Cad is gá a bheith ar eolas agat agus tú sa Chúirt?

Liostaí Ard-Chúirte

Liostaí Ard-Chúirte

Úsáidtear córas liostaithe chun obair na hArd-Chúirte a bhainistiú. Eagraítear cásanna cúirte ina roinnt liostaí, ag brath ar nádúr an cháis. Trí úsáid an chórais seo, is féidir comhroinnt oibre níos cothroime a chinntiú do Bhreithiúna agus a chinntiú go dtagann na cineálacha céanna iarratas os comhair na Cúirte le chéile. Sannann Uachtarán na hArd-Chúirte breithiúna le bheith i gceannas ar gach liosta le tacaíocht ó bhreithiúna eile. Ní féidir an breitheamh a dtiocfaidh do chás os a c(h)omhair a roghnú.

Liostaítear cásanna os comhair na hArd-Chúirte ar bhealach díobh seo a leanas:-

1. Tosaítear an cás le doiciméad de bhun Rialacha na Uaschúirteanna agus a ndáileann an Phríomh-Oifig dáta Cúirte ina leith (mar shampla Toghairm Speisialta)

2. Taisctear achomharc i gcoinne Ordú de chuid na Cúirte Cuarda agus liostóidh an Phríomh-Oifig an gnó chun é a lua agus chuige sin amháin

3. Cuirtear síos cás le haghaidh trialach, deimhnithe más gá, a tosaíodh le Toghairmeacha Iomlánacha nó Achoimre agus lorgaítear dáta mar atá leagtha amach sa tábla thíos

4. Eisítear Fógra Foriarratais ó Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte, ar fhógra chuig an taobh eile, i gcomhair ordú ina dtreoraítear go ndéanfar rud éigin laistigh d'imeachtaí reatha. Leagfar amach an t-iarratas i scríbhinn agus is iondúil go dtacaítear leis i Mionnscríbhinn. Is treoir é an Foriarratas do na páirtithe teacht os comhair Cúirt ar leith ag am ar leith ar lá ar leith.

5. In amanna ní féidir cás a thosú ach trí iarratas ex parte a dhéanamh chuig an gCúirt an chéad uair. Baineann sé seo le formhór na n-iarratas ar athbhreithnithe breithiúnacha. Tá na cúinsí inar féidir a leithéid d'iarratas a dhéanamh leagtha amach i rialacha na Cúirte agus/nó i reachtaíocht.

6. Tá cás sonraithe curtha isteach. Nuair a chuirtear isteach an cás sannann an Phríomh-Oifig dáta éisteachta.

Dialann Dlí

Foilsítear an liosta do gach Cúirt do gach lá sa Dialann Dlí Legal Diary. Úsáideann Cláraitheoirí liosta an nóta ag barr gach liosta agus an rannán "fógraí" chun athruithe ar bhainistiú na liostaí a chur in iúl do chleachtóirí.

Liosta Réamh-Rabhaidh (LIOSTA ADV)

Is liosta cásanna é seo atá i seilbh breitheamh ar leith agus atá liostaithe os a c(h)omhair ar lá ar leith. Cuimsítear i gcónaí ar an liosta seo aon chás atá á éisteacht ag an mbreitheamh le cois foriarratas nó iarratas maidir le haon chás eile a raibh sé/sí ag plé leis, mar shampla cásanna páirtéiste, gnóthaí le lua, cásanna le bainistiú nó le breith. Is iondúil go ngairtear réamhliosta an bhreithimh ar dtús agus pléitear é sula bpléann an chúirt le haon ghnó eile atá os a comhair an lá sin.

Faigh amach tuilleadh faoi gach cineál liosta agus breathnaigh ar thábla ar a bhfuil dátaí Leithdháileadh Éisteachta le linn an téarma dlí thíos.

Liosta Tráchtála

Liosta Tráchtála

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Tráchtála

Liosta Seansaireachta

Liosta Seansaireachta

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Seansaireachta

Liosta Neamh-Ghiúiré

Liosta Neamh-Ghiúiré

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Neamh-Ghiúiré

Liostaí Díobhálacha Pearsanta

Liostaí Díobhálacha Pearsanta

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Díobhálacha Pearsanta

Liosta Athbhreithniú Breithiúnach

Liosta Athbhreithniú Breithiúnach

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Athbhreithniú Breithiúnach

Liosta Dlí Teaghlaigh

Liosta Dlí Teaghlaigh

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Dlí Teaghlaigh

Liosta Giúiré

Liosta Giúiré

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Giúiré

Liosta Achomhairc Chuarda

Liosta Achomhairc Chuarda

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Achomhairc Chuarda

Liosta Tearmainn

Liosta Tearmainn

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Tearmainn

Liosta an Mháistir

Liosta an Mháistir

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar Liosta an Mháistir

Liosta Dlí Coiteann

Liosta Dlí Coiteann

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar an Liosta Dlí Coiteann

Liostaí Eile

Liostaí Eile

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar chineálacha liostaí eile

Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar liostaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Bannaí

Bannaí

Cliceáil anseo i gcomhair tuilleadh eolais ar Bhannaí