Tá Teach Cúirte Leitir Ceanainn suite ar shuíomh ard tuairim ar 200 méadar ón bPriomh-Shráid i Leitir Ceanainn. Is dearadh sainchomhartha i suíomh tírdhreacha atá ag an bhfoirgneamh.

Tógadh an seanteach cúirte bunaidh thart ar 1830 agus athchóiríodh é agus cuireadh síneadh leis in 1992. Rinneadh cáineadh go leor ar an teach cúirte agus, dá thoradh, ceapadh tionscadal nua i gcomhair teach cúirte nua ar fad.

Foirgneamh ceithre stór atá ann ina bhfuil ceithre sheomra cúirte agus cóiríocht do bhaill foirne bhreithiúnais, giúiré, gairmithe dlí, coinneála, don phobal le cois cóiríocht thánaisteach. Riartar fosta ar sciathán oifige solúbtha. Tá spásanna páirceála carranna foirne, limistéar seirbhíse agus clós veain suite ar urlár na talún íochtair. Ó réamhchúirt thírdhreachaithe is féidir dul isteach ar an bpríomhspás poiblí atá suite ar urlár na talún uachtair. Is í an aitriam phoiblí a léiríonn an príomhbhealach isteach agus a cheanglaíonn sciathán na hoifige leis na seirbhísí tacaíochta agus leis na seomraí cúirte ar a gcúl. Ta fuinneoga móra pictiúrtha sna spásanna oifige agus radharc uathu ar an tírdhreach uirbeach agus trasna Ghleann Súilí.

Tá gnéithe feiceálacha cloiche agus gloiniú cuasach in úsáid san fhorhalla isteach agus sna spásanna poiblí a chaitheann scáileanna agus a chuireann le suntas amhairc na haghaidhe ach a imeascann leis an dearadh tírdhreacha. Cuireann an nasc idir an teach cúirte agus an limistéar tírdhreachaithe amuigh go mór le baile Leitir Ceanainn agus is foirgneamh sainchomhartha é an teach cúirte do gach úsáideoir cúirte.

Tacaíonn Oifig Chúirte Leitir Ceanainn le Teach Cúirte Leitir Ceanainn.