Is Cúirt Dúiche í an Chúirt Cóireála Drugaí (CCD) a sholáthraíonn cóireáil, oideachas agus athshlánú maoirsithe do chiontóirí a bhfuil fadhb úsáid drugaí acu.

Oideachas agus gnéithe eile a fheabhsú

Oideachas agus gnéithe eile a fheabhsú

Oideachas agus gnéithe eile a fheabhsú

Má oibríonn tú i bpáirt linn, is féidir linn cabhrú leat d'oideachas a fheabhsú. Má fheabhsaítear an t-oideachas agat feabhsófar an seans agat post níos fearr a fháil nuair a chuirfidh tú an clár i gcrích.

Tá 7 n-ábhar ar fáil i gcomhair deimhniúchán FETAC ar ionann é agus an Teastas Sóisearach. Is céim é seo i dtreo iarratas a chur chuig coláistí breisoideachais chun cabhrú leat gairm agus nós maireachtála eile ar fad a roghnú.

Soláthraímid eadráin, piarthacaíocht, feasacht/ranganna faisnéise ar andúil chun tacú leat agus tú ag téarnamh. Tá grúpaí seiceáil isteach againn fosta Dé Luain agus Dé hAoine chun tacú leat thar an deireadh seachtaine.

Cuirimid ranganna sláinte agus aclaíochta ar fáil le cois ballraíocht i ngiomnáisiam le do leibhéil chorpacmhainneachta a ardú óir tá sé cruthaithe go laghdaíonn sé seo strus agus dúlagar agus is cuidiú é an méid sin féin agus tú ag téarnamh.

Tugaimid gairmthreoir chun cabhrú leat post a fháil nó dul ar aghaidh chuig clár eile oideachais agus chun nós maireachtála nua a chruthú.

Tosaíonn an clár oideachais ar 10am go dtí 2pm Luan go hAoine. Tá club bricfeasta againn ó 9am to 9.30am.

Seo é Colm

Seo é Colm

Is mise Colm; Tá mé i gcéim 2 den chlár. Ba chóir duit dul leis an gclár seo toisc:

  • Is féidir fanacht glan ar thrioblóid ar na sráideanna
  • Bíonn rud éigin le déanamh agat ar maidin agus is cuidiú é le héirí as an leaba
  • Coinníonn sé amach as an bpríosún thú agus díthocsainiú ó cibé drugaí a thógann tú
  • Faigheann tú deis eile ar an oideachas agus is cuidiú é sin chun post nó scéim CE a fháil
  • Faigheann tú cabhair freisin lóistín a aimsiú agus plé le hábhair eile struis i do shaol
  • Is cuidiú é le fadhbanna eile i do shaol seachas drugaí
  • Faigheann tú réidh le do chúisimh, caitear amach iad má chuireann tú an clár i gcrích.

 

Seo í Sorcha

Seo í Sorcha

Is mise Sorcha. Nuair a thosaigh mé ar an gcúirt drugaí, ní raibh mé cinnte an seo an áit ar mian liom dul ann nó an nglacfainn le príosúnacht agus díreach í a chur díom, ach nuair a d'éirigh mé cleachta leis, dar liom go raibh an struchtúr an-chuidiúil. Ní raibh a fhios agam cá mhéad tionchair a bheadh ag an struchtúir ar na bearnaí- cá raibh mé ag dul ar strae le mo théarnamh.... ba chuidiú teacht ar an rud a bhí mé a lorg agus a bhí uaim ..... tugadh orm roghanna eile a dhéanamh agus teacht ar an gcabhair a bhí uaim maidir le m'fholláine fhisiciúil agus shóisialta i dtimpeallacht a bhí saor ó shubstaintí. Nithe ar nós cóireála agus lóistín agus oideachais in BOOCBÁC Parnell gach lá óna 10 go dtí a 2. Rinne siad nasc idir mé agus croí-oibrithe, comhairleoirí agus daoine ar féidir leo cabhrú amhail Chrysalis. Ba bhreá liom é dá dtapódh cailíní eile an deis a thagann leis an gclár óir tá rang sláinte agus aclaíochta den scoth ann agus tá an giomnáisiam saor in aisce. Níl mé fós san áit ar mhaith liom a bheith ach is eol dom cén áit ar mian liom dul!!"

Is mise Seán

Is mise Seán

Is mise Seán. Is dóigh liom gur iontach an clár é agus tá an fhoireann chomh cineálta sin leat. Pléann siad leat ionann is gur duine thú seachas uimhir ar bhileog chúisimh. Nuair a thosaigh mé ar an gCúirt Drugaí, ní raibh a fhios agam cé leis a raibh mé ag súil ach de réir mar a chuaigh na seachtainí thart mhothaigh mé an t-athrú ionam agus gur duine eile mé agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann agus leis an mBreitheamh as an méid sin.

Chabhraigh an fhoireann liom ar an iomad slí. Chabhraigh siad liom ó thaobh an oideachais de agus dá thoradh sin, beidh mé ag tosú ar phrintíseacht an bhliain seo chugainn. Níl ach modúl amháin eile le cur i gcrích agam agus tá mé ar tí tosú air. Chabhraigh siad liom ó thaobh úsáid drugaí de agus tá mé saor ón gcanabas le 30 lá anois ón lá inniu dá bharr. Is maith mar a labhraíonn siad leat mar dhuine seachas uimhir. Is maith go bhfiafraíonn siad díot cad is féidir leo a dhéanamh ar do shon agus cabhrú leat é a bhaint amach.