Tugtar “an chéad eachtra sa dlí coiteann” ar scaipeadh dhlí coiteann Shasana in Éirinn.  Is turas iontach stairiúil é an cuntas ar conas a ghlac sé áit sheantraidisiún Ceilteach an Bhreithimh.

Ré an Fhéineachais

Ré an Fhéineachais

Roimh rialú Shasana, bhí córas dúchasach dlí i bhfeidhm in Éirinn a chuaigh siar go dtí ré na gCeilteach. Mhair an córas áirithe seo go dtí an 17ú haois nuair a tháinig dlí coiteann Shasana ina áit. Forbraíodh an córas dúchasach dlí seo, ar a dtugtar an Féineachas, ó nósanna a cuireadh ar aghaidh ó bhéal ó ghlúin amháin go glúin eile.  Scríobhadh na dlíthe síos den chéad uair sa 7ú haois AD.

Riaradh Breithiúna (nó brithem) an Féineachas. Comharbaí na ndraoithe Ceilteacha a bhí iontu agus cé go raibh siad cosúil le breithiúna ar bhealaí; bhí an ról a bhí acu ní ba chosúla le headránaí. Bhí orthu an dlí a chaomhnú agus ciall a bhaint as, seachas é a fhorbairt.

Ar go leor bealaí, bhí an Féineachas sách forásach. Aithníodh colscaradh agus comhchearta idir na hinscní agus léiríodh imní faoin gcomhshaol. Sa dlí coiriúil, rinneadh mionchur síos ar chionta agus ar phionóis. Bhí aiseag i gceist do dhaoine a rinne éagóir, seachas pionós. Gearradh fíneáil eric ar dhaoine a bhí ciontach i ndúnbhású nó i ngortú colainne, agus socraíodh méid na fíneála ar scála. Ní raibh pionós an bháis i measc na bpionós a bhí ar fáil do na Breithiúna. Tugann an chaoi nach raibh córas cúirte nó fórsa póilíneachta ann le fios go raibh an-mheas ag daoine ar an dlí.

12ú hAois

12ú hAois

Tharla an chéad chúngach ar an bhFéineachas sa bhliain 1155, nuair a d’eisigh an Pápa Adrian IV Bulla Laudabiliter inar tacaíodh le plean Rí Anraí II chun Éire a chur faoi smacht. Tharla ionradh na nAngla-Normannach faoi stiúir Iarla Pembroke, Richard de Clare (Strongbow) sa bhliain 1169.

Sa bhliain 1171, reáchtáil Rí Henry II Comhairle (ar ar tugadh Curia Regis nó Comhairle an Rí) i bPort Láirge.  Fógraíodh ag an gComhairle gur ghlac gach duine le dlíthe Shasana agus gur dearbhaíodh iad. Bhí an dearbhú seo uaillmhianach seachas réalaíoch. Cuireadh dlí Shasana i bhfeidhm ar fud Chúige Laighean den chuid is mó, áit ar bhronn Anraí II cearta ar thalamh feodach ar Strongbow. Sa bhliain 1172, cheap Anraí Hugh de Lacy ar an gcéad Ghiúisteoir in Éirinn (ionadaí an rí).

13ú hAois

13ú hAois

Sa bhliain 1204, cheadaigh Seon Rí eascairí a scríobh, rud a d’ordaigh do chúirteanna na hÉireann an dlí coiteann a chur i bhfeidhm go bunúsach.  Sa bhliain 1226, d’ordaigh Rí Anraí III don Ghiúisteoir cloí le dlíthe agus le nósanna Shasana. Bliain ina dhiaidh sin, cuireadh Clár Eascairí, ina raibh cóipeanna de na heascairí ar fad a d’eisigh cúirteanna Shasana, chuig Baile Átha Cliath. Ceapadh an chéad bhreitheamh Angla-Normannach sa bhliain 1221.

Bhí cead ag lonnaitheoirí Angla-Normannacha achomharc a dhéanamh chun Cairt na mBreithiúna chun a gcearta agus a dtailte a fháil.

Ina theannta sin, ordaítear agus bunaítear nach ndéanfar comhpháirtíocht trí phósadh, goisteacht, altramú leanaí, leannántacht nó cumann, nó ar bhealach ar bith eile, idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh de chuid amháin, nó den chuid eile; agus nach dtabharfaidh aon Sasanach, nó aon duine eile, agus iad faoi shíocháin, capaill nó cathéide, nó aon lón d’aon Éireannach in aimsir shíochána nó in aimsir chogaidh, nó nach ndíolfaidh sé le haon Éireannach iad; agus má dhéanann aon duine a mhalairt, agus má eisreachtaítear an duine sin, déanfar breithiúnas air mar fhealltóir don Rí.
Reachtanna Chill Chainnigh
Ina theannta sin, ordaítear agus bunaítear nach ndéanfar comhpháirtíocht trí phósadh, goisteacht, altramú leanaí, leannántacht nó cumann, nó ar bhealach ar bith eile, idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh de chuid amháin, nó den chuid eile; agus nach dtabharfaidh aon Sasanach, nó aon duine eile, agus iad faoi shíocháin, capaill nó cathéide, nó aon lón d’aon Éireannach in aimsir shíochána nó in aimsir chogaidh, nó nach ndíolfaidh sé le haon Éireannach iad; agus má dhéanann aon duine a mhalairt, agus má eisreachtaítear an duine sin, déanfar breithiúnas air mar fhealltóir don Rí.
Reachtanna Chill Chainnigh

Tháinig laghdú ar thionchar dhlí Shasana le linn an 14ú agus an 15ú haois. Le linn an ama sin, dúradh gur éirigh na Normannaigh, trí idirphósadh leis na Gaeil 'níos Éireannaí ná na hÉireannaigh iad féin.’ 

Theastaigh ó Shasana forlámhas na Parlaiminte agus dhlí Shasana a ghlacadh ar aon Pharlaimint de chuid na hÉireann nó ar reachtaíocht na hÉireann arís ach Reachtanna Chill Chainnigh a achtú sa bhliain 1366. Ina dhiaidh sin, achtaíodh dhá reacht sa Pharlaimint a reáchtáladh i nDroichead Átha sa bhliain 1494, agus tugadh Dlí Poynings ar na reachtanna seo le chéile. Foráladh ann go gcaithfeadh Comhairle an Rí aontú a thabhairt roimh ré do thionól agus do reachtaíocht Pharlaimint na hÉireann agus go gcuirfí gach dlí a rithfeadh i Sasana i bhfeidhm in Éirinn.

Ina ainneoin sin, níor cuireadh dlí Shasana i bhfeidhm ach i gceantar ar ar tugadh an Pháil faoin mbliain 1500. Bhí Baile Átha Cliath agus an cósta thoir sa Pháil. Cuireadh an Féineachas i bhfeidhm lasmuigh den Pháil.

Níor leathnaíodh dlí Shasana ní b’fhaide i gcéin go dtí réimeas Rí Anraí VIII i lár an 16ú haois.  Chuir sé scéim ar ar tugadh 'géilleadh agus athbhronnadh’ i bhfeidhm ar thalamh na dteaghlach uasal dúchasach, agus thug sé seo laistigh de chóras feodach na tionachta talún iad. Ina theannta sin, briseadh an Rí leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach ba chúis le díscaoileadh na mainistreacha agus le hathdháileadh thalamh na hEaglaise.

17ú hAois

17ú hAois

Fuair dlí Shasana greim eile ar an tír tar éis 'Imeacht na nIarlaí' ó Chúige Uladh sa bhliain 1607 agus tar éis na Plandála ina dhiaidh sin inar tugadh talamh do lonnaitheoirí de chuid na hAlban agus de chuid Shasana.  Bhí tábhacht bhreise le hImeacht na nIarlaí mar gur baineadh foinse phátrúnachta na mBreithiúna mar gheall air.

Léirigh Forógra Rí Séamas 1 sa bhliain 1603 an deireadh le húdarás an Fhéineachais, agus chiallaigh sé seo go raibh muintir na hÉireann faoi chosaint an Rí. Roinneadh an tír ina gcontaetha agus cuireadh dlí Shasana i bhfeidhm ar fud na tíre.

Scriosadh an Féineachas tuilleadh mar gheall ar dhá chinneadh a rinneadh sna cúirteanna le linn réimeas Séamas I. I gcásanna Gavelkind (1605) Dav. 49 agus Tanistry (1607) Dav. 28, dhiúltaigh na cúirteanna in Éirinn do rialacha comharbais an Fhéineachais. Sa dara cás, dhearbhaigh an chúirt gur mhair dlíthe dúchasacha de chuid tíre nuair a bhí siad réasúnta agus cinnte, nuair a baineadh úsáid ón tseanaimsir astu agus nuair a bhí siad oiriúnach do cheannas na corónach ach theip ar an dlí dúchasach na riachtanais seo a chomhlíonadh.

Is minic a thugtar ‘an chéad eachtra sa dlí coiteann’ ar Éirinn.  Dhaingnigh feachtas míleata Chromail (1649-1652) smacht dhlí Shasana. Faoin bhfeachtas seo, cuireadh iallach ar go leor úinéirí talún in Éirinn athlonnú i gCúige Chonnacht.

Nuair a bhuaigh an Protastúnach Liam Oráiste ar an gCaitliceach Rí Séamas II i gCath na Bóinne sa bhliain 1691, cuireadh Caitlicigh faoi chois go brúidiúil faoi na Péindlíthe. Bhí sé mar aidhm ag na hachtacháin seo Caitlicigh a fhágáil amach as cumhacht pholaitiúil agus eacnamaíoch.  Cuireadh bac ar Chaitlicigh oideachas a fháil agus cuireadh srian mór lena gcearta maoine.

18ú hAois

18ú hAois

D’aisghair Parlaimint Shasana Dlí Poynings faoin Acht um Achomhairc na hÉireann, 1783. Ón am sin go dtí an bhliain 1800, theastaigh ó Pharlaimint na hÉireann (ar ar tugadh Parlaimint Grattan) cás na gCaitliceach a fheabhsú ach an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh Rómhánacha, 1793 a achtú, faoinar bronnadh ceart teoranta vótála agus cead chun cleachtadh ag an mBarra orthu. I bhfianaise réabhlóidí na Fraince agus Mheiriceá agus i bhfianaise na réabhlóide ar theip uirthi in 1798, ritheadh Acht an Aontais, 1800 .

Faoin Acht, lánscoireadh Parlaimint na hÉireann agus bunaíodh Parlaimint Westminster i Londain agus bá í an t-aon chomhlacht reachtach i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann í. Faoin Acht seo, rinneadh cumhacht an rialtais a lárú i Londain go dtí bunú Saorstát Éireann sa bhliain 1922. Ba é Príomh-Rúnaí na hÉireann ionadaí na Corónach in Éirinn agus ba bhall den chomh-aireacht é. Bhí ceanncheathrú Rialtas na Breataine lonnaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, faoi cheannas an Fho-Rúnaí agus ionadaí oifigiúil na Corónach i mBaile Átha Cliath, Fear Ionaid an Rí.

19ú hAois

19ú hAois

I ndiaidh na réabhlóide tionsclaíche agus scríbhinní Bentham agus Mill, d’éirigh an phráinn a bhí le hinstitiúidí dlí a leasú ní ba shoiléire ná riamh. Tugadh leasuithe isteach faoi Acht Chúirt Uachtarach an Údaráis, 1873 agus faoina mhacasamhail in Éirinn sa bhliain 1877.  Tugadh riarachán an dlí choitinn agus cothromas le chéile chun córas cúirte comhaontaithe a chruthú.

Bunaíodh Cúirt Uachtarach an Údaráis, ina raibh an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, a raibh dlínse bhunaigh agus dlínse achomhairc ó chúirteanna dlínse áitiúil aici, agus an Chúirt Achomhairc, a raibh dlínse achomhairc aici.  Bhí an Coiste Breithiúnach de chuid Theach na dTiarnaí ar an gcúirt deiridh achomhairc in Éirinn.  Comhchuimsíodh na cúirteanna éagsúla a forbraíodh leis na céadta bliain (amhail Cúirt an Státchiste agus an Chúirt Phrobháide) i rannóga ar leith den Ard-Chúirt. Shuigh Ard-Chúirt Bhreithiúnais na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

I dteannta na n-uaschúirteanna, bhí roinnt cúirteanna íochtaracha ann freisin. Bhí an Chúirt Seisiúin ina réamhtheachtaí don Ard-Chúirt. Pléadh sa chúirt seo leis na cúrsaí sibhialta agus coiriúla ba thábhachtaí. Coinníodh na cionta coiriúla ba thromchúisí, amhail dúnmharú agus tréas, don chúirt seisiúin.  Shuigh an chúirt seo ar chuaird dhá uair sa bhliain. Phléigh Giúistísí Síochána le ceisteanna coiriúla nach raibh chomh tromchúiseach sin. Bhí siad in ann an phríomhdhlínse choiriúil a bhí acu a chur i bhfeidhm, go hachomair ag seisiúin na cúirte giorra, nó ar dhíotáil, nuair a bhí na giúistísí i gceannas le giúiré ag ceathrúsheisiúin (reáchtáladh ceithre huaire sa bhliain iad). Reáchtáil siad réamhéisteachtaí don chúirt seisiúin ag an gcúirt ghearr.

Má fuair an Giúistís Síochána amach go raibh dóthain fianaise ann an cúisí a chur chun trialach, cuireadh ‘bille díotála’ chun Ard-Ghiúiré le go bhféadfaí a chinneadh an raibh an bille ceart agus ar thacaigh an fhianaise leis. Má fuair an Ard-Ghiúiré amach gurbh amhlaidh a bhí, rinneadh díotáil den bhille díotála agus chuir an Giúiré Gearr an cúisí faoi thriail ag an gcúirt seisiúin.

Ar an taobh sibhialta, phléigh an chúirt dúiche le cúrsaí nach raibh chomh tromchúiseach sin don chúirt seisiúin.  Cuireadh tús le héilimh le bille sibhialta, i gcontrárthacht leis an nós imeachta a bhí ag na Sasanaigh. Tá sé seo fós ina bhunús le go leor éileamh i gcomharba na cúirte dúiche, an Chúirt Chuarda.

Tar éis an Ghorta Mhóir (1845-1850), bhí an feachtas ar son athchóiriú an dlí talún i gcroílár pholaitíocht na hÉireann.  Ritheadh  Acht an Dlí Talún (Éire), 1881 mar gheall ar stocaireacht dhian Chonradh na Talún. Faoin Acht seo, bunaíodh Coimisiún na Talún agus tugadh cíos cothrom, ceart díola agus cinnteacht seilbhe d’fheirmeoirí tionóntacha na hÉireann.

Bunaíodh scéimeanna um cheannach talún faoi Achtanna ina dhiaidh sin. Sna scéimeanna seo, bhí tionóntaí in ann iasachtaí fadtéarmacha a fháil ar ráta úis laghdaithe chun an teideal ruílse ar gcuid talún a cheannach.

In ainneoin na n-athchóirithe tábhachtacha seo, cuireadh leis an éileamh ar Acht an Aontais a aisghairm. Ba é Rialtas Dúchais an chéad chuspóir a bhí ag náisiúnaithe na hÉireann. Fuair Páirtí Parlaiminteach na hÉireann, faoi stiúir Charles Stewart Parnell, tacaíocht ón rialtas Liobrálach maidir leis an gceist.

20ú hAois

20ú hAois

In ainneoin thionchar Parnell, ní raibh rialtas dúchais indéanta mar gheall ar Aontachtaithe agus Coimeádaigh Uladh a chuir ina choinne go mór go dtí gur ritheadh  an tAcht um Rialú na hÉireann, 1914. Cuireadh an tAcht siar le linn an Chéad Chogadh Domhanda ach chuaigh imeachtaí eile ina dhiaidh sin chun cinn air pé scéal é. D’éirigh dearcthaí an phobail daingean tar éis Éirí Amach 1916, nár éirigh leis, agus tar éis fhreagra dian na Breataine air. Mar gheall air sin, bhí ollbhua ag Sinn Féin i dtoghchán 1918 agus léirigh sé seo cailleadh polaitiúil an Rialtais Dúchais agus Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann.

Níor ghlac teachtaí Shinn Féin lena suíocháin in Westminster agus reáchtáil siad an chéad chruinniú de chuid Dháil Éireann i mí Eanáir 1919. Ag an gcruinniú seo, d’fhaomh siad Forógra na Saoirse, ghlac siad le Bunreacht Shealadach agus bhunaigh siad córas cúirte. Cheap an Bhreatain gur cumann ceannairceach a bhí ann agus rinneadh iarracht é a chur faoi chois. Chuir náisiúnaithe armáilte go mór i gcoinne na n-iarrachtaí seo le linn Chogadh na Saoirse, áfach. Mar iarracht chun ceist na hÉireann a réiteach, ritheadh an tAcht um Rialú na hÉireann, 1920, in Westminster agus faoin Acht seo, críochdheighleadh Éire i dTuaisceart Éireann agus i nDeisceart Éireann, agus bhí parlaimint ag an dá cheann acu. Bheadh an dá pharlaimint faoi réir Pharlaimint Shasana agus bheadh orthu roinnt ball a chur chun suí in Westmister. Atheagraíodh an córas cúirte i ngach dlínse, ina raibh Ard-Chúirt agus Cúirt Achomhairc, chomh maith le hArd-Chúirt Achomhairc in Éirinn ina bhféadfaí éisteacht le hachomhairc ó na Cúirteanna Achomhairc faoi seach.

Reáchtáladh toghcháin do na parlaimintí nua i mí Bealtaine 1921. Cé gur dhiúltaigh Sinn Féin don Acht, d’fhógair an páirtí gur toghcháin chun Dáil Éireann a bhí sna toghcháin. Bhuaigh sé 124 as 128 suíochán i dTeach na dTeachtaí i nDeisceart Éireann, de réir théarmaí Acht 1920. Glacadh leis an Acht i dTuaisceart Éireann agus osclaíodh an pharlaimint i mí an Mheithimh 1921.

Comhaontaíodh sos cogaidh leis an mBreatain i mí Iúil 1921. Bhí idirbheartaíocht síochána ar siúl ina dhiaidh sin agus síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921.  Bhí foráil ann do bhunú Shaorstát Éireann, an fhéidearthacht go gcruthófaí Éire aontaithe, bíodh is go raibh clásal rogha an diúltaithe do Thuaisceart Éireann ann.

 Bheadh stádas tiarnais laistigh den Chomhlathas Briotanach ag an tír, bheadh an Choróin fós ina ceann stáit agus dhéanfadh Seanascal Shaorstát Éireann di, agus bheadh ar bhaill den Oireachtas mionn dílseachta a thabhairt don Choróin.  Roghnaigh Tuaisceart Éireann gan a bheith páirteach in Éire aontaithe. Faomhadh an Conradh sa Dáil i mí Eanáir 1922.

Seirbhís Chúirteanna Nua

Ritheadh Acht Shaorstát Éireann (Bunreacht), 1922 in Westminster. Faoin Acht seo, aisghaireadh an tAcht um Rialú na hÉireann, 1920 sa mhéid gur bhain sé le Deisceart Éireann.  D’achtaigh an Dáil an tAcht um Bunreacht Shaorstát Éireann, 1922, faoinar cuireadh Bunreacht Shaorstát Éireann, a bhí bunaithe ar théarmaí an Chonartha, i bhfeidhm.  Cumhdaíodh sa Bhunreacht scaradh cumhachtaí idir eití feidhmeannacha, reachtacha agus breithiúnacha an rialtais.  Ar an taobh breithiúnach, bunaíodh Cúirt Uachtarach, Ard-Chúirt agus cúirteanna a raibh dlínse áitiúil agus theoranta acu. Cuireadh cead achomhairc ó chúirteanna na hÉireann chuig Coiste Breithiúnach na Ríchomhairle ar fáil sa Bhunreacht.

Rinneadh an t-aistriú i dtreo an chórais chúirte nua ní ba chasta toisc go raibh dhá chóras cúirte i bhfeidhm ó 1920: an gnáthchóras cúirte agus ‘cúirteanna na Dála’. I gcúirteanna na Dála, bhí an Chúirt Pharóiste, inar déileáladh leis na ceisteanna sibhialta agus coiriúla ba lú, an Chúirt Dúiche, inar déileáladh le ceisteanna sibhialta agus coiriúla ní ba thromchúisí agus inar éisteadh le hachomhairc ón gCúirt Pharóiste, Cúirt Chuarda ina raibh ceithre chuaird, ag a raibh dlínse shibhialta agus choiriúil gan teorainn, agus Cúirt Uachtarach, a d’fheidhmigh mar chúirt chéadchéime agus mar chúirt achomhairc. Chuir na Briotanaigh na cúirteanna seo faoi chois i mBaile Átha Cliath, ach bhí rath éigin orthu in áiteanna eile. Tar éis shíniú an Chonartha, chuir an Dáil deireadh leis na cúirteanna seo agus glacadh leis an gcóras cúirte a cruthaíodh faoi Acht 1920.  Dhearbhaigh na cúirteanna a bunaíodh de bhun Bhunreacht an tSaorstáit ina dhiaidh sin go raibh cinntí chúirteanna na Dála ar neamhní de réir an dlí (féach R (Kelly) v Maguire [1923] 2 I.R 58).

I mí Eanáir 1923, ceapadh Coiste na Breithiúna, a raibh an t-iar-Ard-Seansailéir an Tiarna Glenavy ina chathaoirleach uirthi, chun comhairle a chur ar an Ard-Chomhairle (an Chomh-Aireacht) faoi chóras cúirte nua a bhunú.  Glacadh le moltaí an Choiste den chuid is mó san Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Faoin acht, cruthaíodh Cúirt Dúiche chun teacht in áit na cúirte giorra agus an Ghiúistís Síochána. Breithimh ghairmiúla a bhí i mBreithimh na Cúirte Dúiche agus bhí dlínse acu ar mhionchúrsaí sibhialta agus coiriúla. Bhí dlínse ag an gCúirt Chuarda ar chúrsaí tromchúiseacha sibhialta agus coiriúla. Ar an taobh sibhialta, ghlac sí áit na cúirte dúiche, agus ar an taobh coiriúil, ghlac sí leis an dlínse a bhí ag an gcúirt seisiúin.  Bhí dlínse achomhairc (an chumhacht a bhí ag cúirt ní b’airde chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a rinne cúirteanna ní b’ísle) aici ar chásanna de chuid na Cúirte Dúiche. Cruthaíodh Ard-Chúirt a raibh an dlínse chéanna a moladh faoi Acht 1920 aici. Ó thaobh na coiriúlachta de, déileáladh san Ard-Chúirt amháin leis na cionta ba thromchúisí, amhail dúnmharú.  Bhí Uachtarán na hArd-Chúirte le bheith i gceannas ar an gcúirt.  Bunaíodh Cúirt Achomhairc Choiriúil freisin chun achomhairc ón gCúirt Chuarda agus ón Ard-Chúirt a éisteacht. Bhí foráil ann maidir le cead achomhairc eile don Chúirt Uachtarach ar phointe dlí a raibh tábhacht eisceachtúil phoiblí leis.  Cruthaíodh an Chúirt Uachtarach le go mbeadh sí ar an gcúirt achomhairc deiridh agus bhí an Príomh-Bhreitheamh le bheith i gceannas uirthi.

Bunreacht Nua

Leasaíodh Bunreacht 1922 go minic sa tréimhse idir 1922 agus 1936, agus ba bheag gur scriosadh gach iarsma den Chonradh inti. Áiríodh leis na leasuithe seo an mionn dílseachta a bhaint, deireadh a chur leis an gcead achomhairc chuig an Ríchomhairle, gach tagairt don Choróin a bhaint, an Seanad agus oifig Sheanascal Shaorstát Éireann a bhaint agus an chumhacht a bhronnadh ar an Ard-Chomhairle dul i mbun conarthaí idirnáisiúnta agus ionadaithe taidhleoireachta a cheapadh.

Sa bhliain 1937, faoi rialtas Fhianna Fáil, dréachtaíodh Bunreacht nua, reáchtáladh pobalbhreith (reifreann) ina leith agus ghlac na toghthóirí léi. Bhí an Bhunreacht an-chosúil leis an mBunreacht a tháinig roimhe sa bhliain 1922. Tacaíodh inti, áfach, le héiteas poblachtach an phríomhúdair, Éamon de Valera, maidir le ceannas a fháil ar Thuaisceart Éireann agus Uachtarán na hÉireann a cheapadh mar cheann stáit. Lena chois sin, cuireadh bille méadaithe um chearta leis agus tugadh Éire ar an stát.

Coinníodh an struchtúr cúirte i mBunreacht 1937 agus arís nuair a athbhunaíodh na cúirteanna sa bhliain 1961 trí Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) .

Chuir Acht Phoblacht na hÉireann, 1948 an briseadh leis an mBreatain i gcrích. Foráladh ann go dtabharfaí Poblacht na hÉireann ar an stát agus tarraingíodh as an gComhlathas faoin acht seo í.

21ú hAois

21ú hAois

Go luath sa 21ú haois, ní raibh an Chúirt Uachtarach in ann freastal ar na cásanna achomhairc ar fad a bhí ag teacht ón Ard-Chúirt. Mhol grúpa oibre cúirt nua a thabhairt isteach chun achomhairc i gcoinne bhreithiúnais na hArd-Chúirte a éisteacht, rud a thug deis don Chúirt Uachtarach plé le cásanna a raibh tábhacht bhunreachtúil leo.   Bunaíodh an Chúirt Achomhairc i mí Dheireadh Fómhair 2014 dá bharr sin, tar éis an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht.

Tá reacht roimh 1922 agus dlí coiteann fós i bhfeidhm sa mhéid go bhfuil siad i gcomhréir leis an mBunreacht.

D’éiligh ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach tuilleadh leasuithe ar an mBunreacht, méid ceannais a thabhairt suas agus tús áite a thabhairt do dhlí na hEorpa seachas don dlí náisiúnta.  Cuireadh leasú suntasach i gcrích de bhun Chomhaontú Aoine an Chéasta, nuair a bhain Éire a héileamh críche ar Thuaisceart Éireann agus cuireadh prionsabal na haontachta de thoil ina áit.