Ríomhchomhdú ar Iarratais ar Chead Achomhairc chuig an gCúirt Uachtarach

Ríomhchomhdú ar Iarratais ar Chead Achomhairc chuig an gCúirt Uachtarach

Chun faisnéis ghinearálta a fháil maidir le próiseas an cheada achomhairc, téigh chuig an áit chuí i rannán na Cúirte Uachtaraí ar an suíomh gréasáin.

Sheol an tSeirbhís Chúirteanna céim 1 de ríomhchomhdú na Cúirte Uachtaraí ar chead achomhairc ar an tSeirbhís Chúirteanna ar Líne (CSOL) www.csol.ie.

Ligeann sé seo do ghnólachtaí dlíodóireachta agus d’oifigí dlí Iarratais ar Chead Achomhairc a dhéanamh in Oifig na Cúirte Uachtaraí go leictreonach i gcásanna ina ndéantar ionadaíocht dhlíthiúil do pháirtithe.

Tacaíonn treoir chleachtais, foirmeacha cúirte sruthlíneacha agus rialacha cúirte leis an bpróiseas agus bainfidh buntáistí leis do chleachtóirí, lena n-áirítear;

  • Saoráid chun cur isteach ar chead ar líne,
  • Saoráid chun doiciméid a bhaineann leis an iarratas a uaslódáil,
  • Táillí a íoc ar líne,
  • Saoráid chun Fógra Freagróirí a uaslódáil,
  • Saoráid chun leabhrán ina bhfuil doiciméid bhreise a uaslódáil.

Le gur féidir iarratais a chur isteach ar líne, ní mór do ghnólachtaí agus d’oifigí clárú ar chóras na Seirbhíse Cúirteanna ar Líne (CSOL) ar dtús.

Tá faisnéis ar an bpróiseas clárúcháin ar fáil thíos.

An próiseas clárúcháin

Le gur féidir iarratais a chur isteach ar líne, ní mór do ghnólachtaí agus d’oifigí clárú ar chóras na Seirbhíse Cúirteanna ar Líne (CSOL) ar dtús.

Is próiseas trí chéim é an próiseas clárúcháin:

Ní mór Google Chrome a úsáid chun sonraí a iontráil agus teacht ar fhaisnéis ar CSOL.

Céim 1.

Ní mór cuntas a chruthú ar dtús ach sonraí a iontráil go leictreonach ar www.csol.ie

Ní mór na sonraí seo a leanas a chur isteach.

  • Cineál Cuntais (Roghnaigh ‘Cuntas Gnólachta Dlí’)
  • Céadainm
  • Sloinne (Ba chóir gurbh é seo an teagmhálaí a cheap an gnólacht nó an oifig maidir le CSOL. ‘Riarthóir’)
  • Seoladh ríomhphoist
  • Ainm an Ghnólachta nó na hOifige (Tá cuid den fhaisnéis seo ann roimh ré ó bhunachar sonraí a chuireann an Dlí-Chumann ar fáil)
     
    • Uimhir an Dlí-Chumainn
    • Seoladh an Ghnólachta nó na hOifige
    • Sonraí an Chuntais Bhainc

 

Céim 2.

Doiciméid láimhe chun clárú.

Íoslódálann riarthóir an ghnólachta/na hoifige doiciméid ó CSOL atá ag teastáil chun clárú.

Ba chóir na doiciméid seo a chomhlánú i gcruachóip, in éineacht le doiciméid tacaíochta eile, mar a leagtar amach ar CSOL, agus a sheoladh ar ais chuig;

An Lár-Aonad um Thacaíocht Iarratais,
An tSeirbhís Chúirteanna,
Oibríochtaí na gCúirteanna Cuarda agus Dúiche,
Teach an Fhionnuisce,
Margadh na Feirme,
Baile Átha Cliath 7.

Céim 3.

Cuntas Gnólachta/Oifige a Ghníomhachtú.

Nuair a fhaigheann an tSeirbhís Chúirteanna na doiciméid láimhe, cuirtear ríomhphost ina mbíonn nasc gníomhachtaithe chuig an seoladh ríomhphoist a cuireadh ar fáil.

Leanann an riarthóir sa ghnólacht/san oifig na treoracha sa ríomhphost agus gníomhachtaíonn sé/sí cuntas gnólachta/oifige ar CSOL.

Is féidir leis an riarthóir teacht ar CSOL anois agus úsáideoirí breise ón ngnólacht a chlárú ar CSOL.

Tá treoracha ar líne ar fáil ag na naisc seo a leanas:

an próiseas clárúcháin

cuntais a ghníomhachtú ar CSOL

agus

úsáideoirí breise a chur le cuntas

Tá tacaíocht ar fáil ar casu@courts.ie

Is treoirthionscadal é seo i dtosach báire atá ar fáil do ghnólachtaí dlíodóireachta agus d’oifigí dlí de chuid comhlachtaí stáit.