Is minic a thugtar baile garastúin ar Luimneach de gheall ar a stair mar dhaingean cosanta le breis agus míle bliain.

D'oscail an tUas. Charlie Flanagan, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil i Mí an Mhárta 2018.
D'oscail an tUas. Charlie Flanagan, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil i Mí an Mhárta 2018.

I lár an 19ú haois bhí ceithre bheairic i gcathair Luimnigh óir ba é Luimneach ceanncheathrú dhúiche an iardheiscirt.

Tá teach cúirte Shráid Mulgrave suite ar shuíomh iar-bheairic airtléire, a raibh ceithre cinn díobh i Luimneach sa 19ú haois. Cuireadh an bheairic i gcrích in 1807 agus í ag feidhmiú léi i rith an 19ú haois. Le linn an ama seo, bhí Sráid Mulgrave ag forbairt ina ceantar institiúideach agus cuimsíodh inti an bheairic, an príosún contae, teach na ngealt, otharlann an chontae agus reilig na cathrach.

Tá 6 sheomra cúirte san iomlán ann agus solas nádúrtha agus radharc ar an spéir iontu uile. Tá seomraí comhairliúcháin san fhoirgneamh chomh maith le limistéar tionól giúiré, seomraí do chleachtóirí dlí, oifigí cúirte agus seirbhís tacaíochta d'íospartaigh.

Tacaíonn Oifig Chúirte Luimnigh - Dlí Sibhialta agus Teaghlaigh  le Teach Cúirte Shráid Mulgrave, Luimneach.