CA01

Achomhairc bhrostaithe agus fógraí achomhairc neamhchomhlíontacha

  1. Am breise le haghaidh Fógra Achomhairc in achomhairc bhrostaithe ó Orduithe arna gcur i gcrích roimh an 31 Deireadh Fómhair 2014
  2. Neamhchomhlíonadh na foirme forordaithe d'Fhógra Achomhairc le linn na hIdirthréimhse

(Arna eisiúint faoi Alt 7C(2) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 a cuireadh isteach le hAlt 10 den Acht um an gCúirt Achomhairc 2014)

Am breise le hachomharc brostaithe a thaisceadh

D'ainneoin an cheanglais in O.86A r.9(1) ina luaitear nach mór fógra achomhairc in achomharc brostaithe a thaisceadh le heisiúint laistigh de 10 lá ó cuireadh an t-Ordú a mbeifear ag achomharc ina choinne, leis seo déantar an tréimhse sin a leathnú go 21 lá i leith achomhairc i gcoinne aon Ordú a cuireadh i gcrích ar an 31 Deireadh Fómhair 2014 nó roimhe sin.

Fógra achomhairc laistigh de na hIdirthréimhse atá neamhchomhlíontach.

Ba cheart go gcomhlíonfaidh gach fógra achomhairc (achomhairc bhrostaithe agus gnáthachomhairc) ceanglais O. 86A r. 8 nó O. 86A r. 12 agus ceanglais Fhoirm Uimh. 4 nó Fhoirm Uimh. 6. Mar sin féin, i gcás ina ndéantar fógra achomhairc nach gcomhlíonann na ceanglais seo a thaisceadh roimh 20 Samhain 2014, glacfaidh an Oifig le fógra achomhairc ar sheirbhís den sórt sin agus déanfaidh sí é a eisiúint, le hé a ainmniú mar achomharc brostaithe nó gnáthathchomharc agus tabharfaidh sí dáta tuairisceáin d'éisteacht na dtreoracha ar na coinníollacha seo a leanas:

  1. déanann an t-achomharcóir, laistigh de sheacht lá ó dháta eisiúna an fhógra achomhairc bhunaidh, fógra achomhairc brostaithe arna leasú nó fógra ghnáthachomhairc a thaisceadh san Oifig agus a sheirbheáil ar gach páirtí; mar atá i gcomhréir le Foirm Uimh. 4 nó Foirm Uimh. 6 de réir mar is cuí; agus
  2. i gcás achomhairc brostaithe, ní chuirfear tús leis an tréimhse seacht lá le fógra an fhreagróra a thaisceadh agus a sheirbheáil (O.86A r.11) go dtí go ndéanfar an fógra achomhairc brostaithe arna leasú a sheirbheáil.

Sean Ryan
Uachtarán
Deireadh Fómhair 2014

 

Sceideal
Achomhairc Bhrostaithe

O.86A r.7(1)

 

  1. achomharc i gcoinne faoiseamh a dheonú nó a dhiúltú faoi Airteagal 40.4.2 den Bhunreacht;
  2. achomharc i gcoinne aon ordú idirbhreitheach a dhéanamh nó a dhiúltú;
  3. achomharc i gcoinne aon ordú lena ndeonaítear breithiúnas achomair a dhéanamh nó a dhiúltú;
  4. achomharc i gcoinne aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh nó a dhiúltú:
  1. ordú foirceanta;
  2. ordú lena gceaptar leachtaitheoir sealadach;
  3. ordú lena gceaptar glacadóir;
  4. ordú i gcúrsa imeachtaí scrúdaitheoireachta;
  5. achomharc i gcoinne aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh nó a dhiúltú:
  1. breithniú i bhféimheacht;
  2. ordú faoi Chaibidil 3 (Socruithe um Shocraíochta Fiachais) nó faoi Chaibidil 4 (Socruithe um Dhócmhainneacht Phearsanta) de Chuid 3 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta 2012;
  1. achomharc i gcoinne aon ordú a dhéanamh nó a dhiúltú in aon imeachtaí a bhfuil feidhm ag Ordú 133 (Fuadach Leanaí agus Forghníomhú Orduithe Coimeádta) maidir leo;
  2. achomharc i gcoinne aon ordú lena ndéantar cinneadh i dtaobh inniúlachta duine (lena n-áirítear ordú lena ndéantar coimircí cúirte de dhuine nó ordú lena ndiúltaítear coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine) a dhéanamh nó a dhiúltú;
  3. achomharc i gcoinne ordú a dhéanamh nó a dhiúltú in imeachtaí faoi na hAchtanna um Barántas Gabhála Eorpach 2003 agus 2012, nó in imeachtaí eiseachadta;
  4. achomharc i gcoinne ordú toirmisc a dhéanamh nó a dhiúltú in imeachtaí coiriúla;
  5. achomharc i gcoinne ordú ex parte a dhiúltú;
  6. aon achomharc eile atá ainmnithe i dtreoir chleachtais reachtúil mar achomharc a bhfuil feidhm ag an gCuid seo maidir leis.
Court of Appeal