Criminal Courts of Justice

Oifig Chúirteanna Coiriúla Bhaile Átha Cliath

Address: 
Urlár 4, Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8. D08 K6YH
Email: 
CCJMail@courts.ie
Opening Hours: 
Luan go hAoine: 10.00 - 13.00 agus 14.00 - 16:30
Opening Hours: 
Luan go hAoine: 10.00 - 13.00 agus 14.00 - 16:30
Head of Office: 
Kevin Fidgeon
Other Information: 

Dturas Fíorúil

Cliceáil ar an nasc chun turas fíorúil idirghníomhach a dhéanamh ar ár bhfoirgneamh cúirte.

Oifig Fiosrúcháin Ghinearálta, 4ú hUrlár:

Guthán:

Cúirt Dúiche  +353 1 798 8003/ Ríomhphost: ccjmail@courts.ie

Achomhairc sa Chúirt Dúiche  +353 1 798 8007 /  Ríomhphost: dcaccj@courts.ie

An Chúirt Chuarda   +353 1 798 8006/ Ríomhphost: circuitadminccj@courts.ie

An Phríomh-Chúirt Choiriúil +353 1 798 8605 / Ríomhphost: centralcriminalcourt@courts.ie

Facs: +353 1 6400 111   nó  +353 1 6400 115

An Chúirt Choiriúil Speisialta:specialcriminalcourt@courts.ie

 

Oifig na mBannaí, Urlár na Talún:

Uaireanta: Luan go hAoine: 10.00 - 12.45 agus 14.00 go dtí go bhfuil deireadh le gnó.

Teileafón: + 353 1 798 8001 / Ríomhphost: ccjmail@courts.ie

Facs:   +353 1 6400 116

Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar bhannaí, cliceáil anseo.

 

Oifig an Ghiúiré:

Teileafón:  +353 1 798 8008 / Ríomhphost: dublinjuryoffice@courts.ie

 

Gnó Coiriúil Dúiche

Pléitear go laethúil le fiosrúcháin a bhaineann le barántais bhinse gan íoc, dátaí cúirte, torthaí cúirte, iarratais ar bhannaí / dearbhú urraí, achomharc a thaisceadh, cúnamh dlíthiúil, iarratais ar chóipeanna d'orduithe agus iarratais ar mhaoin phóilíní.

Cuirtear cúltaca riaracháin ar fáil don chúirt trí bharántais athchuir / chimithe / trialach / eiseachadadh agus binse a eisiúint. Déantar achomhairc a phróiseáil agus déantar éilimh ar chúnamh dlíthiúil a dheimhniú le haghaidh íocaíochta.

Ullmhaítear gach doiciméad cuí ionas go mbeidh siad réidh do gach suí cúirte.

  • faisnéis, gearáin agus achoimre ar chúisimh ar gabhadh cúisí ina leith ach amháin imeachtaí faoi alt 8 den Acht um Fhorfheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 agus faoi Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986
  • imeachtaí chun aon aitheantas a eistréatadh a dhéantar de bharr ordú a rinneadh agus iarratais chun athrú nó saoradh
  • iarratais gharda ar bharántais ghabhála nó chuardaigh
  • iarratais faoin Acht Póilíneachta (Maoine), 1897
  • iarratais ar Shaorchúnamh Dlí
  • iarratais ar bhannaí / dearbhú urraí
  • síneadh ama chun achomharc a dhéanamh, iarratais ar bhannaí chun críocha achomhairc agus cáipéisí achomhairc a thaisceadh.
  • sárú ar orduithe seirbhíse pobail
  • sárú promhaidh
  • coireanna agus cionta indíotáilte a chur ar aghaidh chun trialach agus éisteacht ar chúiseamh achomair atá coimhdeach le coireanna agus cionta den sórt sin

Faigh tuilleadh eolais

Gnó Coiriúil Cuarda

Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda gach cion indíotáilte a thriail, seachas iad sin (amhail dúnmharú, tréas agus píoráideacht) a chuirtear go heisiach le haghaidh trialach os comhair na Príomh-Chúirte Coiriúla.

Cuirtear cásanna atá le triail os comhair na Cúirte Cuarda ar ais os comhair na Cúirte Dúiche i dtosach agus, nuair atá siad réidh le cur ar aghaidh le haghaidh trialach, cuireann an chúirt sin ar ais iad chun na Cúirte Cuarda.

Féadfar cosantóir a phléadálann ciontach sa Chúirt Dúiche i gcion intriailte ar díotáil, ag brath ar chineál an chiona agus ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda le pionós a ghearradh air. Is é an breitheamh amháin a ghearrann an pionós.

Déantar triail chionta sa Chúirt Chuarda Choiriúil os comhair an bhreithimh agus an ghiúiré, ar dhoiciméad ar a dtugtar an díotáil (nó ar a dtugtar go minic 'bille díotála'). Is doiciméad teicniúil é sin a shonraíonn ainm an chúisí, cúirt na trialach, na cionta a chúiseofar an cúisí agus sonraí an chiona.

Feidhmítear dlínse chríche na Cúirte Cuarda i gcuardaí. De ghnáth, is féidir cás a thriail sa chuaird ina líomhnaítear go ndearnadh an cion, inar gabhadh an cúisí nó inar gabhadh nó ina gcónaíonn an duine a cúisíodh.

Faigh tuilleadh eolais.

Tá Oifig Cúirteanna Coiriúla Bhaile Átha Cliath suite i Cúirteanna Coiriúla Dlí agus Cirt Bhaile Átha Cliath.

Naisc Ghaolmhara
Rialacha Cúirte Cuarda 
Rialacha Cúirte Dúiche 
Suíonna Cúirte Cuarda
Suíonna Cúirte Dúiche
Táillí Cúirte Cuarda
Táillí Cúirte Dúiche
Foirmeacha na Cúirte Uachtaraí
Foirmeacha Cúirte Cuarda
Foirmeacha Cúirte Dúiche
Breithiúnais a Fhorfheidhmiú 

Gnó na gCúirteanna
Coiriúil Chuarda
Coiriúil Dúiche
Bannaí
Toghairm
Táillí Cúirte agus Dleacht Mháil a íoc