Is cúirt dlínse áitiúil agus achomair í an Chúirt Dúiche. Is féidir gnó na Cúirte Dúiche a roinnt ina cheithre chatagóir:- coiriúil, sibhialta, dlí teaghlaigh agus ceadúnú.

Gnó Sibhialta

Sa chás gur lú ná €15,000 an t-éileamh nó an bronnadh atá dlínse shibhialta na Cúirt Dúiche i gconradh agus i mbunús gach gnó eile.

Gnó Coiriúil

Pléann an Chúirt Dúiche le ceithre chineál ar leith cionta agus í ag feidhmiú a dlínse coiriúla. Cionta achoimre - is cionta iad seo nach bhfuil ceart trialach le breitheamh agus giúiré ina leith. Is iad seo formhór obair choiriúil na Cúirte Dúiche, cionta reachtúla amháin iad seo. Cionta indíotáilte a thriailtear go hachomair - le toil an chúisí agus an DPP agus an breitheamh den tuairim gur miochion atá i gceist de réir na bhfíoras.

Cionta indíotáilte  - seachas cionta áirithe lena n-áirítear éigniú, tromionsaí gnéis, dúnmharú, tréas agus píoráideacht nuair a phléadálann an cúisí ciontach agus toilíonn an DPP agus glacann an breitheamh leis an bpléadáil chiontach. Seachas sin, cuirtear an cúisí ar aghaidh chun na Cúirte Cuarda ar shíniú pléadáil chiontach dó i gcomhair pianbhreithe.

Cionta indíotáilte nach dtriailtear go hachomair. Maidir leis na cionta seo, seirbheáiltear Leabhar Fianaise ar an gcúisí. Déanann an breitheamh an Leabhar Fianaise a mheas le cois aon aighneachta ar son na cosanta nó an chúisimh. Má tá an breitheamh den bharúil go bhfuil cás le freagairt, cuirtear an cúisí ar aghaidh chun na Cúirte Cuarda nó chun na Príomh-Chúirte Coiriúla le haghaidh trialach.

Dlí Teaghlaigh

Tá dlínse leathan ag an gCúirt Dúiche i réimse an Dlí Teaghlaigh. Ní éistear imeachtaí i gcúirt oscailte agus bíonn siad chomh neamhfhoirmiúil agus is praiticiúil.

  1. Foréigean Baile.
    Faoin Acht um Fhoréigean Baile, 1996 tá dhá chineál réitigh ann - Orduithe Sábháilteachta agus Orduithe Urchoisc.
     
  2. Caomhnóireacht Leanaí
    Faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 mar a leasaíodh san Acht um Stádas Leanaí, 1987, féadann an Chúirt Dúiche orduithe coinneála agus rochtana a dhéanamh agus caomhnóirí a cheapadh. Tá dlínse aici fosta atharthacht aon linbh a chinneadh, maidir le hiarratas ar choinneáil, rochtain nó cothabháil
     
  3. Cothabháil Faoin Acht um Chothabháil Céilí agus Leanaí, 1976 (arna leasú),
    féadann an Chúirt Dúiche cothabháil a bhronnadh ar chéile agus leanbh/leanaí. €500 sa tseachtain an uas-suim is féidir a bhronnadh ar chéile agus €150 sa tseachtain ar leanbh. Chun an t-ordú a fhorfheidhmiú, féadann an chúirt a threorú go n-íoctar gach íocaíocht trí oifig na Cúirt Dúiche, astú tuillimh a dhéanamh nó barántas a eisiúint chun an féichiúnaí mainneachtana a ghabháil.
     
  4. Cúram Linbh
    Faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, féadann an FSS roinnt iarratas a dhéanamh ar orduithe a chur chuig an gcúirt.

Ceadúnú

Tá cumhachtaí leathana ag an gCúirt Dúiche maidir le ceadúnú deochanna meisciúla agus crannchuir.

Ilchineálach

Pléann an Chúirt Dúiche le gníomhartha ilchineálacha amhail gníomhartha a dhéantar faoi na hAchtanna um Rialú Madraí, iarratais ar shaoránacht, iarratais chun teastais bhreithe agus phósta a leasú agus iarratas faoin Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, 1992 ar orduithe a bhaineann le laghdú torainn.

Comhdhéanamh

Seasca a ceathair de bhreithiúna, Uachtarán san áireamh, atá ag an gCúirt Dúiche. Tá an tír roinnte ina trí dhúiche is fiche agus breitheamh amháin ar a laghad sannta go buan le gach dúiche agus Ceantar Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is iondúil go mbraitheann an t-ionad ina n-éistear cás ar cén áit a ndearnadh an choir, nó ar an áit a gcónaíonn an cosantóir nó a ndéanann sé/sí gnó nó ar gabhadh é/í. Pléann gach oifig Cúirt Dúiche (seachas Cúirt Dúiche Chathrach Áth Cliath) le gach gné d'obair na Cúirte Dúiche. Cúirt na 'dlínse áitiúla achoimre' a thugtar ar an gCúirt Dúiche.

Achomhairc

Tá dlínse theoranta ag an gCúirt Dúiche maidir le cinntí a dhéanann comhlachtaí reachtúla agus sna hachomhairc seo, is é cinneadh na Cúirte Dúiche an cinneadh deiridh ach amháin má tá pointe dlí le socrú. I gcásanna den sórt, is féidir achomharc a thabhairt chun na hArd-Chúirte.

 

Tá tuilleadh eolais ar nósanna imeachta na cúirte agus cás a thionscnamh anseo,  Cliceáil anseo do chásanna sibhialta agus Cliceáil anseo do chásanna coiriúla.