Achoimre ar an treoir le haghaidh ullmhúcháin chúirte.

Achoimre

Achoimre

Má tá gach páirt de na hullmhúcháin chúirte léite agat, ba cheart go mbeadh buntuiscint agat ar na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoineamh a bheith réidh dá chás agus cad is féidir a tharlódh ar an lá.

Tá liosta de phointí tábhachtacha thíos ar a gcaithfidh tú cuimhneamh le naisc ar ais chuig na ranna ar leith i gcás go mbeidh ort athchuairt a dhéanamh orthu.

Pointí Tábhachtacha

Pointí Tábhachtacha

Na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoineamh sula bhfreastalaíonn tú os comhair na cúirte:

  • B’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh smaoineamh má tá comhairle dhlí de dhíth ort roimh an éisteacht.
  • Chomh maith leis seo b’fhéidir go mbeidh ort smaoineamh dá mbeadh riachtanais speisialta ar bith agat ar an lá má athraíonn na háiseanna atá ar fáil ag brath ar an suíomh.
  • Mura labhraíonn tú Béarla nó Gaeilge, beidh ort ateangaire a fháil.
  • Chun athchuairt a thabhairt ar an roinn seo cliceáil anseo.

Ag pleanáil do thurais:

  • Moltar duit do thuras a phleanáil roimh ré.
  • Tá na sonraí a bhaineann le d’éisteacht cháis ar fáil ó na cáipéisí cúirte oifigiúla a bhfuair tú leis an dáta, suíomh agus am san áireamh.
  • Is féidir leat suíomh do theach cúirte a fháil amach ar an leathanach 'Chun muid a Aimsiú’ dár suíomh gréasáin.
  • Ba cheart duit socruithe riachtanach a dhéanamh (cúram leanaí) roimh ré agus  go leor ama a chur ar leataobh le haghaidh an turais.
  • Chun athchuairt a thabhairt ar an roinn seo cliceáil anseo.

Cad ba cheart a dhéanamh ar an lá:

  • Smaoinigh ar na cáipéisí gur cheart duit a thógáil leat ar an lá.
  • Ba cheart duit dul díreach chuig an áit feithimh nuair a shroicheann tú an teach cúirte agus fan go dtí go nglaofar do chás.
  • Glaofar ort le d’uimhir thagartha cáis agus inisealacha na ndaoine atá bainteach leis an chás.
  • Ní chloíonn cásanna leis an sceideal i gcónaí, agus de bharr seo caithfidh tú a bheith réidh le fanacht.
  • Ní bheidh aon duine ag súil go mbeidh foirmiúlachtaí i seomra na cúirte go léir ar eolas agat, agus mar sin tabharfar treoir chomh maith le linn an cháis.
  • Chun athchuairt a thabhairt ar an roinn seo cliceáil anseo.

Cad ba cheart a bheith ag súil leis i seomra na cúirte:

  • Uaireanta is timpeallachtaí coimhthíocha iad Cúirteanna Dlí Teaghlaigh, agus mar sin is maith na rudaí a bheidh tú ag súil leis a bheith ar eolas agat roimh ré.
  • Chun athchuairt a thabhairt ar an roinn seo cliceáil anseo.

Tacaíochtaí:

  • Tá roinnt seirbhísí tacaíochta ar fáil duit ar go leor rudaí cosúil le tacaíocht dhlí, tacaíocht theaghlaigh, tacaíocht foréigin teaghlaigh agus níos mó.
  • Chun athchuairt a thabhairt ar an roinn seo cliceáil anseo.