Cineálacha cásanna

An Ard-Chúirt ina suí i mBaile Átha Cliath a éisteann na hachomhairc seo a leanas ón gCúirt Chuarda

1. Gach achomhairc ó Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath

2. Achomhairc ón gCúirt Chuarda lasmuigh de Bhaile Átha Cliath nuair nach raibh aon fhianaise bhéil ag an éisteacht

Nósanna Imeachta liostaithe

Nuair a chuirtaear an fógra achomhairc isteach, liostaítear an t-achomharc lena lua sa liosta Neamh-Ghiúiré d'fhonn dáta éisteachta a dháileadh.

Glao seachtainiúil

Gach Achomharc a liostaítear i gcomhair éisteachta sa liosta Neamh-Ghiúiré ó Mháirt go hAoine gach seachtain, glaoitear iad ar 10.00 r.n. Déardaoin na seachtaine roimhe chun a dheimhniú go bhfuil an cás le leanúint ar aghaidh. Folmhaítear an dáta éisteachta mura mbíonn aon duine i láthair ag glao Dhéardaoin.

Achomhairc Chuarda a éistear lasmuigh de Bhaile Átha Cliath

Cineálacha cásanna

Achomhairc ón gCúirt Chuarda lasmuigh de Bhaile Átha Cliath nuair nach raibh aon fhianaise bhéil ag an éisteacht Cúirt Chuarda, éistear iad lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Liostaítear mionsonraí faoi ionaid éisteachta i dtéarmaí agus suíonna na hArd-Chúirte i rith na bliana. Is féidir dul i dteagmháil leis an oifig bhainteach Cúirt Chuarda chun tuilleadh eolais a fháil.

Is in Ordú 61 de Rialacha na nUaschúirteanna a phléitear leis na rialacha a bhaineann le hAchomhairc chun na hArd-Chúirte. Tá an fhoirm Fógra Achomhairc leagtha amach in Aguisín 1 de Rialacha na nUaschúirteanna.