Cineálacha cásanna

Cásanna coitianta ar an Liosta Seansaireachta is ea iarratais ar urghaire, gnóthaí dlí cuideachtaí, feidhmíocht shainiúil / cealú conarthaí, riar eastáit daoine atá básaithe / gníomhartha iontaobhais agus cásanna Ioncaim sonraithe.

Nósanna imeachta

Dé Luain bíonn trí liosta Seansaireachta ann

  1. Liosta Seansaireachta 1: Foriarratais réamhthrialach in imeachtaí iomlánacha
  2. Liosta Seansaireachta 2: Gnóthaí Acht na gCuideachtaí agus Toghairmeacha Speisialta seachas iad sin a liostaítear ar Liosta Toghairmeacha Speisialta na Seansaireachta
  3. Liosta Seansaireachta Toghairmeacha Speisialta: iarratais ar agraí dlí seilbhe agus morgáiste

 

Ní mór cásanna iomlánacha a chur síos i gcomhair éisteachta. Ní mór deimhniú ó abhcóide sinsearach ina maítear go bhfuil an cás ullamh le héisteacht (deimhniú ullmhachta) a chur isteach (ar aon dul le Treoir Cleachtais Ard-Chúirte HC75) . Nuair a dhéantar é seo is féidir iarratas a dhéanamh ar dháta éisteachta ag an am agus ar an dáta a leagtar amach ar an tábla ar an leathanach seo.

Liostaítear cásanna nach cásanna Iomlánacha iad (m.sh. cásanna a thosaítear le Toghairm Speisialta, Fógra Foriarratais bunaidh nó le hAchainí) ar gá éisteacht níos faide ná 20 nóiméad ina leith ar liosta Seansaireachta Dhéardaoin chun dáta éisteachta a shannadh nuair a bheidh an cás réidh le héisteacht.

Glao seachtainiúil

Gach cás a liostaítear i gcomhair éisteachta ó Mháirt go hAoine gach seachtain, glaoitear iad ar 10.00 r.n. Déardaoin na seachtaine roimhe chun a dheimhniú go bhfuil an cás le leanúint ar aghaidh. Folmhaítear an dáta éisteachta mura mbíonn aon duine i láthair ag liosta glao Dhéardaoin.