I rith stair na hÉireann, bhí cúirteanna ina n-ionaid thábhachtacha riaracháin agus phobail. Agus ó thaobh na hailtireachta de, léirítear na luachanna is fearr de shochaí eiticiúil iontu

An t-am ba luaithe

An t-am ba luaithe

Is dóigh gur réitigh a bhí sna chéad chúirteanna in Éirinn; áiteanna neamhshainithe ina raibh daoine in ann teacht le chéile chun breithiúnas a thabhairt agus imeachtaí ceiliúrtha a reáchtáil.  D’fhéadfadh sé gur cuireadh Dlíthe an Fhéineachais sa ré réamh-Normannach i ráthanna agus traidisiún an-sean de thionóil á chaomhnú acu.

Cuireadh an córas feodach i bhfeidhm sna Meánaoiseanna agus chinntigh sé go raibh Éire ar aon dul le tíortha eile san Eoraip, a bheag nó a mhór. Cruthaíodh flúirse cúirteanna freisin; eaglasta, ríoga agus cathartha, mar gur roinneadh cumhacht dlí idir grúpaí sainleasa.

Úsáideadh an Halla Mór i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le haghaidh cúirteanna, agus seans gur baineadh an úsáid chéanna as na hallaí mór i gCaisleán Eas Géitine, Co. Luimnigh, nó i gCaisleán Bhaile Átha Troim, Co. na Mí. Sna caisleáin seo, ba leor leagan amach an troscáin a athrú chun seomra cúirte a réiteach. Bhí a gcuid cúirteanna féin ag na Saoirsí i mBaile Átha Cliath. Cuireadh ceart dlí i bhfeidhm i mbailte i hallaí baile.

An t-am ba luaithe

Tagann Patrúin Nua chun cinn

Tagann Patrúin Nua chun cinn

Le linn phlandálacha Bhanríon Éilis agus Rí Séamas, tháinig patrún chun cinn maidir le foirgnimh a bhí le húsáid don chúirt - agus na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, agus Tithe Seisiún scaipthe ar fud na tíre.

Scaip tithe cúirte a bhí cosúil le chéile ó thaobh stíle de de réir mar a d’fhorbair bailte nua agus de réir mar a tharla an fás uirbeach.

Bhí gnóthaí Angla-Éireannacha i réim i stair na hÉireann idir 1690 - Cath na Bóinne - agus an Gorta Mór, ó thaobh na polaitíochta de agus ó thaobh an chultúir scríofa agus fhísiúil de, go háirithe maidir leis an ailtireacht agus pleanáil uirbeach.

Tá áit ag tithe cúirte sa chomhthéacs seo.  Foirgnimh phoiblí laistigh de phleananna nua baile a bhí iontu agus dearadh iad ach gnéithe den ailtireacht Chlasaiceach a úsáid ar bhealach intuigthe agus soiléir – tugadh ‘Clasaiceach’ uirthi mar gurbh í ailtireacht na linne í ach mar gur léiríodh inti an fhírinne agus smaointeoireacht réasúnach; roghnaíodh an fhoirm sin ar chúiseanna stíle, mar dhea, ach léiríodh cultúr láidir morálta inti freisin.  

Tá sé tábhachtach cuimhneamh ar an gcaoi gur annamh a úsáideadh mar chúirteanna amháin iad, mar go raibh feidhmeanna breise sibhialta nó rialtais acu. I gcultúr polaitiúil an trátha, bhí cumhacht riaracháin gach contae ag teaghlaigh áitiúla a rith a bhfeod trí Ard-Ghiúiré a raibh Mórsheomra Giúiré acu i dteach cúirte an chontae. Bhí tionchar láidir aige seo, a tháinig roimh an gcomhairle contae, ar phlean na dtithe cúirte ós rud é gur theastaigh spás agus rochtain fhoirmiúil ón Ard-Ghiúiré.

Réabhlóid de réir a chéile

Réabhlóid de réir a chéile

Bhí dlúthbhaint idir stair ailtireachta na dtithe cúirte ar feadh na tréimhse agus forbairtí sa Bhreatain. Bunaíodh seomraí cúirte ar leith do chásanna sibhialta agus coiriúla, chomh maith le hoifigí coimhdeacha, spás do bhreitheamh agus do ghiúiré agus forbraíodh patrúin chúrsaíochta ar leith chun an breitheamh, an giúiré agus an cúisí a scaradh ó chéile - ráiteas cumhachtach agus comhfhiosach le linn ré ina raibh caighdeáin éiginnte.

De réir mar a leathnaíodh an scéim, tháinig an ailtireacht in aibíocht freisin - léiríodh é seo san aistriú chun cloch a ghearradh agus i ngairmiúlacht na dtógálaithe, idir cheardaithe agus ghnólachtaí ailtireachta láncháilithe, agus a sainchúram á úsáid acu chun oibreacha a raibh seasamh idirnáisiúnta acu a chur i gcrích. D’fhorbair stíl na hailtireachta - tháinig an stíl Chlasaiceach Cheardaí ar dtús, tháinig an stíl Phallaidiach ina dhiaidh sin, agus ba í an stíl Nuachlasaiceach an stíl ab éifeachtaí, d’oir cumhacht na siméadrachta soiléire agus seicheamh plean foirmiúil go díreach don teach cúirte.

Chomh maith le tithe cúirte dúiche, bhí tithe na cúirte giorra i roinnt bailte beaga. Bhí seomra cúirte amháin sna tithe seo, le linn lár na 1800idí. Bhí dhá chineál tí ann de ghnáth - an teampall Clasaiceach agus an seomra cúirte taobh thiar de (amhail an seanteach cúirte Muine Bheag, Ceatharlach, nó i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí), agus an ‘teach’ Seoirseach ag a raibh ingearchló cúig bhá agus díon gabhail éadain thar íoslach eisléire ina raibh cillíní agus seomra na cúirte os cionn an íoslaigh seo (faightear samplaí maithe i Lios Tuathail, Co. Chiarraí, agus i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin).

Bhí leagan amach sheomra na cúirte – agus rochtain thimpeallach do gach rannpháirtí – tábhachtach: shuigh an breitheamh in airde ag taobh amháin agus bhí an pobal thíos faoi; tugadh an cúisí aníos chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseoirí agus trócaire an bhreithimh agus an ghiúiré (b’fhéidir).

Seanteach Cúirte i Muine Bheag, Ceatharlach

Teach Cúirte Lios Tuathail

Éire Victeoiriach go dtí an lá atá inniu ann

Éire Victeoiriach go dtí an lá atá inniu ann

Ag deireadh na ré Victeoiriaí, tógadh institiúidí taibhseacha amhail Teach Cúirte Dhún Laoghaire (halla an bhaile agus teach cúirte le chéile - cé nár úsáideadh mar theach cúirte riamh sa deireadh é) agus Teach Cúirte Shligigh, sárshaothar ón Athbheochan Ghotach a rinneadh as go leor píosaí d’fhoirmeacha ní ba shine de chuid Rawson Carroll sa bhliain 1878.

Bhí go leor fothrach ann i ndiaidh Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad agus ba ghá iad a athchóiriú, amhail na Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath, nó a leagadh, amhail Loch Garman (loisceadh sa bhliain 1923 é); rinneadh damáiste dona do na Ceithre Cúirteanna agus athchóiríodh an foirgneamh go cúramach laistigh de chomhthéacs na mbuiséad teoranta. Ní raibh ach acmhainní teoranta ag an Stát nua chun rudaí a thógáil arís agus chuaigh go leor foirgneamh chun raice sa tréimhse ina dhiaidh sin, mar shampla meathadh díonta agus thit síleálacha.

Le blianta beaga anuas, áfach, thapaigh an tSeirbhís Chúirteanna an deis traidisiún seanbhunaithe a fhorbairt, agus thug sí faoi go leor foirgneamh a athchóiriú agus tithe cúirte nua a thógáil do bhailte agus do bhruachbhailte nua.

Teach Cúirte Shligigh, Athbheochan Ghotach

Ailtireacht an 21ú hAois - na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla