CA03

Achomhairc a aistríonn an Chúirt Uachtarach de bhun Airteagal 64 den Bhunreacht

Tá feidhm ag an Treoir Chleachtais seo ar gach achomharc a aistríonn an Chúirt Uachtarach chun na Cúirte Achomhairc de bhun Airteagal 64 den Bhunreacht.

  1. Déanfaidh aon pháirtí in Achomharc Airteagal 64 (achomharcóir nó freagróir), ar mian leis go leanfar ar aghaidh leis an achomharc a chur os comhair na Cúirte Achomhairc agus treoracha agus dáta d'éisteacht an achomhairc a fháil, fógra iarratais ar threoracha a eisiúint in Oifig na Cúirte Achomhairc i gcomhréir leis an Treoir Chleachtais seo.    Ní gá go mbeadh mionnscríbhinn mar fhoras leis an iarratas ach beidh an t-eolas sa Sceideal san fhógra iarratais agus beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas ar iarratais den sórt sin:-
    1. Déanfaidh an t-iarratasóir ar threoracha fógra iarratais bunaidh agus 2 chóip de a chomhdú in Oifig na Cúirte Achomhairc ina leagfar amach an t-eolas atá sa Sceideal a ghabhann leis an treoir chleachtais seo chun é a eisiúint agus chun dáta tuairisceáin a fháil.
    2. Déanfaidh an t-iarratasóir an t-iarratas eisithe ar threoracha mar aon le cóip den treoir chleachtais seo a sheirbheáil ar na páirtithe eile san achomharc laistigh de cheithre lá ón dáta eisiúna.
    3. Déanfaidh an t-iarratasóir ar threoracha tráth nach déanaí ná ceithre lá roimh an dáta a bheidh socraithe don éisteacht treoracha cruthúnas gur seirbheáladh an t-iarratas ar threoracha agus leabhrán treoracha innéacsaithe agus uimhrithe a chomhdú san Oifig le haghaidh úsáid na Cúirte Achomhairc, ar leabhrán é ina gcuimseofar cóipeanna de na nithe seo a leanas:-
      1. An t-iarratas ar threoracha.
      2. An fógra achomhairc.
      3. Aon fhógra ar chrosachomharc nó ar fhógra athrúcháin.
      4. An breithiúnas agus/nó an t-ordú a mbeidh achomharc á dhéanamh ina choinne
      5. Aon doiciméad eile san achomharc a bhfuil beartaithe tagairt a dhéanamh dó ag an éisteacht treoracha.
         
  2. Freastalóidh gach páirtí san achomharc nó a n-ionadaithe dlíthiúla ar an éisteacht treoracha. Cinnteoidh gach abhcóide agus dlíodóir a bheidh i láthair ag an éisteacht treoracha go bhfuil sé sách eolach ar na himeachtaí chun eolas cruinn a thabhairt don Chúirt agus go bhfuil údarás aige ón bpáirtí a mbeidh sé ag feidhmiú ar a cheann chun déileáil le haon nithe ar dóigh go ndéileálfar leo ag an éisteacht treoracha.
  3. Ag an éisteacht treoracha, tabharfaidh an Chúirt Achomhairc treoracha maidir leis na nithe dá bhforáiltear in O. 86A, rr. 16 agus 17 de Rialacha na nUaschúirteanna agus nuair is féidir dáta a shocrú agus am a thabhairt le haghaidh éisteachta an achomhairc.

 

Sceideal
Eolas le tabhairt i bhfógra iarratais ar threoracha

  1. Sonraí an chinnidh atá faoi achomharc lena n-áirítear, dáta an ordaithe; ainm an bhreithimh; príomhthéarmaí ordaithe; má tá breithiúnas scríofa nó nóta ex-tempore agus dátaí agus lua ábhartha ann.
  2. Dáta an fhógra achomhairc.
  3. Má comhdaíodh leabhair achomhairc in Oifig na Cúirte Uachtaraí nó mura gcomhdaíodh.
  4. Más é an t-achomharcóir an t-iarratasóir ar threoracha tabhair le fios le tagairt a dhéanamh don bhfógra achomhairc na forais a bheartaítear a shaothrú ag éisteacht an achomhairc.
  5. Más é an t-iarratasóir ar threoracha an freagróir san achomharc agus má tá fógra athrúcháin nó crosachomharc ann a dhéanfar na forais sin a shaothrú ag an éisteacht.
  6. An t-ordú a dhéanfaidh an t-iarratasóir (achomharc nó freagróir) a lorg ón gCúirt Achomhairc ag éisteacht an Achomhairc má éiríonn leis.
  7. Liosta de na doiciméid a mheasann an t-iarratasóir is gá a chur os comhair na cúirte ar éisteacht an achomhairc.
  8. Liosta d'aon doiciméid atá beartaithe ag an iarratasóir a chur os comhair na Cúirte ar éisteacht an achomhairc de bhreis ar na cinn atá liostaithe i mír 1.3 den treoir chleachtais seo.

Arna eisiúint faoi alt 7C(2) d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, a cuireadh isteach le halt 10 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014

Arna dhátú  an 17 Samhain 2014
Sean Ryan
Uachtarán


[arna athbhreithniú ar an 27 Iúil 2015 trí na forálacha a leathnú chun achomhairc neamhdheimhnithe a chur san áireamh mar aon le hachomhairc dheimhnithe)

Court of Appeal