státseirbhíse, agus caidreamh tionsclaíoch. Oibríonn an t-aonad freisin i dtreo tionscnaimh athraithe eagraíochta a thionscnamh agus a éascú trí Choistí Comhpháirtíochta agus fóraim eile.