Is ionad barr feabhais é córas dlí na hÉireann chun aighnis idirnáisiúnta thráchtála a réiteach

Déantar bainistiú cáis ar chásanna go leanúnach ó iontráil go cur i gcrích nó breithiúnas chun iad a choinneáil ag dul go réidh agus chun a chinntiú go réitítear nó go socraítear aighnis tráchtála a luaithe agus is féidir. I measc na mbuntáistí atá ag Cúirt Tráchtála na hÉireann tá:

 

Dlínse Dlí Coiteann agus Shasana

Diomaite de Shasana agus an Bhreatain Bheag, is í Éire an dlínse dlí coiteann is sine ar domhan. Feidhmíonn cúirteanna ar bhonn fasaigh, is é sin, tá iallach orthu cloí le cinntí cúirteanna ar airde aicme iad agus ba chóir drogall a bheith orthu imeacht ó chúirteanna dar aicme chomhionann, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Cinntítear leis seo cinnteacht laistigh den dlí. Is é córas cúirteanna na hÉireann an t-aon chóras cúirte san AE ina labhraítear Béarla, bunaithe ar an dlí coiteann agus feidhmíonn sé de réir theagasc an fhasaigh.

Taithí

Bunaíodh Cúirt Tráchtála na hÉireann in 2004 agus d'fhorbair sí ina Cúirt dar saineolas suntasach ó shin. Le cois painéal saincheaptha breithiúna a phléann le gnóthaí Tráchtála, agus iad uile ina gcleachtóirí dlí (idir abhcoidí sinsearacha agus aturnaetha) i réimse an dlí tráchtála agus na n-aighneas tráchtála. Tá roinnt liostaí sainiúla ann fosta á mbainistiú ag breithiúna atá cáilithe go hiomchuí lena n-áirítear an Liosta Iomaíochta, an Liosta Eadrána, an Liosta Forbairtí Bonneagair Straitéisigh, agus an Liosta Dócmhainneachta. Is gearr go mbeidh fo-liosta sainiúil ag an gCúirt Tráchtála ar a dtugtar an Liosta Maoin Intleachtúil agus Teicneolaíochta. Dlíodóirí trialach a bhfuil an-taithí acu ar mhaoin intleachtúil a shannfar mar bhreithiúna ar an liosta seo.

Breithiúna Ardcháilíochta, Neamhspleácha agus Neamhchlaonta

Tá neamhspleáchas bhreithiúna na hÉireann cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann ó bhí 1937 ann. Cinntítear neamhspleáchas trí cheapacháin bhuana agus scaradh láidir cumhachtaí idir Reachtúil, Feidhmeannach agus Breithiúnach. Comhlacht reachtúil ar a dtugtar an tSeirbhís Cúirteanna atá i mbun riarachán chúirteanna na hÉireann agus é neamhspleách ar an rialtas.

Gan mhoill

Tá clú ar Chúirt Tráchtála na hÉireann as cásanna a réiteach gan aon rómhoill. Sna chéad deich mbliana aici, tháinig 199 cás, ar an meán ina láthair agus réitíodh 188, ar an meán, laistigh den bhliain.

Bainistiú cásanna agus amchláir dhochta

Déanann an breitheamh atá ina bhun agus na breithiúna a shanntar chun cásanna a éisteacht bainistiú docht ar gach cás ar an Liosta Tráchtála. Leis seo, cinntítear go mbíonn gnóthaí réidh chun éisteachta go pras agus go mbítear lánchinnte d'ionchais na bpáirtithe.

Barra Neamhspleách na hÉireann

Feidhmíonn Éire ar bhonn barra neamhspleách atreoraithe. Tá thart ar 2,300 abhcóide i mbun cleachtais i mbarra na hÉireann lena n-áirítear 325 abhcóide sinsearach. Tá abhcóidí iomlán neamhspleách óna gcliaint agus tógann treoracha ó aturnaetha. Cinntítear leis seo leibhéal ard neamhchlaontachta. A gcomhlachtaí gairmiúla féin a mhaoirsíonn an dá ghairm chomh maith leis an Údarás Reachtúil Rialála Seirbhísí Dlí.

Saineolas dlí ar fáil go forleathan

Is ann do struchtúr láidir d'abhcóidí agus aturnaetha tráchtála a bhfuil dea-cháil orthu agus réimse leathan taithí acu. Tá taithí ar dhlíodóirí na hÉireann ar Dhlí AE a áitiú i gcúirteanna intíre agus AE. Tá taithí agus saineolas leathan ag gnólachtaí aturnaetha agus abhcóidí na hÉireann ar ghnóthaí ildlínse, lena n-áirítear aighnis i dtíortha AE eile agus sna Stáit Aontaithe. Comhairle Barra na hÉireann, Dlí-Chumann na hÉireann agus an tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí a rialálann aturnaetha agus abhcóidí agus a thacaíonn leo. Tá roinnt eagraíochtaí sainiúla ann fosta a sholáthraíonn acmhainní agus saineolas do Chúirt Tráchtála na hÉireann, lena n-áirítear Cumann Dlíthíocht Tráchtála na hÉireann agus Cumann Chleachtóirí Dócmhainneachta na hÉireann.

Forfheidhmiú

Tá réimeas láidir, fadbhunaithe, rathúil ag córas na hÉireann ó thaobh forfheidhmiú breithiúnas de. Mar bhall den AE, is féidir breithiúnais na hÉireann a fhorfheidhmiú i ngach Ballstát eile de chuid an AE de réir Rialachán na Bruiséile Athmhúnlaithe.

Taisteal Saor ó Víosa do Shaoránaigh AE

Ní gá d'abhcóidí, finnéithe, eadránaithe ná do chuairteoirí eile ar saoránaigh AE iad víosaí iontrála a bheith acu. Nuair is gá, is féidir fianaise a thabhairt de nasc físeáin.

Doiciméid

Gné de bhunús na gcásanna an follasú (ríomh-fhollasú go minic) ach déanann an chúirt dianbhainistiú air. Rinneadh trialacha 'gan pháipéar', agus gach doiciméad scanta chuig bunachar sonraí, san am atá caite agus is féidir iad a shocrú.

Íogaireacht Tráchtála

Cé gur iondúil gur i gcúirt oscailte a bhíonn trialacha, i gcásanna ina bhfuil eolas atá íogair, rúnda ó thaobh tráchtála de m.sh. cásanna paitinne, is féidir na himeachtaí uile nó cuid díobh a éisteacht go príobháideach, agus is féidir rúndacht doiciméad a chaomhnú nó na codanna íogaire a cheilt.

Struchtúr Achomhairc

Struchtúr Achomhairc

Ó bhí 2014 ann, téann achomharc ón Ard-Chúirt (an Chúirt Tráchtála san áireamh) go dtí an Chúirt Achomhairc. Cinntíonn an Chúirt Achomhairc go bpléitear go pras le hachomhairc ón gCúirt Tráchtála agus d'aidhm aici a leithéid d'achomhairc a éisteacht faoi cheann 6 mhí den chinneadh bunaidh. Foráiltear i roinnt reachtanna nach féidir a leithéid d'achomhairc a thógáil ach amháin le cead na hArd-Chúirte agus/nó nuair a bhíonn pointe dlí i gceist a bhfuil tábhacht phoiblí leis.

Baineann an t-achomharc leis an taifead seachas éisteacht iomlán de novo.

Ní féidir achomharc breise ón gCúirt Achomharc chuig an gCúirt Uachtarach a dhéanamh ach nuair a bhaineann an cás le pointe dar tábhacht ghinearálta phoiblí nó go bhfuil sé riachtanach ó thaobh an cheartais de. I gcúinsí eisceachtúla, d'fhéadfadh an Chúirt Uachtarach glacadh le hachomharc 'léim chun tosaigh' go díreach ón Ard-Chúirt. Is iondúil go ndéanfadh an Chúirt Uachtarach cinneadh ar chead achomhairc faoi cheann 10 seachtaine a fhad is go gcomhlíonann na páirtithe, a bheag nó a mhór, teorainneacha ama sainithe.

Nuair a thugtar cead, is iondúil gur 4 mhí an tréimhse ó sheirbheáil an fhógra go bhfuiltear ag beartú dul chun cinn (arb é an tús foirmiúil é leis an bpróiseas tathagach achomharc i gcásanna ina dtugtar cead) go dtí an t-am a n-éistear an t-achomharc dáiríre.

Dála gach cúirte in Éirinn, nuair a bhítear i mbun dhlí AE, féadann an Chúirt Tráchtála réamhthagairt a dhéanamh don Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg.

Forfheidhmiú

Forfheidhmiú

Tá réimeas láidir, fadbhunaithe, rathúil ag córas na hÉireann ó thaobh forfheidhmiú breithiúnas de. Mar bhall den AE, is féidir breithiúnais na hÉireann a fhorfheidhmiú i ngach Ballstát eile de chuid an AE de réir Rialachán na Bruiséile Athmhúnlaithe.