Faoi Airteagal 34.3.1 de Bhunreacht na hÉireann, táthar i dteideal imeachtaí a eisiúint san Ard-Chúirt chun dul chun dlí faoi aon cheist dlí nó fíorais, bídís coiriúil nó sibhialta.

Ós rud é, áfach, gur dlínse áitiúil, theoranta atá ag Cúirteanna Cuarda agus Cúirteanna Dúiche, má thionscnaíonn tú imeachtaí san Ard-Chúirt agus más lú an méid a bhronnann an breitheamh ort ná teorainn na Cúirte Cuarda, is é sin €75,000 (€60,000 ar chásanna díobháil phearsanta) nó teorainn na Cúirte Dúiche, is é sin €15,000, d'fhéadfadh an Ard-Chúirt pionós a ghearradh ort toisc nár thug tú do chás sa chúirt íochtair.

Ba chóir fios a bheith agat fosta gur iondúil go mbronntar costais imeachtaí costais imeachtaí ar an bpáirtí a n-éiríonn leis sa chás i gcoinne an/na pháirtí/bpáirtithe eile.

Trí Rialacha na nUaschúirteanna agus Treoracha Cleachtais a eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte go príomha a rialáiltear cleachtas agus nós imeachta na hArd-Chúirte

Leagtar amach sna Rialacha mar a chuirtear tús le himeachtaí agus sainítear na doiciméid nach mór a chomhdú, ábhar na ndoiciméad seo agus mar a sheirbheálfar iad. Tá treoir mhionsonraithe sna Rialacha fosta ar ábhar réamhthrialach amhail faoiseamh eatramhach, follasú agus cigireachtaí. Is é aidhm na nósanna imeachta seo a chinntiú go bpróiseáiltear cásanna tríd an gcóras go héifeachtach.

Suíonn an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath chun gníomhartha tionscnaimh a éisteacht. Éisteann sí fosta gníomhartha díobháil phearsanta agus díobháil mharfach san iomad suíomh lasmuigh den phríomhchathair (Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge, Sligeach, Dún Dealgan, Cill Chainnigh agus Inis), ag amanna sainithe den bhliain (Féilire Cúirte). Lena chois sin, suíonn an Ard-Chúirt in ionaid eile seachas Baile Átha Cliath chun achomhairc a éisteacht ón gCúirt Chuarda ar ábhair dlí sibhialta agus teaghlaigh.

An Phríomh-Oifig

Eisítear (tionscnaítear) imeachtaí na hArd-Chúirte i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte atá lonnaithe sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath. Is féidir doiciméid a chomhdú go pearsanta, de phost, trí sheirbhís malartaithe doiciméad (DX) nó iad a chur i mbosca atá ar fáil ag an oifig.

Ní sa Phríomh-Oifig a eisítear imeachtaí sna cineálacha cásanna seo a leanas, ach sna hoifigí cuí Ard-Chúirte mar atá liostaithe thíos:-

An Oifig Phrobháide a phléann le tairiscintí probháide.

Oifig na gCoimircí Cúirte a phléann le tairiscintí coimircíochta.

Oifig Scrúdaitheoir na hArd-Chúirte a phléann le toghairmeacha agus tairiscintí féimheachta.

Is féidir cineálacha éagsúla imeachtaí a eisiúint sa Phríomh-Oifig, trí úsáid doiciméad foriarratais díobh seo atá liostaithe thíos:-

Braitheann an cineál doiciméad a úsáideann tú le tús a chur le do chás Ard-Chúirte ar an gcineál gnímh atá á thabhairt agat.

Gheobhaidh tú uimhir thaifid cáis nuair a eisíonn tú d'imeachtaí. Ní mór an uimhir seo a bheith ar gach doiciméad a chuireann tú isteach sa chás ina dhiaidh sin (mar shampla, pléadálacha, tairiscintí, mionnscríbhinní).