CA02

Achomharc i gcoinne Iarratas ar Phianbhreith agus ar Thrócaire Mhíchuí

Achomhairc Choiriúla

  1. Más mian le páirtí ábhar doiciméadach (teistiméireachtaí, fianaisí, etc.) a bhí os comhair na Cúirte trialach a chur le breithniú ag an gCúirt Achomhairc, ní mór go ndéanfar trí chóip den ábhar sin a chur ar fáil d'Oifig na Cúirte Achomhairc i leabhair cheangailte, innéacsaithe agus uimhrithe tráth nach déanaí ná ceithre lá glan roimh éisteacht an achomhairc.
  2. I gcás ina gceadaítear an t-achomharc, rachaidh an Chúirt Achomhairc i mbun pianbhreith a fhorchur. Más mian le hábhar doiciméadach cothrom le dáta a chur os comhair na cúirte chun cabhrú le feidhmiú an méid sin, ní mór go mbeadh ceithre chóip d'ábhar ar bith den sórt sin ar fáil sa chúirt ar lá éisteacht an achomhairc i leabhair cheangailte, innéacsaithe agus uimhrithe.

Sean Ryan
Uachtarán
30 Deireadh Fómhair 2014

(arna athbhreithniú ar an 3ú lá de mhí Dheireadh Fómhair 2016)

Court of Appeal