Cur síos ar an bpróiseas sa Chúirt Tráchtála

Próiseas na Cúirte Tráchtála

Eisítear imeachtaí sa Phríomh-Oifig
Cuireann na páirtithe - nó páirtí acu - isteach ar iontráil sa Chúirt Tráchtála
Ceadaítear nó diúltaítear iontráil. Má cheadaítear, is iondúil go bpléifidh an Chúirt leis an iarratas ar iontráil ag an éisteacht tosaigh treoracha. Is iondúil go ndéantar treoracha mar a chomhaontaítear idir pháirtithe ach is féidir leis an gCúirt iad a chonspóid agus rialú ina leith.
Tionólfar éisteacht eile treoracha nuair a bheidh na pléadálacha dúnta nó beagnach dúnta. Ag an bpointe seo is iondúil go sannfaidh an breitheamh dáta éisteachta agus tabharfaidh sé/sí treoracha diana a thabharfaidh na páirtithe chomh fada le dáta éisteachta. I gcásanna atá thar a bheith práinneach, d'fhéadfaí an dáta éisteachta a shocrú ag an éisteacht bhunaidh treoracha.
Liostófar an gnó lena lua ag an nglao an tseachtain roimh a dháta éisteachta. Cinnteoidh an Chúirt go bhfuil an gnó réidh le tosú agus gur cloíodh le gach treoir.
Sannfar breitheamh don chás chun é a éisteacht ar dháta na trialach.

 

Leagann an Chúirt amach na bearta atá le déanamh maidir le pléadálacha, follasú agus malartú ráitis finnéithe agus an dáta faoinar chóir na bearta seo a chomhlánú.

Ós rud é gurb é príomhfheidhm na Cúirt Tráchtála triail éifeachtach cásanna tráchtála, ní mór go gclóitear go docht le treoracha na cúirte. Ní mór do gach páirtí aturnae ar leith a ainmniú chun a ghealladh don chúirt go gcloífear le treoracha. Ní féidir aon athrú ar threoracha a chomhaontú idir na páirtithe iad féin ach is féidir iarratas ar athrú a chur chuig an gcúirt.

Is iondúil go gcuirfidh breitheamh de chuid na Cúirte Tráchtála chun cinn go ndéanfar bearta réasúnacha chun réiteach malartach aighnis (ADR) a éascú, eadráin go háirithe. Tá sé seo ar aon dul le buntábhacht an ADR i gCóras Dlí na hÉireann.

Tá roinnt breithiúna ag an gCúirt Tráchtála a shanntar go sonrach dá liosta agus is é an painéal seo breithiúna, a bhfuil an-saineolas trialach acu i réimsí na tráchtála, a éisteann na trialacha.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach Rialacha na Cúirte Tráchtála a léamh atá in Ordú 63A de Rialacha na nUaschúirteanna – Treoir Chleachtas HC122  ina leagtar amach na nósanna imeachta atá le déanamh nuair a bhíonn imeachtaí á dtabhairt os comhair na Cúirte


Conas a ghearrann an Chúirt Tráchtála táillí?

An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, arna aontú leis an Aire Airgeadais a shocraíonn táillí Cúirte. Foilsítear iad i ndoiciméid ar a dtugtar orduithe táillí cúirte. Faoi láthair is Táille Chúirte €5,000 atá le híoc ag páirtí ar mian leo iontráil sa Chúirt Tráchtála.

Foilsítear Táille na Cúirte Tráchtála san Ordú Táillí Uaschúirteanna.


Cén áit ar féidir liom eolas a aimsiú faoi fhéilire na Cúirte Tráchtála?

Cuimsítear cásanna atá le héisteacht sa Chúirt Tráchtála sa liosta a fhoilsítear mar chuid de Dhialann Dlí. na hArd-Chúirte.


Cén áit ar féidir liom teacht ar chinntí de chuid na Cúirte Tráchtála?

Foilsítear breithiúnais fhorchoimeádta (scríofa) na Cúirte Tráchtála ar leathanach na mBreithiúnas. Is féidir iad a íoslódáil saor in aisce.