CA07

Cairde McKenzie

An Chúirt Achomhairc
Agus
An Ard-Chúirt

Maidir le Cairde McKenzie

  1. Féadfaidh dlíthithe cabhair réasúnta a fháil ó thuata, a thugtar Cara McKenzie air uaireanta (MF). Fanann dlíthithe a fhaigheann cabhair ó chairde McKenzie ina ndlíthithe go pearsanta. Níl aon cheart neamhspleách ag cairde McKenzie chun cabhair a thabhairt. Níl aon cheart acu chun a bheith ag feidhmiú mar ionadaithe nó chun tabhairt faoin riaradh dlíthíochta. Níl aon teidlíocht acu ar íocaíocht as a gcuid seirbhísí.
  2. I gcúirt, is féidir le cairde McKenzie:-
     
    1. Tacaíocht mhorálta a thabhairt do dhlíthithe;
    2. Nótaí a thógáil;
    3. Cuidiú le cáspháipéir, faoi réir mír 6 thíos:
    4. Comhairle a thabhairt go ciúin ar ghné ar bith maidir le riaradh an cháis.
       
  3. Ní féidir le cairde McKenzie:-
  1. An Chúirt a aitheasc, aighneachtaí ó bhéal a dhéanamh nó finnéithe a scrúdú. Níl ceart éisteachta nó ceart dlíthíocht a riarú ag cairde McKenzie. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh cúirt cead a thabhairt do chara McKenzie an chúirt a aitheasc. Is annamh a bheidh imthosca den sórt sin ann.
  2. Aon íocaíocht a fháil as a gcuid seirbhísí.
  3. Feidhmiú mar ghníomhaire dlíthithe maidir leis na himeachtaí;
  4. Cásanna dlíthithe a bhainistiú taobh amuigh den chúirt, mar shampla le doiciméid cúirte a shíneadh.
  1. Cé go bhféadfaidh dlíthithe cabhair réasúnta a fháil ó chairde McKenzie, coinníonn an chúirt an chumhacht cead ar an gcabhair sin a dhiúltú. Féadfaidh an chúirt é sin a dhéanamh i gcás ina bhfuil sí sásta nach gá aon dlíthí cúnamh den sórt sin a fháil ar mhaithe leis an gceartas agus leis an gcothroime. I gcás ina dtugann an chúirt cead do dhlíthí cabhair a fháil ó chara McKenzie, féadfaidh sí an modh ina gcuirtear cabhair ar fáil a rialáil. Féadfaidh sí an cead a tharraingt siar má mheasann sí go bhfuil an cara McKenzie ag cur bac ar riaradh an cheartais. Má iarrann an chúirt é ní mór do chara McKenzie a (h)ainm, a s(h)eoladh agus a s(h)onraí teagmhála a thabhairt.
  2. Ní fhéadfaidh ach cara McKenzie amháin cabhrú le dlíthí sa chúirt.
  3. Dírítear aird dlíthithe agus cairde McKenzie beartaithe ar fhorálacha Alt 58 den Acht Aturnaetha 1954 arna leasú lena bhfágtar gur cion coiriúil é do dhuine neamhcháilithe, mar a shainaithnítear san Acht, doiciméad a tharraingt nó a ullmhú a bhaineann, inter alia, le haon imeacht dlí go díreach nó go hindíreach le haghaidh nó sa tuiscint go bhfaighfear táille, sochar nó duais ar bith.
  4. Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair, 2017.

Arna dhátú 31 Iúil 2017

Sean Ryan
Uachtarán na Cúirte Achomhairc

Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

Court of Appeal