Rialacha na nUaschúirteanna (Ordú 3) (Order 3)

Cineál cáis / gnímh

  1. Riar eastát réadach nó pearsanta duine a bhásaigh, nó riar iontaobhas aon ghníomhais nó ionstraime ach amháin nuair a bhíonn cúiseamh loiceadh toiliúil nó sárú iontaoibhe ann.
  2. Cinneadh aon cheiste a théann i bhfeidhm ar chearta nó leas aon duine a éilíonn gur creidiúnaí, réadtiomnaí, leagáidí, neasghaol nó oidhre ginearálta é/í duine a bhásaigh nó cestui que iontaobhais faoi iontaobhas aon ghníomhais nó ionstraime nó atá ag éileamh de shannadh nó eile faoi aon duine den sórt.
  3. Íoc aon airgid sa chúirt atá i seilbh seiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe.
  4. Treoir d'aon seiceadóir, nó riarthóir nó iontaobhaí chun gníomh a dhéanamh nó gan a dhéanamh ina ról mar sheiceadóirí, riarthóirí nó iontaobhaithe (lena n-áirítear cuntais a sholáthar agus a dhearbhú).
  5. Faomhadh aon díol, ceannach, comhréiteach nó idibheartaíocht eile a bhaineann le riar aon eastáit nó iontaobhais.
  6. Cinneadh aon cheiste ag éirí as riar aon eastáit nó iontaobhais nó cinneadh aon aicme creidiúnaithe, leagáidithe, réadtiomnaithe, neasghaolta nó eile.
  7. Cinneadh aon cheist chonstruála ag éirí as aon ghnóthas, uacht nó ionstraim scríofa eile agus dearbhú chearta an duine lena mbaineann.
  8. Cinneadh, faoin Acht Airgeadais 1894, alt 14 (2) ar dhíospóid i leith an sciar den dleacht eastáit atá dlite d'aon mhaoin nó duine.
  9. Aon fhaoiseamh faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe, 1882 go 1890, nó na hAchtanna um Thíolacadh, 1881 go 1911.
  10. Nuair nach mbíonn aon imeacht ar feitheamh faoi cé acu atá nó nach bhfuil an naíonán ina c(h)oimircí cúirte, iarratas ar aon cheann de na gnóthaí seo a leanas:-
    (a) ailt 12, 16 agus 17 den Acht um Mhaoin Naíonán, 1830, mar a síneadh go hÉirinn tríd an Acht um Mhaoin Naíonán (Éire) 1935 é; alt 4 den Acht um Chumhachtaí Léasaithe i gcomhair Adhradh Reiligiúin in Éirinn, 1855, mar a síneadh san Acht um Thailte Gléibe (Éire), 1875, agus an tAcht um Léasanna do Scoileanna (Éire), 1881
    (b) socrú aon mhaoine naíonáin ar phósadh faoin Acht Socruithe, 1855 mar a síneadh go hÉirinn san Acht um Shocruithe Naíonán (Éire), 1860;
    (c) caomhnóireacht, cúram agus cothabháil nó tabhairt chun cinn aon naíonáin.
  11. Ceapadh iontaobhaí nó iontaobhaí nua le hordú dílseacháin nó gan é nó le hordú iarmhartach; nó ordú dílseacháin nó ordú iarmhartach eile ar cheapachán iontaobhaí nua, bíodh an ceapachán le déanamh ag an gcúirt nó lasmuigh di; nó ordú dílseacháin nó ordú iarmhartach eile in aon chás ina dtugtar breith nó ordú i leith díol, tíolacas nó aistriú aon talún nó stoic; nó ordú dílseacháin faoi Acht na nIontaobhaithe, 1893, alt 39; nó ordú a threoraíonn do dhuine tíolacadh.
  12. Cinneadh ar aon cheist faoin Acht Díoltóra agus Ceannaitheora, 1874, alt 9.
  13. Aon fhaoiseamh faoin Acht um Stádas Ban Pósta, 1957 alt 12.
  14. Aon fhaoiseamh faoi Acht na nIontaobhaithe, 1893, ailt 42 nó 44.
  15. Díol, seachadadh seilbhe ag morgáisteoir, nó fuascailt; atíolacadh, nó seachadadh seilbhe ag morgáistí.
  16. Aon fhaoiseamh maidir le ciste a thaisctear i gcúirt de bhun an Achta um Dhaingniú Clásail Talún 1845, alt 69.
  17. Ordú Idirphléadála.
  18. Iarratais a bhaineann le taisceadh aon chiste sa chúirt, infheistiú aon chiste a thaisctear sa chúirt, bídís de bhun forálacha aon reachta nó ná bíodh; nuair nach bhfuil aon imeachtaí ar feitheamh ina leith agus níl aon nós imeachta eile forordaithe nó de dhíth de réir na rialacha seo.
  19. Iarratais ar chánachas agus ar sheachadadh billí costais agus ar sheachadadh gnóthas, doiciméad agus páipéar ag aon aturnae nuair nach bhfuil aon imeacht ar feitheamh inar féidir ag t-iarratas a dhéanamh.
  20. Aon imeacht eile inar gá nó ina n-údaraítear de réir Rialacha na nUaschúirteanna imeacht de thoghairm speisialta.
  21. Aon imeacht eile inar gá nó ina n-údaraítear de réir reachta atá le tabhairt go hachomair agus nach bhforordaítear aon nós imeachta eile ina leith de réir Rialacha na nUaschúirteanna - imeacht díobh siúd is ea imeacht maidir le héilimh faoi ailt áirithe den Acht Comharbais, 1965.
  22. Gnóthaí eile atá oiriúnach, dar leis an gcúirt a dhiúscairt de thoghairm speisialta.