Má ghabhtar agus má chúisítear thú as coir, tabharfar thú os comhair Cúirt Dúiche a luaithe agus is féidir. Féadann tú iarratas a dhéanamh sa chúirt go scaoilfear ó choinneáil thú ar bannaí.

Bannaí

Is ionann a bheith ar bannaí agus a bheith scaoilte saor ó choinneáil mar gheall ar ghealltanas a dhéanann tú féin nó tú féin agus duine eile (urra) a ráthú go dtiocfaidh tú i láthair i gcomhair do thrialach/éisteacht choinneála. Tá bannaí bunaithe ar an bprionsabal go nglactar leis go bhfuil an cúisí neamhchiontach go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Má théann tú i mbun cúirtbhanna, geallann tú go dtiocfaidh tú i láthair na cúirte chun na cúisimh atáthar a chur i do leith a fhreagairt. Má thugtar bannaí duit, féadann an chúirt coinníollacha a shocrú lena n-áirítear go n-íocann tú (nó d'urra) suim airgid. Ní mór go n-íocfar trian den airgead seo leis an gcúirt sular féidir tú a scaoileadh saor ar bannaí. Tabharfar an t-airgead seo ar ais duit má thagann tú os comhair na cúirte mar a gheall tú.

Féadann an chúirt glacadh mar urrús le leabhar bainc, cumann tógála, comhar creidmheas nó oifig an phoist in áit airgead a íoc leis an gcúirt. Má ghlacann an chúirt lena leithéid d'urrús, ordófar nach laghdófar an t-airgead atá i dtaise faoi bhonn na suime atá le híoc leis an gcúirt mura dtaga tú i láthair nó an tsuim atá i dtaisce cibé acu an tsuim is ísle.

Má chuirtear i gcomhair trialach thú sa Chúirt Choiriúil Speisialta, ní féidir bannaí a fháil ach amháin go dtreoraíonn Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí a mhalairt.

 

Urra:

D'fhéadadh sé nach mbeadh an chúirt sásta le do ghealltanas go dtiocfaidh tú os comhair na cúirte chun na cúisimh atá curtha i do leith a fhreagairt. D'fhéadadh an chúirt a shocrú gur gá 'urra neamhspleách' lena chinntiú go dtiocfaidh tú. Is duine é/í urra neamhspleách a ghlacann freagracht as tú a bheith i láthair na cúirte. Geallann sé/sí suim airgid a íoc leis an gcúirt mura dtiocfaidh tú faoi mar a aontaíodh.

Má shocraítear urra i do chás, ní mór duit teacht i láthair oifig na cúirte atá ag plé le do chás leis an duine a d'aontaigh a bheith mar urra. Ní mór don urra aitheantas grianghraif a bheith leis/léi agus ráiteas cothrom le dáta a thabhairt ó fhoras airgeadais a léiríonn go bhfuil go leor airgid ina c(h)untas chun an tsuim atá sainithe sa chúirtbhanna a chumhdach. Ba chóir nach comhchuntas é an cuntas seo.

Cineálacha bannaí:

Bannaí stáisiúin

Nuair a thugann Garda faoi choimeád thú i stáisiún Garda, féadann an stáisiún tú a scaoileadh saor ar bannaí le hurra nó gan é. An Garda atá i mbun an stáisiúin a shocraíonn an tsuim airgid a shainítear sa chúirt bhanna. Ní mór duit dul faoi bhanna teacht os comhair na Cúirte Dúiche ar dháta ar leith.

Bannaí Cúirt Dúiche

Nuair a thugtar os comhair na Cúirte Dúiche thú, féadann an breitheamh tú a chur siar faoi choimeád nó tú a scaoileadh saor go coinníollach nuair a iontrálann tú cúirtbhannna le hurra nó gan é. An breitheamh a shocraíonn an tsuim airgid (más ann di) a shainítear sa chúirtbhanna.

Féadann Stiúrthóir na Ionchúiseamh Poiblí an cinneadh bannaí a thabhairt duit nó coinníollacha do bhannaí a achomharc leis an Ard-Chúirt. Má dhiúltaíonn an Chúirt Dúiche bannaí, coinneofar siar faoi choimeád tú. Is féidir an cinneadh a achomharc leis an Ard-Chúirt.

Bannaí achomhairc

Breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche a shocraíonn bannaí achomhairc nuair a thaisceann cosantóir iarratas ar achomharc leis an gCúirt Chuarda. A luaithe a shíníonn an cosantóir an chúirtbhanna scaoiltear saor ó choimeád é/í go dtí éisteacht an achomhairc sa Chúirt Chuarda. Mura bhfuil an cosantóir sásta leis an méid bannaí a socraíodh agus achomharc ar feitheamh, is féidir é sin a achomharc leis an Ard-Chúirt.

Má iontráiltear bannaí achomhairc faoi cheann 14 lá den éisteacht bhunaidh Cúirt Dúiche, cuirtear bac ar ordú na Cúirte Dúiche go dtí go dtugtar an cás achomhairc chun críche. Eisceacht air seo ordú cothabhála a bhíonn i bhfeidhm go dtí go mbíonn toradh ar an achomharc Cúirt Chuarda.

Bannaí (curtha chun cinn i gcomhair) trialach

Má chuirtear cás chun cinn i gcomhair trialach chuig an gCúirt Chuarda Choiriúil, nó chuig an bPríomh-Chúirt Choiriúil Láir, féadann an breitheamh Cúirt Dúiche bannaí nua a shocrú. A luaithe a shíníonn an cosantóir an chúirtbhanna scaoiltear saor ó choimeád é/í go dtí an chead dáta éisteachta (sa Chúirt Chuarda/Láir). Coinneofar aon taisceadh airgid go dtí go gcuirfear an cás i gcrích.

Bannaí Ard-Chúirte

Má chúisítear thú as tréas, coireanna cogaidh, dúnmharú, iarracht ar dhúnmharú, comhcheilg dhúnmharaithe, píoráideacht nó as cinemharú, níl de chumhacht ag an gCúirt Dúiche bannaí a thabhairt duit. Tá bannaí as an gceist fosta sa Chúirt Dúiche i gcás cionta áirithe faoin Acht um Chionta in Aghaidh an Stáit, 1939 agus faoin Acht um Rúin Oifigiúla, 1963. Sna cásanna seo, ní mór duit féin nó do d'ionadaí dlí iarratas ar bhannaí a dhéanamh leis an Ard-Chúirt.

Má dhiúltaítear bannaí duit sa Chúirt Dúiche (tá na forais a bhaineann leis seo leagtha amach in alt 2 den Acht Bannaí, 1997), is féidir achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt. Ar an gcaoi chéanna, más mian leat an méid bannaí a shocraíonn an Chúirt Dúiche a laghdú nó cur i gcoinne coinníll a bhaineann leis na bannaí, is féidir achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt.

Leagtar amach i dTreoir Chleachtais HC63 agus in Ordú 84 riachtanais iarratas bannaí Ard-Chúirte.

I dTreoir Chleachtais HC61 éilítear ar aon iarratasóir atá faoi choimeád uimhreacha bhileoga na gcúiseamh a chuimsiú i leith cén cineál bannaí atáthar a iarraidh. Ní mór an t-eolas seo a leagan amach ar an bhfoirm atá mar aguisín leis an treoir chleachtais.

Ní mór aon chúiseamh breise atáthar ag iarraidh a chur os comhair na Cúirte i ndiaidh an fógra foriarratais a chur isteach a leagan amach i mionnscríbhinn bhreise ar fhógra le cois foirm bhreise ina leagtar amach na cúisimh uile go cuimsitheach.

Maidir le bannaí a dheonaítear san Ard-Chúirt, is gá don iarratasóir/urra dul i mbun banna. Iontráiltear an banna sa Chúirt Dúiche/nó os comhair ghobharnóir phríosún ná háite coimeádta. Má tá ga le hurra, ní mór an t-urra a fhaomhadh os comhair na Cúirte Dúiche ar fhógra leis an ngarda cúisimh. Coinneofar aon taisceadh airgid go dtí go gcuirfear an cás i gcrích.

Ní mór an t-eolas seo a leanas a chuimsiú sa mhionnscríbhinn forais i leith aon achomharc bannaí a shocraíonn an Chúirt Dúiche nó an Chúirt Chuarda.

Leagfar amach go hiomlán i mionnscríbhinn an iarratasóra an bonn ar a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh leis an Ard-Chúirt agus go háirithe:

(a) tabharfar mionsonraí faoi más amhlaidh gur diúltaíodh bannaí don iarratasóir i gcúirt eile;

(b) saineofar cén áit a bhfuil an t-iarratasóir á c(h)oimeád;

(c) saineofar gnátháit chónaithe nó seoladh an iarratasóra;

(d) saineofar an seoladh ina gcónódh an t-iarratasóir, dá dtabharfaí bannaí dó/di;

(e) tabharfar mionsonraí iomlána ar an gcion nó na cionta a bhfuil an t-iarratasóir cúisithe ina leith;

(f) cuimseofar aitheantas, seoladh agus slí bheatha aon urra neamhspleách a mholtar agus an méid a thairgfeadh a leithéid d'urra;

(g) na téarmaí bannaí a socraíodh roimhe maidir leis na cionta (más ann):

(h) má bhí aon iarratas Ard-Chúirte ann roimhe seo ar bhannaí maidir le cionta;

(i) ar eisíodh aon bharántais as gan teacht i láthair na cúirte a bhain leis an iarratasóir;

(j) an t-urra agus/nó coinníollacha eile a bhaineann le bannaí (más ann) atá an t-iarratasóir a mholadh;

(k) cúinsí pearsanta an iarratasóra agus go háirithe an raibh cúnamh dlí ag an iarratasóir maidir leis na cúisimh in aon chúirt eile;

(l) cúinsí ábhartha ar bith eile.'

Bannaí a shocrú:

Do bhannaí féin nó taisceadh airgid

Sa chás seo ní mór duit an chúirtbhanna a shíniú sular féidir tú a scaoileadh saor.

 

Do bhannaí féin agus taisceadh/urrús airgid

Sa chás seo ní mór duit an chúirtbhanna a shíniú agus an tsuim airgid/urrús a iarradh a thaisceadh sular féidir tú a scaoileadh saor.

 

Do bhannaí féin agus urra neamhspleách amháin nó níos mó

Sa chás seo, a luaithe a fhaomhann an chúirt an t-urra, ní mór duit féin agus don urra an chúirtbhanna a shíniú agus agus an tsuim airgid/urrús a iarradh a thaisceadh sular féidir tú a scaoileadh saor.

 

Do bhannaí féin agus taisceadh airgead tirim in ionad urra neamhspleách

Sa chás seo, ní mór duit an chúirtbhanna a shíniú agus is féidir airgead a thaisceadh in áit an chúirt urra neamhspleách a fhaomhadh.

Aisíoc bannaí:

Tá tú i dteideal aisíoc do bhannaí nuair a bhíonn ordú deiridh déanta ag an gcúirt ar gach cás i leith na mbannaí agus má bhí tú i láthair ar gach éisteacht chúirte agus gach coinníoll eile bannaí comhlíonta agat.

Ar an gcaoi chéanna, tá urra i dteideal aisíoc bannaí má bhíonn ordú deiridh déanta ag an gcúirt agus má bhí an cosantóir i láthair ar gach éisteacht chúirte agus gach coinníoll eile bannaí comhlíonta aige/aici.

Aon airgead a íocadh leis an gcúirt mar bhannaí nó a d'íoc urra, aisíocfar é as féin leis an duine a bhfuil sé dlite dó/di. Treoróidh an oifig chúirte atá freagrach as an gcás d'Oifig Chuntais na gCúirteanna, faoi réir choinníollacha an chúirtbhanna a bheith comhlíonta, an banna/urra a chúiteamh. Déantar íocaíocht le seic a chuirtear go díreach chugat sa phost nó chuig an urra a ainmnítear ar an mbanna, chuig an seoladh a thugtar ar an mbanna. Ba chóir athruithe seolta a lua sa chúirt nó sonraí an tseolta nua a thabhairt d'oifig na cúirte. Ní eisítear seiceanna ag cuntar na hoifige.

Má bhíonn aon deacracht agat i dtaca le haisíoc bannaí de, ba chóir dul i dteagmháil leis an oifig chúirte a phléigh le do chás.

Sárú coinníollacha bannaí:

Más amhlaidh nach gcomhlíonann tú aon choinníoll bannaí, eiseoidh an breitheamh barántas binse. Leis an mbarántas seo, tá de chumhacht ag an nGarda Síochána tú a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cuirte chun gach cúis a bhaineann leis na bannaí a fhreagairt. Más ann do shárú bannaí Ard-Chúirte, cuirtear iarratas faoi bhráid na hArd-Chúirte ar bharántas agus a luaithe a ghabhtar Cosantóir ní mór é/í a thabhairt i láthair na hArd-Chúirte a luaithe agus is praiticiúil i gcomhair éisteacht aisghairme. D'fheadfadh cúiseamh breise i do choinne a bheith mar thoradh ar shárú bannaí.

D'fhéadfadh an breitheamh fosta ordú a dhéanamh i do choinne agus/nó d'urra as 'forghéilleadh agus eistréatadh' an airgid bannaí. Ciallaíonn sé seo go gcoinneoidh an Stát aon airgead a íocadh mar bhannaí (forghéilleadh). Aon airgead a gealladh a íocadh, déantar suim de atá dlite don Stát mar fhiachas (eistréatadh). I gcásanna bannaí Ard-Chúirte, ní mór an t-urra a chur ar fhógra agus nuair a dhéantar ordú aisghairme, cuirtear an gnó aisghairme ar atráth.

Féadann tú féin agus/nó d'urra a iarraidh ar an gCúirt Dúiche an t-ordú eistréataidh a athrú nó a scor. Féadann tú féin agus/nó d'urra an cinneadh na Cúirte Dúiche a achomharc leis an gCúirt Chuarda. Mura n-íocfaidh tú féin agus/nó d'urra an tsuim a eistréatadh, eiseofar barántas cimithe leis an nGarda Síochána. Leis seo, tá de chumhacht acu tú féin nó d'urra a chur i bpríosún ar feadh tréimhse a shaineoidh an chúirt.

 

Reachtaíocht ábhartha:

•  An tAcht um Chionta in Aghaidh an Stáit, 1939
• An Acht um Rúin Oifigiúla 1963
• An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967
• An Acht um Cheartas Coiriúil, 1984
•  An tAcht Bannaí, 1997
• An Acht um Cheartas Coiriúil, 2006
• An Acht um Cheartas Coiriúil, 2007
• An Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilchineálacha), 2009

Foirmeacha

I.R. Uimh. 194 2001 (mar a leasaíodh)

Foirm 18.1 Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna
• Foirm 18.2 Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna (ar fhorghníomhú barántais a fhaomhtar i gcomhair bannaí)

• Foirm 18.2A Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna
• Foirm 18.2b Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna
• Foirm 18.3 Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna (ar chur ar aghaidh)
Foirm 18.4 Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna (Ar Achomharc)
• Foirm 27.7 Rialacha Cúirt Dúiche: Cúirtbhanna Fógra iarratais ar bharántas forghníomhaithe (ordú eistréataidh le forfheidhmiú trí chimiú)
• Foirm 27.10 Rialacha Cúirt Dúiche: Iarratas ar Ordú a Athrú nó a Shaoradh Maidir le Cuirtbhanna

Tá tuilleadh eolais ar bhannaí sa Chúirt Dúiche ar fáil anseo