Is rannóg de chuid na hArd-Chúirte í an Chúirt Tráchtála a pléann le cásanna suntasacha tráchtála agus leo sin amháin.
Pléann an Chúirt Tráchtála le gach cineál aighneas gnó, lena n-áirítear sárú conartha, tort, maoin, iontaobhas agus probháid, aighnis TF, athbhreithniú breithiúnach, cumaisc chorparáideacha, athstruchtúrú domhanda, aistrithe fóilió árachais, Malairtí agus Díorthaigh Idirnáisiúnta nó aighnis infheistíochta eile, agus aighnis maoin intleachtúil.
Is gearr go mbeidh fo-liosta sainiúil ag an gCúirt ar a dtugtar an Liosta Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíochta ina mbeidh breithiúna sainiúla de chuid na Cúirte Tráchtála. Tá liostaí sainiúla bainteacha ann freisin ina bpléitear le cásanna Iomaíochta, gnóthaí Eadrána, Forbairtí Bonneagair Straitéisigh, Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíocht agus Dócmhainneacht.
Ní mór gné thráchtála a bheith in imeachtaí a phléitear sa Chúirt Tráchtála agus, ar bhonn ginearálta, ní mór luach nach lú ná €1m a bheith leo.
Tuilleadh eolais thíos.
Cén fáth sinne a roghnú?
Mar a fheidhmíonn an Chúirt Tráchtála
Breithiúna na Cúirte Tráchtála
Teagmháil
Teagmháil
Príomh-Oifig na hArd-Chúirte a thugann tacaíocht don Chúirt Tráchtála. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh de r-phost chuig commercialcourt@courts.ie
Tá sonraí teagmhála ar fáil sa rannán Find Us