Cineálacha cásanna

Gníomhartha ar nós gníomhartha sárú conartha, gníomhartha faillí (seachas éilimh ar dhíobhálacha pearsanta agus faillí leighis) agus éilimh fiachais; Achomhairc Reachtúla agus gníomhartha sibhialta ilchineálacha, cásanna sonraithe ón gCúirt Dúiche; Achomhairc Chuarda Bhaile Átha Cliath. Lena chois sin, aistrítear foriarratais ar bhreith achomair in éilimh fiachais agus fógraí foriarratais eile atá rófhada le héisteacht ar an Liosta Dlí Coiteann chuig an Liosta Neamh-Ghiúiré chun go n-éistfear iad.

Nósanna imeachta liostaithe

Gníomhartha iomlánacha: Cuirtear an cás síos i gcomhair éisteachta. Ansin, ní mór deimhniú ina maítear go bhfuil an cás réidh i gcomhair éisteachta (Deimhniú Ullmhachta) a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige. Nuair a dhéantar é seo, is féidir iarratas a dhéanamh ar dháta éisteachta ag an am agus ar an dáta atá leagtha amach thíos.

Achomhairc Reachtúla, Gníomhartha Sibhialta ilchineálacha: Nuair a chuirtear an Fógra Foriarratais bunaidh faoi bhráid na Príomh-Oifige, liostaítear an foriarratas i gcomhair treoracha ar an Luan ar an Liosta Neamh-Ghiúiré. Is féidir an foriarratas a chur ar atráth i gcomhair treoracha ó am go chéile go dtí go mbeidh sé réidh le héisteacht agus is ag an bpointe seo a shanntar dáta éisteachta.

Cásanna Sonraithe: Nuair a fhaigheann an Phríomh-Oifig an cás a shonraítear, liostaítear é lena lua sa Liosta Neamh-Ghiúiré Dé Luain chun go sannfar dáta éisteachta dó agus aon treoracha atá riachtanach. Is féidir an foriarratas a chur ar atráth i gcomhair treoracha ó am go chéile go dtí go mbeidh sé réidh le héisteacht agus is ag an bpointe seo a shanntar dáta éisteachta.

Foriarratais a aistrítear ón Liosta Dlí Coiteann, lena n-áirítear foriarratais ar bhreith achomair: Ar aistriú ón liosta Dlí Coiteanna, liostaítear an foriarratas lena lua Déardaoin na seachtaine dar gcionn ar an Liosta Neamh-Ghiúiré chun go sannfar dáta éisteachta dó.

Glao seachtainiúil

Gach gníomh, foriarratas agus gnóthaí eile a liostaítear i gcomhair éisteachta ar an Liosta Neamh-Ghiúiré ó Mháirt go hAoine gach seachtain, glaoitear anall iad ar a 10.00 r.n. Déardaoin na seachtaine roimhe chun a dheimhniú go bhfuil an cás le leanúint ar aghaidh. Folmhaítear an dáta éisteachta mura mbíonn aon duine i láthair ag liosta glao Dhéardaoin.

Eagraítear suíonna den Liosta Neamh-Ghiúiré i gCorcaigh trí huaire sa bhliain. Is féidir fosta suíonna Neamh-Ghiúiré a sceidealú ó am go chéile in ionaid eile lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Is féidir iarratais a dhéanamh maidin Déardaoin ar bith sa Liosta Neamh-Ghiúiré chun foriarratas nó gníomh éisteachta a aistriú chuig na suíonna Neamh-Ghiúiré i gCorcaigh. Ba chóir do chleachtóirí a thabhairt dá n-aird nach oiriúnach cásanna níos faide ná trí lá a chuimsiú sa liosta seo.