Bannaí – achomhairc ar dhiúltú bannaí, athruithe ar bhannaí, bannaí i ngnóthaí ina bhfuil dlínse ag an gCúirt Choiriúil. Pléitear leis an liosta seo i bPríosún Cloverhill.

Féimheacht- Pléifidh an Cláraitheoir le hiarratais chun achainíocha ar thoiliú a chur ar atráth agus le hiarratais ar dhátaí nua fillte i gcomhair achainíocha ar 10.45 sa Chúirt dá sanntar an liosta

Fáltais Choiriúlachta - Gnóthaí an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla – Bíonn an liosta seo ar siúl ar 1.00 Dé Luain i gCúirteanna an Cheartais Choiriúil.

Dlí Coiteann Ex Parte – seirbhís faoi ionadaíocht, athnuachan toghairmeacha nuair a bhíonn a gcuid ama caite, saoirse chun an dlínse a sheirbheáil.

Scrúdaitheoirí – iarratais ag éirí as liosta Oifig na Scrúdaitheoirí nuair is gá Ordú Cúirte.

Eiseachadadh - bíonn an liosta seo ar siúl gach Luan i gCúirteanna an Cheartais Choiriúil.

Toghairmeacha Speisialta Cúiteamh Garda - Ní bhíonn an toghairm i bhfeidhm go dtí go n-aontaíonn aturnae an ghearánaí agus an Príomh-Aturnae Stáit go bhfuil an cás réidh le dul chun cinn. Ag an bpointe seo, féadann an Gearánaí iarratas a dhéanamh leis an liosta ar aon Luan i gcomhair dáta.

 

Coinbhinsiún na Háige Lucsamburg (fuadach leanaí) - Bíonn an liosta seo ar siúl ar a 10.00 gach Céadaoin.

Athbhreithniú Breithiúnach Ex Parte – cead iarratais ar Athbhreithniú Breithiúnach  (ar aon dul le Treoir Chleachtais na hArd-Chúirte HC02 agus Fógra Ginearálta 2 Nollaig 2019 sa Dialann Dlí)  Ba chóir an ráiteas bunaidh agus an mhionnscríbhinn forais a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige agus cóip dheimhnithe, ar a bhfuil an uimhir thaifid a d'eisigh an Phríomh-Oifig a thaisceadh sa Phríomh-Oifig faoina 11.00 maidin Dé Luain. Déantar iarratais os comhair na Cúirte ar 11.30 Dé Luain. Ba chóir fosta cóip den ráiteas forais a chur de r-phost chuig an gCláraitheoir.

 

Iarratais ar athbhreithnithe breithiúnacha maidir le forbairtí bonneagair  straitéiseacha ar aon dul le treoir Chleachtais Ard-Chúirte HC74) - Ní mór gach iarratas ar chead cur isteach ar athbhreithniú breithiúnach maidir le cead nó cinntí a bhaineann le forbairtí bonneagair straitéiseacha a chur faoi bhráid an Bhreithimh McDonald. Ní féidir iad seo a chur faoi bhráid aon Bhreitheamh eile. Suíonn an Breitheamh McDonald ar 10.30rn gach Déardaoin le linn an téarma chun a leithéid d'iarratais a éisteacht. Ní mór don iarratasóir ar chead den chineál seo na páipéir chuí uile a thacaíonn leis an iarratas a thaisceadh i bhfoirm cheangailte, innéacsaithe agus roinnte ina leathanaigh leis an bPríomh-Oifig agus "Iarratas Bonneagair Straitéisigh" marcáilte orthu tráth nach déanaí ná 4.00in an Mháirt roimhe.

Probháid – Eisítear iarratais san oifig Phrobháide. Ní mór gach iarratas (Ar fhógra ag Suí na Cuirte, ar fhógra nó ex parte) a dhéantar Dé Luain a chur in iúl don Oifig Phrobháide roimh ré.

Rialuithe a dhéantar i Mionchásanna agus Cásanna marfacha - Éistear iarratais go rialóidh an Chúirt ar shocruithe ar 10.30 gach Luan.

Srianta ar Stiúrthóirí – iarratais ar stiúrthóirí a shrianadh/bhriseadh - tionóltar ar bhonn míosúil Dé Luain ar a 2.00.

Aturnaetha, Altraí, An Chomhairle Fiaclóireachta, Comhairle na nDochtúirí Leighis, Coimircí Cúirte – éistear os comhair an Uachtaráin Dé Luain ar a 2.00. Ní mór páipéir a thaisceadh sa Phríomh-Oifig an Chéadaoin roimh ré roimh 16.00.