Oifig Dlí Teaghlaigh Bhaile Átha Cliath
Cliceáil ar an nasc chun turas fíorúil idirghníomhach a dhéanamh ar ár bhfoirgneamh cúirte.
Ní gá duit coinne a dhéanamh chun iarratas a chur faoin reachtaíocht um Fhoréigean Baile - is seirbhís siúil isteach í seo.
Facs: +353 1 671 7903
Uimhreacha Teagmhála Eile:
+3531 888 6355 / 6698 / 6511 / 6034 / 6343 / 6664
Maidir leis an oifig seo:
Pléann an oifig seo le gnó do na ceantair go léir laistigh de Cheantar Cúirte Cathrach Bhaile Átha Cliath - seachas limistéar Shoird.
Pléitear gnónna Shoird ag Oifig Cúirte Dúiche Shoird.
Tá Oifig Dlí Teaghlaigh Bhaile Átha Cliath suite i Teach Dolphin.
Gnó a láimhseáiltear;
- Foréigean teaghlaigh
- Caomhnóireacht leanaí
- Cothabháil chéilí agus leanaí
- Cúrsaí a bhaineann le hiarratais ar phas
- Tástálacha fola chun tuismíocht a chinneadh
Iarratais éigeandála a bhaineann le foréigean teaghlaigh;
Caithfear iarratais éigeandála ar fhoréigean teaghlaigh a dhéanamh sa Seomra Agallaimh roimh 3.00 i.n. gach lá. Más gá duit iarratas éigeandála a dhéanamh tar éis uaireanta, déan teagmháil leis an stáisiún gardaí áitiúil. Rachaidh stáisiún na nGardaí i dteagmháil le cléireach na cúirte ar ghlao chun cás cúirte a shocrú. Ar an Satharn agus ar laethanta saoire poiblí, féadfaidh tú iarratas éigeandála a dhéanamh ag Oifig na gCúirteanna Coiriúla, na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8.
Naisc Ghaolmhara
Rialacha Cúirte Dúiche
Suíonna Cúirte Dúiche
Táillí Cúirte Dúiche
Foirmeacha Cúirte Dúiche
Téarmaí & Suíonna Theach Dolphin
Gnó na hOifige: