Cineálacha cásanna

Éilimh dar luach nach lú ná €1,000,000 maidir le héilimh chonartha nó torta ag éirí as idirbheartaíochtaí gnó agus cineálacha áirithe éilimh eadránaithe, maoin intleachtúil, Athbhreithnithe Breithiúnacha nuair is dóigh leis an mbreitheamh atá i mbun an liosta gur cuí.

Nósanna imeachta liostaithe

Déantar iarratais ar iontráil ar an liosta ar Fhoriarratas gach Luan sa téarma. Nuair a iontráiltear cás ar an liosta, déantar bainistiú cáis ar an ngnó agus tugann an breitheamh atá i mbun an liosta treoracha réamhthrialach. Dáileann an breitheamh atá i mbun an liosta dáta éisteachta.

Is gá páipéir i gcomhair liosta foriarratais gach Luain sa Chúirt Tráchtála a thaisceadh sa Phríomh-Oifig ar 4.30 i.n. ar a gCéadaoin roimhe. Gach Aoine (ar aon dul le Treoir Chleachtais 85 na hArd-Chúirte) le linn an téarma bíonn liostú os comhair an bhreithimh atá i mbun liosta tráchtála na gcásanna a liostaítear i gcomhair trialach le linn na seachtaine dar gcionn chun a chinntiú gur comhlíonadh go hiomlán gach treoir réamhthrialach a thug an chúirt.

Tá tuilleadh eolais ar an leathanach Cúirt Tráchtála