Is rannóg de chuid na hArd-Chúirte í an Chúirt Tráchtála a pléann le cásanna suntasacha tráchtála agus leo sin amháin.

Pléann an Chúirt Tráchtála le gach cineál aighneas gnó, lena n-áirítear sárú conartha, tort, maoin, iontaobhas agus probháid, aighnis TF, athbhreithniú breithiúnach, cumaisc chorparáideacha, athstruchtúrú domhanda, aistrithe fóilió árachais, Malairtí agus Díorthaigh Idirnáisiúnta nó aighnis infheistíochta eile, agus aighnis maoin intleachtúil.

Is gearr go mbeidh fo-liosta sainiúil ag an gCúirt ar a dtugtar an Liosta Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíochta ina mbeidh breithiúna sainiúla de chuid na Cúirte Tráchtála. Tá liostaí sainiúla bainteacha ann freisin ina bpléitear le cásanna Iomaíochta, gnóthaí Eadrána, Forbairtí Bonneagair Straitéisigh, Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíocht agus Dócmhainneacht.

Ní mór gné thráchtála a bheith in imeachtaí a phléitear sa Chúirt Tráchtála agus, ar bhonn ginearálta, ní mór luach nach lú ná €1m a bheith leo.

Tuilleadh eolais thíos.

Treoir Cleachtais Uasdátaithe:

Leis seo eisím, Uachtarán na hArd-Chúirt, an Treoir Chleachtais HC122 seo a leanas de réir alt 11(12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2020 tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 2 Deireadh Fómhair 2023.

Féach le do thoil téacs iomlán na Treorach Cleachtais: HC122 – Liosta na Cúirte Tráchtála.

Tagann an Treoir Cleachtais seo in ionad na dtreoracha cleachtais go léir roimhe seo maidir leis an Liosta Tráchtála agus go háirithe HC 93, HC 113 agus HC 85. Tiocfaidh an treoir cleachtais seo i bhfeidhm an 2 Deireadh Fómhair 2023 agus eisítear é de réir údarás ginearálta Uachtarán na hArd-Chúirt agus le halt 11 (12) agus (13) den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2020, a mhéid a bhaineann sé le cianéisteachtaí.

Cén fáth sinne a roghnú?

Cén fáth sinne a roghnú?

Is ionad barr feabhais é córas dlí na hÉireann chun aighnis idirnáisiúnta thráchtála a réiteach.

Mar a fheidhmíonn an Chúirt Tráchtála

Mar a fheidhmíonn an Chúirt Tráchtála

Cleachtas agus nósanna imeachta na Cúirte

Breithiúna na Cúirte Tráchtála

Breithiúna na Cúirte Tráchtála

Seo iad na daoine a oibríonn sa Chúirt Tráchtála

Teagmháil

Teagmháil

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte a thugann tacaíocht don Chúirt Tráchtála. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh de r-phost chuig commercialcourt@courts.ie

Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Find Us