Rialacha na nUaschúirteanna (Ordú 2)  (Order 2)

Cineál cáis / gnímh

1. gníomhartha nuair nach n-iarrann an gearánaí ach fiachas nó éileamh leachtaithe a ghnóthú in airgead iníoctha ag an gcosantóir, le hús nó gan é, ag éirí as -

(a) conradh, curtha in iúl nó maíte (amhail, mar shampla ar bhille malairte, nóta gealltanais, nó seic nó fiachas simplí conartha eile); nó
(b) banna nó conradh faoi shéala i gcomhair íoc as suim airgid leachtaithe; nó
(c) ar reacht nuair is suim sheasta airgid í an tsuim atáthar ag iarraidh a aisghabháil nó de nádúr fiachais seachas pionós; nó
(d) ar ráthaíocht, bíodh sé faoi shéala nó ná bíodh, nuair a bhaineann an t-éileamh i gcoinne na príomhshuime le fiachas nó le héileamh leachtaithe agus leis sin amháin; nó
(e) ar iontaobhas.

2. gníomhartha nuair a fhéachann tiarna talún le seilbh talún a aisghabháil, le héileamh ar chíos nó ar fhoghail bhrabús -

(a) i gcoinne tionónta a bhfuil a t(h)éarma imithe in éag nó dár tugadh fógra fágála; nó
(b) as gan cíos a íoc.

3. Éilimh inar mian leis an ngearánaí den chéad uair go dtógfaí cuntas.