CA06

Aighneachtaí, leabhair achomhairc agus údaráis in achomhairc shibhialta

Ón 3 Deireadh Fómhair 2022

Arna eisiúint de bhun Alt 7C (2) d'Acht a gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 (a cuireadh isteach le hAlt 10 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014).

RÉAMHRÁITEACH

  1. Éilítear le hOrdú 86, Riail 2(1) de Rialacha na nUaschúirteanna go ndéanfar gach achomharc os comhair na Cúirte Achomhairc a ullmhú le héisteacht nó le cinneadh agus go n-éistfear leo agus go gcinnfear iad ar shlí atá cóir, tapa agus ar dóigh a laghdóidh costas na n-imeachtaí.
  2. Tá sé d'oibleagáid ar na páirtithe in achomhairc os comhair na Cúirte agus ar a gcomhairleoirí dlí chun a chinntiú go ndéantar gach beart maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte go tapa agus i gcomhréir le agus laistigh den am a fhordaítear le Rialacha na nUaschúirteanna agus leis an Treoir Chleachtais seo.

AIGHNEACHTAÍ

  1. Ní bheidh aighneachtaí scríofa, seachas iad siúd atá leagtha amach i mír 4 thíos, mura bhfuil cead tugtha ag an gCúirt roimh ré, níos faide ná 10,000 focal san iomlán. Seachas in achomhairc chasta, táthar ag súil le go mbeadh aighneachtaí i bhfad níos giorra ná na 10,000 focal atá ceadaithe.
  2. Ní bheidh aighneachtaí scríofa sna haicmí achomharc seo a leanas, mura bhfuil cead tugtha ag an gCúirt roimh ré níos faide ná 5,000 focal.
  1. achomharc i gcoinne faoiseamh a dheonú nó a dhiúltú faoi Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht;
  2. achomharc i gcoinne aon ordú idirbhreitheach a dhéanamh nó a dhiúltú;
  3. achomharc i gcoinne aon ordú lena ndeonaítear breithiúnas achomair a dhéanamh nó a dhiúltú;
  4. achomharc i gcoinne aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh nó a dhiúltú:
  1. ordú foirceanta;
  2. ordú lena gceaptar leachtaitheoir sealadach;
  3. ordú lena gceaptar glacadóir;
  4. ordú i gcúrsa imeachtaí scrúdaitheoireachta;
  1. achomharc i gcoinne aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh nó a dhiúltú:
  1. breithniú i bhféimheacht;
  2. ordú faoi Chaibidil 3 (Socruithe um Shocraíochta Fiachais) nó faoi Chaibidil 4 (Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta) de Chuid 3 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012;

 

  1. achomharc i gcoinne aon ordú a dhéanamh nó a dhiúltú in aon imeachtaí a bhfuil feidhm ag Ordú 133 (Fuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta) maidir leo;
  2. achomharc i gcoinne aon ordú lena ndéantar cinneadh i dtaobh inniúlachta duine (lena n-áirítear ordú lena ndéantar coimircí cúirte de dhuine nó ordú lena ndiúltaítear coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine) a dhéanamh nó a dhiúltú;
  3. achomharc i gcoinne ordú a dhéanamh nó a dhiúltú in imeachtaí faoi na hAchtanna um Barántas Gabhála Eorpach 2003 agus 2012, nó in imeachtaí eiseachadta;
  4. achomharc i gcoinne ordú toirmisc a dhéanamh nó a dhiúltú in imeachtaí coiriúla;
  5. achomharc i gcoinne ordú ex parte a dhiúltú;
  6. achomharc i gcoinne ordú chun imeachtaí a dhíbhe a dhéanamh nó a dhiúltú;
  7. achomharc i gcoinne aon ordú i dtaobh costas a dhéanamh nó a dhiúltú;
  1. I ngach cás ní mór gach fonóta agus gach foscríbhinn a chur san áireamh chun críocha na líonta focal atá mar choinníoll i mír 1 agus 2 thuas.  Mar sin féin, féadfar cróineolaíocht a eisiamh ón líon focal.
  2. (a) Ba cheart go ndéanfar aighneachtaí scríofa a leagan amach go loighciúil le ceannteidil chuí agus ba cheart dóibh a bheith ina n-achoimre ghearr ar na haighneachtaí atá le forbairt ag an éisteacht ó bhéal.
  3. Ní mór go mbeadh aighneachtaí saor ó ábhar neamhábhartha, neamhriachtanach nó scannalach agus déanfar aighneachtaí ina bhfuil ábhar den sórt sin iontu, go háirithe aighneachtaí ina bhfuil ionsaithe pearsanta ar bhreitheamh na hArd-chúirte, ar pháirtí ar bith eile san achomharc nó ar thríú páirtí ar bith, a dhiúltú agus féadfar pionóis costais a chur ar aon pháirtí a fhéachann le haighneachtaí den sórt sin a chomhdú.
  4. Ba cheart aighneachtaí a chur i láthair san fhormáid seo a leanas:
  1. Ba cheart go mbeadh teideal agus Uimhir Thaifid an cháis ar gach aighneacht agus ba cheart go léireofar go soiléir leis cé air a gcuirtear i láthair iad. Ba cheart go mbeadh dáta ar na haighneachtaí,go sonrófar an líon focal ar an leathanach tosaigh, agus má shocraíonn Abhcóide nó Dlíodóir ceann, ba cheart go mbeadh ainm an Abhcóide nó an Dlíodóra le feiceáil ag an deireadh.
  2. Ba cheart go mbeadh aighneachtaí ar leathanach A4 agus clóite ar thaobh amháin.
  3. Clómhéid 12, Times New Roman nó ceann cosúil leis.
  4. Spásáil Línte 1.5.
  5. Imill 3.25 cm ar gach taobh agus 2.5 cm ag an mbarr agus ag an mbun.
  1. Ba cheart aighneachtaí a thaisceadh i gcóipeanna crua agus i gcóipeanna boga araon. Ba cheart cóipeanna boga a thaisceadh i gcomhréir leis an bhFógra Eolais ar Pháipéir Achomhairc a chomhdú go Leictreonach in Achomhairc Shibhialta le linn Phaindéim Covid-19 agus ábhair lena mbaineann arna dhátú an 20 Aibreán 2020 (agus aon Treoir Chleachtais Reachtúil a chuirfear ina ionad). Ní mór go mbeadh na cóipeanna crua agus na cóipeanna boga de na haighneachtaí díreach mar an gcéanna. Nuair a dhéanfar iad a thaisceadh, ní mór cóip de na haighneachtaí a sheirbheáil ar na páirtithe eile san achomharc i gcomhréir leis na treoracha bainistithe cásanna lena mbaineann.
  2.  Ba cheart go mbeadh an teimpléad seo a leanas ag aighneachtaí:
  1. Réamhrá (nár cheart a bheith níos faide ná dhá leathanach) lena leagtar amach an cúlra fíorasach n-imeachtaí;
  2. An breithiúnas a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne, ina leagtar amach cinntí dlí agus fíorais arna ndéanamh ag breitheamh na trialach agus ina gcuirtear a mhéid atá na cinntí sin faoi dhíospóid san achomharc
  3. Na saincheisteanna a bhfuil cinneadh le déanamh orthu agus aon chrosachomharc;
  4. Aighneachtaí a bhaineann leis na saincheisteanna ag (iii) thuas. Sna haighneachtaí seo, ba cheart go sainaithneofar na prionsabail ábhartha dlí, go ndíreofar ar na saincheisteanna san achomharc agus go rachfar i ngleic go díreach leis na torthaí a fuair breitheamh na trialach. I gcás ina dhéantar tagairt d'fhianaise, ní mór an suíomh beacht a shainaithint sa tras-críbhinn nó sa mhionnscríbhinn (le fonóta más féidir);
  5. Conclúid ina n-aireofaí léiriú ar na horduithe atá á lorg.
  1. Ba cheart go n-áireoidh an t-achomharc nó an páirtí tionscnaimh cróineolaíocht de dhátaí ábhartha mar fhoscríbhinn dá n-aighneachtaí.  Níor cheart go mbeadh sa chróineolaíocht ach dátaí agus iontrálaí fíriciúla gairide agus níor cheart go n-aireofaí aighneacht nó argóint. Má cheistíonn freagróir cróineolaíocht an achomharcóra, ba cheart dó a chroineoláiocht féin a chur san áireamh mar fhoscríbhinn lena aighneachtaí lena sainaithnítear na pointí difríochta go soiléir. Ní gá an chróineolaíocht a chur san áireamh chun críocha líon focal na haighneachta atá mar choinníoll i mír 1 agus 2 thuas ach níor cheart é a úsáid chun dul timpeall ar an líon focal is infheidhme.
  2. Ba cheart go sainaithneofar sna haighneachtaí gach údarás atá tábhachtach do réiteach na saincheisteanna san achomharc agus ba cheart dul i ngleic leo go háirithe. Meabhraítear do pháirtithe agus do chleachtóirí ar a bhfreagracht gach údarás ábhartha a thabhairt chun aire na Cúirte agus, chun na críche sin, táthar ag súil le go ndéanfaidh siad gach beart réasúnach chun na húdaráis sin a shainaithint. Ní mór do pháirtithe agus do chleachtóirí a chinntiú nár rinneadh na húdaráis ar a bhfuil siad ag brath orthu a fhreaschur ar achomharc nó nár cuireadh ar neamhní iad. Ba cheart lua údarás do leasuithe nach bhfuil faoi dhíospóid a sheachaint.
  3. Nuair a fhéachann páirtí le haon cinneadh fíorais a rinne an Ard-Chúirt a chur ar ceal, ní mór go sainaithnítear ina aighneachtaí an bunús ar a mheasann sé go bhfuil sé i dteidlíocht é sin a dhéanamh, ag féachaint do na prionsabail in Hay in aghaidh O’Grady [1992] 1 I.R. 210 agus breithiúnais ina dhiaidh sin.

LEABHAIR ACHOMHAIRC

  1. Faoi réir aon ordú a dhéanfar ag éisteacht Treoracha, déanfaidh an t-achomharcóir, tráth nach fada ná 4 seachtaine roimh an dáta atá socraithe d'éisteacht an achomhairc, ceithre chóip crua de na leabhair achomhairc a thaisceadh, agus iad ullmhaithe de réir mar a leagtar amach thíos. Nuair a dhéantar iad a thaisceadh, iarrfaidh Oifig na Cúirte Achomhairc ar an achomharcóir cóip leictreonach de na leabhair achomhairc a huaslódáil ar a hardán Sharefile. Ba cheart go gcomhlíonfaidh an cóip leictreonach le ceanglais an Fhógra Eolais ar Pháipéir Achomhairc a chomhdú go Leictreonach in Achomhairc Shibhialta le linn Phaindéim Covid-19 agus ábhair lena mbaineann arna dhátú an 20 Aibreán 2020 (agus aon Treoir Chleachtais Reachtúla a chuirfear ina ionad).  Nuair a dhéantar na leabhair achomhairc a thaisceadh le hOifig na Cúirte Achomhairc, ní mór don achomharcóir, chomh luath agus is féidir, cóip chrua de na leabhair a sheirbheáil ar gach freagróir san achomharc. Féachfaidh an t-achomharcóir leis hinnéacs gach leabhar achomhairc a chomhaontú tríd an rud céanna a sheoladh chuig an fhreagróra/na bhfreagróirí tráth nach déanaí ná 8 seachtaine roimh an dáta éisteachta agus caithfear freagra a fháil mar aon le haon leasuithe atá beartaithe laistigh de dhá sheachtain.
  2. Tá comhlíonadh na dteorainneacha ama i mír 14 thuas riachtanach d'fheidhmiú ceart na Cúirte agus d'éisteacht éifeachtach agus feidhmiúil na n-achomharc. Má theiptear ar na teorainneacha ama maidir le hachomharc a chomhlíonadh, féadfar an t-achomharc sin a chur ar atráth nó é a dhíbhe agus/nó orduithe costais a fhorchur in aghaidh an pháirtí nó na bpáirtithe ar mainneachtain.
  3. Ní mór go mbeadh gach leabhar achomhairc innéacsaithe, tábáilte agus uimhrithe. Ní mór go mbeadh gach doiciméad sna leabhair achomhairc inléite agus críochnaithe. Níor cheart go gcuirfear an iomarca i leabhair agus níor cheart doiciméid bhreise a chur isteach nuair a nach bhfuil spás dóibh. Ba cheart go mbeadh sé éasca leabhair a oscailt agus go féadfar iad a úsáid gan stró. Ba cheart leabhair a shainaithint go soiléir ar an gclúdach agus (nuair is féidir) ar an droimh maidir leis an ábhar agus, más cuí, uimhir an leabhair.
  4. I gcás ina bhfuil trí leabhar achomhairc nó níos mó, ba cheart na leabhair a uimhriú go seicheamhach agus ag an am gcéanna is a seolfar na leabhair achomhairc chuig Oifig na Cúirte Achomhairc, déanfar ceithre chóip d'innéacs do na leabhair a thaisceadh leis an Oifig. Leis an innéacs seo, (a chuirfear ar fáil leis féin agus nach n-áireofar sna leabhair achomhairc é) déanfar, le huimhir agus ainm gach leabhar achomhairc, ábhair gach leabhair a shainaithint go sonrach. Ba cheart cur síos sonrach a dhéanamh ar na foilseáin a ghabhann le mionnscríbhinní agus gan uimhir an fhoilseáin amháin a thabhairt.
  5. Sna leabhair achomhairc, beidh:
  1. Croíleabhar ina mbeidh:
  1. Ordú ón Ard-Chúirt a bhfuil achomharc déanta ina choinne;
  2. Breithiúnas scríofa ón Ard-Chúirt, nó más breithiúnas ex tempore atá ann, tras-scríbhinn deimhnithe nó nóta comhaontaithe (arna shíniú ag na páirtithe nó arna shíniú Abhcóide nó Dlíodóir thar cheann gach páirtí) atá ceadaithe ag breitheamh na hArd-Cúirte;
  3. Fógra Achomhairc;
  4. Fógra(í) an Fhreagróra;
  5. Aighneachtaí an achomharcóra ar an achomharc;
  6. Aighneachtaí an fhreagróra ar an achomharc.
  1. Leabhar Pléadálacha:
  1. I gcás ina mbeidh an t-achomharc in imeachtaí tionscanta le toghairm iomlánacha, níor cheart cóipeanna de na toghairm, aon ráiteas éilimh, cosaint nó aon fhreagra i seicheamh cróineolaíoch, iarratais agus freagraí ar shonraí áirithe nó ar fhógraí nó doiciméid a mhalartaítear a chur san áireamh ach amháin má tá siad ábhartha do na saincheisteanna ar achomharc;
  2. I gcás ina mbeidh imeachtaí tionscanta le toghairm díobhálacha pearsanta, cóipeanna de na toghairm, aon iarratas ar shonraí áirithe agus freagraí ar na hiarratais sin, cosaint, freagra, fógraí a seirbheálfar de bhun SI 391 de 1998 agus gach mionnscríbhinn fíoraithe.;
  3. I gcás ina mbeidh an t-achomharc in aon imeachtaí eile, cóipeanna den doiciméad tionscnaimh agus doiciméad ar bith eile i bhfoirm cosanta nó ráiteas freasúra;
  4. I gcás ina mbeidh an t-achomharc i gcoinne ordaithe idirbhreitigh, fógra tairisceana chomh maith;
  5. Aon ordú, seachas an t-ordú a bhfuil achomharc déanta ina choinne, nó treoir ón Ardchúirt atá ábhartha don achomharc.
  1. Leabha(i)r F(h)ianaise san Ard-chúirt:
  1. I gcás ina raibh an fhianaise san Ard-Chúirt ar mhionnscríbhinn, cóipeanna de gach mionnscríbhinn (lena n-áirítear foilseáin, ar cheart cur síos cuí agus aonair a bheith déanta orthu san innéacs) a rabhthas ag brath orthu nó ar osclaíodh iad san Ard-Chúirt leagtha amach i seicheamh cróineolaíoch. I gcás ina dtéann siad thar chomhad stua-luamháin amháin, níor cheart ach mionnscríbhinní a chur san áireamh sa chéad chomhad Stua-Luamháin le foilseáin ábhartha sna cinn ina dhiaidh sin;
  2. I gcás ina bhfuil na mionnscríbhinní níos faide ná 100 leathanach, ní mór don achomharcóir, agus na leabhair achomhairc á dtaisceadh aige, an mhionnscríbhinn/na mionnscríbhinní ar leith agus/nó sleachta óna mionnscríbhinní ar a bhfuil sé ar intinn aige a bheith ag brath orthu chun críocha an achomhairc, a shainaithint. Má tá sé ar intinn ag an bhfreagróir san achomharc a bheith ag brath ar ábhar mionnscríbhinne breise, ní mór dó doiciméad lena sainaithnítear an t-ábhar breise seo a thabhairt d'Oifig na Cúirte Achomhairc laistigh de 14 lá.
  3. I gcás ina bhfuil na foilseáin níos faide ná 100 leathanach, ní mór don achomharcóir, agus na leabhair achomhairc á dtaisceadh aige, an foilseán/na foilseáin ar leith agus/nó sleachta óna foilseáin ar a bhfuil sé ar intinn acu a bheith ag brath orthu chun críocha an achomhairc a shainaithint. Má tá sé ar intinn ag an bhfreagróir san achomharc a bheith ag brath ar fhoilseáin bhreise nó ar shleachta ó fhoilseáin, ní mór dó doiciméad lena sainaithnítear an t-ábhar breise seo a thabhairt d'Oifig na Cúirte Achomhairc laistigh de 14 lá.
  4. I ngach cás inar tugadh fianaise ó bhéal, soláthrófar innéacs lena sainaithneofar gach finné a thug fianaise, an páirtí ar tugadh an fhianaise sin thar a cheann agus lena dtaispeánfar trí thagairt d'uimhir tras-scríbhinne agus do leathanach ina bhfuil an fhianaise sin
  5. I gcás inar tugadh éisteacht ó bhéal thar 4 lá nó níos lú, tras-scríbhinn iomlán na fianaise a tugadh ag an triail arna dheimhniú ag scríbhneoir nó soláthraí na tras-scríbhinne a bheith cruinn; ba cheart go mbeadh innéacs leis an tras-scríbhinn ina sainaithneofar gach finné a thug fianaise, an páirtí ar tugadh an fhianaise sin thar a cheann agus lena dtaispeánfar trí thagairt d'uimhir tras-scríbhinne agus don leathanach ina bhfuil an fhianaise sin. Ba cheart go mbeadh an tras-scríbhinn ar leathanach iomlán seachas i bhformáid chomhdhlúite.
  6. I gcás inar tugadh éisteacht ó bhéal thar níos mó ná 4 lá, leabhar comhaontaithe ina bhfuil sleachta ó thras-scríbhinn na fianaise a bhaineann leis na saincheisteanna san achomharc. Ba cheart go mbeadh fianaise a bhaineann leis na saincheisteanna ar achomharc sna sleachta seo agus níor cheart go mbeadh iontu ach an fhianaise seo. Ba cheart go mbeadh sleachta na tras-scríbhinne ar leathanach iomlán seachas i bhformáid chomhdhlúite. Mura bhfuil cead faighte ón gCúirt roimh ré, níl sé ceadaithe tras-scríbhinn iomlán na fianaise a thaisceadh. Ní mór go ndéanfar leis an innéacs do shleachta na tras-scríbhinne, i leith gach finné a bhfuil a fhianaise san áireamh, an finné, an páirtí ar tugadh an fhianaise sin thar a cheann agus má tugadh i scrúdú díreach nó i gcroscheistiú í a shainaithint.  Ní mór go mbeadh na sleachta leordhóthanach le go mbeadh an Chúirt in ann an comhthéacs inar tugadh an fhianaise a thuiscint;
  7. Leabha(i)r do dhoiciméad ar bith arna ghlacadh i bhfianaise san Ard-Chúirt a raibh páirtí eile ag brath uirthi mar is cuí don achomharc.  I gcás ina bhfuil níos mó ná 20 doiciméad, ba cheart Croíleabhar comhaontaithe de na doiciméid a bhaineann is mó leis na saincheisteanna ar achomharc;
  8. I gcás nach bhfuil ach sleachta as an tras-scríbhinn (faoi (iv) thuas) san áireamh, déanfaidh an t-achomharcóir cóip amháin de thras-scríbhinn iomlán na fianaise a tugadh sa chúirt thíos mar aon leis na leabhair achomhairc a thaisceadh. Déanfar an tras-scríbhinn a thaisceadh go leictreonach i gcás ina n-ordóidh an Cláraitheoir é sin.
  9. In imeachtaí arna dtionscnamh le toghairm díobhálacha pearsanta, aireofar sa Leabhar Fianaise tuarascálacha saineolaithe arna mhalartú idir na páirtithe de bhun SI. 391 de 1998 de réir mar a cuireadh i bhfianaise san Ard-Chúirt.
  1. I gcás ina gceadaítear le líon na bpáipéar achomhairc, agus i gcónaí faoi réir chomhlíonadh alt 16 thuas, féadfar an Croíleabhar, an Leabhar Pléadálacha agus/nó an Leabhar Fianaise/na Leabhair Fianaise a chónascadh in imleabhar amháin.
  2. Meabhraítear do pháirtithe, i gcás ina bhfuiltear ag súil leis a bheith ag brath ar thras-scríbhinní DAR chun críocha achomhairc, go bhfuil an t-achomharcóir freagrach as iarratas ar na tras-scríbhinní sin a dhéanamh go tráthúil, ionas go gcinnteofar go gcomhlíontar ceanglais mír 14 thuas.

ÚDARÁIS

  1. Tá na páirtithe san achomharc freagrach as leabhar údarás a chomhaontú. Faoi réir aon Treoracha a thug an Chúirt, tráth nach déanaí ná 8 seachtaine roimh an dáta éisteachta, ba cheart don achomharcóir dréachtliosta de na húdaráis atá le cur san áireamh sna leabhair údarás a sheachadadh ar an bhfreagróir agus ar aon pháirtí eile san achomharc, ag féachaint do mhíreanna (c) agus (d) thíos. Tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh an dáta éisteachta, déanfaidh an t-achomharcóir agus páirtí ar bith eile liosta d'aon údarás breise eile atá le cur sna leabhair údarás ar comhaontaíodh a sheachadadh ar an achomharcóir.
  2. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, déanfaidh an t-achomharcóir, tráth nach déanaí ná 4 seachtaine roimh an dáta a bheidh socraithe d'éisteacht an achomhairc, ceithre chóip de leabha(i)r c(h)omhaontaithe innéacsaithe agus thábáilte na n-údarás a thaisceadh in Oifig na Cúirte Achomhairc.
  3. I gcás ina ndearnadh cás a thuairisciú sna Tuarascála Éireannacha nó sna Dlí-Thuarascála Éireannacha Míosúla, is é an tuarascáil sin an t-aon tuarascáil amháin ar an gcás ar cheart a chur san áireamh i leabhar na n-údarás. Mura ndearnadh cás a thuairisciú sna Tuarascála Éireannacha nó sna Dlí-Thuarascála Éireannacha Míosúla ach má rinneadh é a thuairisciú i sraith eile de thuarascála dlí, ba cheart an breithiúnas sin arna rinneadh tuairisciú air a chur i leabhar na n-údarás.
  4. Níor cheart aon bhreithiúnas neamhthuairiscithe nó cóip ríomhghinte a chur san áireamh i gcás ina bhfuil breithiúnas tuairiscithe ar fáil
  5. Táthar ag súil le go dtabharfaidh páirtithe agus cleachtóirí a mbreithiúnas agus go gcomhoibreoidh siad lena chinntiú, fad a chuirtear na údaráis riachtanacha ar fáil don Chúirt, go seachnaítear an soláthar údarás neamhriachtanach. Meabhraítear do pháirtithe agus do chleachtóirí nach gá breithiúnais a chur san áireamh sna leabhair údarás ach amháin na breithiúnais sin gur dóigh go ndéanfar tagairtí suntasacha dóibh in argóint ó bhéal agus/nó breithiúnais a bheidh ag teastáil ag an gCúirt chun athbhreithniú mionsonrach a dhéanamh orthu agus í ag ullmhú don achomharc agus ag déanamh cinneadh ina thaobh. Ní gá údaráis, nach ndéantar ach tagairt dá sleachta sna haighneachtaí scríofa (go háirithe iad siúd nach gcuireann ach prionsabail aitheanta a bheidh ar eolas ag an gCúirt in iúl) a chur san áireamh sna leabhair údaráis. Ba cheart roinnt údarás a áireamh don tairiscint chéanna dlí a sheachaint.
  6. I gcás nach féidir na húdaráis chomhaontaithe a ionchorprú go héasca in aon leabhrán údarás amháin, ba cheart croíleabhrán údarás a ullmhú agus a lipéadú go soiléir, agus ba cheart go mbeadh na húdaráis agus na hábhair sin a mheastar a bheith lárnach sa chás agus gur dóigh go dtagraítear dóibh le linn argóinte sa leabhrán sin. Ba cheart na hábhair agus na húdaráis atá fágtha a chur i leabhráin bhreise agus iad a eagrú agus a ordú mar a n-ordaítear i bhforálacha na míre seo chomh maith le hiad a bheith i gcomhaid atá lipéadaithe go soiléir agus uimhrithe go seicheamhach.
  7. Mura n-ordaítear a mhalairt, ba cheart leabhráin údarás a chur i láthair san fhormáid agus san ord seo a leanas:
  1. Aon fhorálacha ábhartha de chuid an Bhunreachta;
  2. Aon fhorálacha ábhartha de chuid Chonarthaí an Aontais Eorpaigh agus/nó reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh;
  3. Aon fhorálacha reachtúla ábhartha Éireannacha;
  4. Údaráis na hÉireann leagtha amach in ord cróineolaíoch;
  5. Aon chinntí ábhartha de chuid CBAE nó de chuid na Cúirte Ginearálta agus aon Tuairimí de chuid an Abhcóide Ghinearálta, leagtha amach in ord cróineolaíoch
  6. Aon údaráis idirnáisiúnta a bhfuiltear ag brath orthu, arna n-eagrú de réir dlínse, agus laistigh de dhlínsí den sórt sin, atá leagtha amach in ord cróineolaíoch;
  7. Ábhair eile lena n-áirítear sleachta as téacsleabhair agus irisí léinn,

 

  1. Cé gur cheart tuarascáil iomlán an cháis a chur san áireamh i leabhrán na n-údarás go hiondúil, i gcás go bhfuil tuarascáil cáis an-fhada agus  gur léir nach mbaineann cuid shuntasach den téacs atá in údarás leis na saincheisteanna a eascraíonn as na himeachtaí, is leor sliocht den tuarascáil cáis lena mbaineann, ar choinníoll gur cheart teideal an cháis, an chúirt/na cúirteanna agus dáta(í) an bhreithiúnais, na ceannteidil ábhair agus ceann-nóta an tuairisceora (más ann dó) a chur san áireamh i gcónaí.
  2. Cé gur cheart téacs iomlán na reachtaíochta príomhúla agus tánaisteacha a chur san áireamh i leabhrán na n-údarás de ghnáth, i gcás ina bhfuil an reachtaíocht lena mbaineann an-fhada agus gur léir nach mbaineann cuid shuntasach den téacs leis na saincheisteanna a eascraíonn as na himeachtaí, ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
  1. na forálacha reachtacha a bhaineann leis na saincheisteanna a eascraíonn;
  2. príomhfhorálacha eile den reachtaíocht a d’fhéadfadh a bheith ina gcabhair chun comhthéacs na forála a bhaineann leis na saincheisteanna a thuiscint, e.g. an teideal fada, aon fho-ailt eile atá san fhoráil den reachtaíocht lena mbaineann atá iomchuí agus aon fhoráil eile sa reachtaíocht a shainíonn abairt a úsáidtear san fhoráil a bhfuiltear ag brath uirthi nó a chabhródh leis an bhforáil a bhfuiltear ag brath uirthi a léiriú nó a chur i gcomhthéacs.

GINEARÁLTA

  1. (a) Táthar ag súil le go rachaidh na páirtithe i dteagmháil chuiditheach lena chéile leis na hábhair (lena n-áirítear údaráis) a bhfuil fíorghá leo a chur sna páipéir a sholáthrófar don Chúirt a chinneadh ionas nach gcuirfí ábhair neamhriachtanacha istigh agus le go seachnófar an baol go mbainfí ábhar tábhachtach ó na leabhráin a sholáthrófar don Chúirt agus go mbeadh gá le hiad a sholáthar don Chúirt le linn éisteacht an achomhairc.

    (b) Ní cheadaítear aon ábhar breise a sholáthar don Chúirt ag éisteacht an achomhairc gan cead ón gCúirt.

    (c) Ní mór do na páirtithe, agus go háirithe abhcóide nó dlíodóir a chuireann argóintí i láthair, a chinntiú ag an éisteacht go bhfuil úsáid á bhaint acu as na leabhair achomhairc céanna leis na leabhair a sholáthraítear don Chúirt.

(d) ’D'fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na hiarmhairtí seo a leanas a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh cheanglas na Treorach Cleachtais seo:

(I)  I gcás ina mbaineann neamhchomhlíonach le mainneachtain cheanglais na Treorach Cleachtais seo i leith doiciméid nó leabhair achomhairc, féadfaidh an Cláraitheoir an doiciméad nó an leabhar a dhiúltú,
(II)  I gcás ar bith, féadfaidh an Chúirt na horduithe sin a dhéanamh de réir mar is cuí léi, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dóibh):

(i) orduithe a thugann neamhaird ar aighneachtaí, iad a dhícheadú nó iad a scriosadh amach, go hiomlán nó go páirteach;
(ii) orduithe maidir le costais (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d'orduithe lena ndícheadaítear go hiomlán nó go páirteach costais an pháirtí mhainneachtnaigh).
(iii) orduithe lena ndéantar achomharc a dhíbhe nó fógra achomhairc agus orduithe iarmhartacha le haghaidh costas a scriosadh amach.

(III) Ní dochar ar bith iad na míreanna roimhe seo do chumhacht na Cúirte nó (de réir mar a bheidh) do chumhacht an bhreithimh bainistithe cásanna le hordú “unless” cuí a dhéanamh mura gcloítear leis an Treoir Chleachtais seo

  1. Ní dochar ar bith é an Treoir Chleachtais seo do threoracha bainistithe cásanna a bhféadfaidh an Chúirt nó ball ar bith sa Chúirt a thabhairt maidir le cásbhainistiú achomhairc ar leith ar bith.
  2. (a) Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i ngníomh ar an 3 Deireadh Fómhair 2022.

 

Arna dhátú 1 Meitheamh 2022
George Birmingham
Uachtarán na Cúirte Achomhairc

Court of Appeal