Is sa Chúirt Dúiche a thionscnaítear gach ionchúiseamh coiriúil seachas cionta áirithe a bpléann an Chúirt Choiriúil Speisialta leo (cionta i gcoinne an Stáit, de ghnáth).
Conas a thugtar gnóthaí coiriúla os comhair na Cúirte Dúiche Coiriúla?
Conas a thugtar gnóthaí coiriúla os comhair na Cúirte Dúiche Coiriúla?
Tugtar duine os comhair na cúirte de Thoghairm nó de Bhileog na gCúiseamh.
Cad is banna ann agus conas a oibríonn sé?
Cad is banna ann agus conas a oibríonn sé?
Is ionann banna agus duine banna scríofa a chur isteach, ar a dtugtar fosta cúirtbhanna, ag gealladh go dtiocfar os comhair na cúirte chun cionta ina c(h)oinne a fhreagairt.
Achomhairc chuig an gCúirt Chuarda
Achomhairc chuig an gCúirt Chuarda
Is féidir cinntí de chuid na Cúirte Dúiche a achomharc sa Chúirt Chuarda ach tá roinnt eisceachtaí ann (m.sh. ordú a dhibheann gearán agus lena dtreoraítear don ghearánach costais a íoc; nó diúltú cúnamh dlí a thabhairt).
Fíneálacha a ghearrtar sa Chúirt Dúiche
Fíneálacha a ghearrtar sa Chúirt Dúiche
Is suim airgid í fíneáil a socraíonn an breitheamh go gcaithfear í a íoc mar phionós as an gcion.
Ceadúnas tiomána a thabhairt ar ais
Ceadúnas tiomána a thabhairt ar ais
Conas a fhéadaim cur isteach ar mo cheadúnas tiomána a fháil ar ais i ndiaidh dícháiliú cúirte?